CÚRSAÍ SPÓIRT
Ainmhithe ag Imirt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.

Íomhá
Pól Ó Gealbháin ar an gcaid
(le Kman999 ar Flickr)
Íomhá
Mike Tyson
(le Brian Birzer.com ar Flickr)
Íomhá
Peter Stringer ag imirt
(le Peter J. Dean ar Flickr)
Íomhá
Suárez
(le Jimmy Baikovicius ar Flickr)

Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.

Cuireadh i leith pheileadóra de chuid Átha Cliath gur bhain sé sclamh as imreoir de chuid Dhún na nGall i gcluiche sa tsraith náisiúnta peile. Fionraí trí chluiche a leag údaráis an Chumann Lúthchleas Gael d’éiric ar an imreoir a ainmníodh. Shéan an t-imreoir go ndearna sé an gníomh a cuireadh ina choinne agus d’iarr sé achomharc. D’éirigh leis san achomharc sin cheal fianaise agus finnéithe ar son na líomhaine.

Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite. Cibé ar bith, dá bhfaighfí imreoir ciontach i gcoir den chineál seo, cheapfá go mbeadh éiric níos troime curtha air ná fionraí ar feadh trí chluiche.

Oibriú na Draide

Sílim go n-aontódh go leor daoine gur measa go mór plaic a bhaint as imreoir eile ná é a bhualadh le dorn nó le ball eile den chorp. Tá cuma bharbartha, aineolach ar úsáid na draide le hais gníomhartha foréigneacha eile a tharlaíonn i gcúrsaí spóirt. Iompar ainmhithe é fiacail a shá in ainmhí eile, plaic a bhaint as ainmhí eile agus go deimhin béilí a dhéanamh d’ainmhí eile. Ach, ní bhímid ag súil go ndéanfadh daoine é sin ach a mhalairt. Is claonadh i gcoinne ár ndaonnachta é agus bhainfeadh sé stangadh as daoine a leithéid d’iompar a fheiceáil. Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain. Tugadh cead dó dul ag troid arís mar sin féin.

Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís. Bhí an eachtra chomh dona is gur tugadh aird uirthi ar na mórscéalta nuachta teilifíse agus raidió chomh maith leis na scéalta spóirt. Rinne roinnt daoine iarracht leithscéal a dhéanamh do Suárez, á rá go raibh Ivanovic á ghríosadh agus á chiapadh le linn an chluiche, ach dáiríre, ní cóir agus ní féidir cás a dhéanamh ar shon iompair den chineál atá i gceist i gcomhthéacs spóirt. Níorbh é an chéad uair ag Suárez a leithéid de ghnímh a dhéanamh ar ghort imeartha ach in ainneoin sin, bhí saineolaithe sacair á rá go mbeadh éileamh mór agus praghas ard air má shocraíonn club peile Learphoill é a dhíol. Is ait an mac an saol, saol an spóirt san áireamh, gan amhras ar bith.

Uirísle

Cineál eile iompar gránna atá tagtha chun cinn le déanaí is ea seile a chaitheamh le himreoir eile. Tugadh an-aird ar an eachtra inar chaith an t-imreoir rugbaí, Jerome Fillol, de chuid Stade Francais, seile ar Pheter Stringer, iarimreoir de chuid na Mumhan agus na hÉireann, agus é ag imirt le foireann rugbaí Bath. Labhair Stringer faoin eachtra tar éis an chluiche agus dúirt go raibh sé croite go maith ar feadh scaithimh maith tar éis na heachtra. Ní hé an cineál iompair a mbítear ag súil leis ar pháirc rugbaí nuair a chuimhnítear gurb é lucht na haicme uaisle a imríonn an rugbaí de réir an traidisiúin. Ach, an té a bhaist ‘cluiche d’amhsóirí á imirt ag fir uaisle’ ar an rugbaí (agus ‘cluiche fear uasal á imirt ag amhsóirí’ ar an sacar), is dóigh nár shamhlaigh sé an saghas iompar uiríseal atá feicthe againn ar pháirceanna sacair agus rugbaí le tamall anuas.

Rinneadh iarrachtaí leithscéal a dhéanamh ar son an imreora rugbaí de chuid na Mumhan agus na hÉireann, Pól Ó Conaill, tar éis dó cic dhamanta a thabhairt do chloigeann Dave Mac Cearnaigh de chuid foireann Laighean. Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am. Glactar le prionsabal i gcúrsaí spóirt nach cóir gníomhú in aon slí atá ródhíbhirceach a d’fhéadfadh beatha imreora eile a chur i mbaol. D’fhéadfaí a rá go raibh Ó Conaill ródhíbhirceach nó ródhíograiseach ina chuid iarrachtaí leis an liathróid a imirt agus gur chuir sé imreoir eile i mbaol. Is é an taobh is measa den scéal nár iarradh ar Ó Conaill teacht os comhair choiste smachta le míniú a thabhairt ar an méid a tharla. Níor ghlac údaráis an rugbaí seasamh cuí i leith sábháilteacht imreoirí, dar le cuid mhaith tráchtairí.

Is é an teachtaireacht is mó a thagann as na heachtraí seo ar fad dar liom ná go mbíonn údaráis spóirt, i gcóngar is i gcéin, atá freagrach as sábháilteacht imreoirí, faillíoch agus mífhreagrach rómhinic nuair a tharlaíonn drochghníomhartha ar pháirceanna spóirt. A fhad is bheas na húdaráis bog, leamh nó patuar maidir le hiompar uiríseal agus contúirteach, ní thiocfaidh aon athrú ar iompar imreoirí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.