CÚRSAÍ SPÓIRT
A Chúlra i gCLG a Spreag Paul McGinley
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

Chuaigh Gráinne Campion ag fiosrú scéil Paul McGinley i gcuntas an duine a bhfuil sáraithne air ón am a ghabh sé bróg, a athair, Michael Mc Ginley.

Íomhá
Naomh Mhícheál Dhún Fhionnachaidh & Cill Chártha anuraidh
(RG McFadden ar Flickr)
Íomhá
Paul le Corn Ryder
(le Cumann Gailf na Gráinsí, Ráth Fearnáin)
Íomhá
Pádraig & Paul le Corn an Domhain
(le Cumann Gailf na Gráinsí, Ráth Fearnáin)

Aitheantas ar a éachtaí éagsúla in imeacht na mblianta − agus ar a chumas mar chaptaen foirne –ab ea ainmniúchán Paul Mc Ginley ina chaptaen do Chorn Ryder 2014. Nuair a fógraíodh go mbeadh sé ina chéad Éireannach riamh le bheith ina chaptaen ar an Chorn Ryder, scaoil sé rún a ratha leis an saol mór:

“Is sa spórt foirne is mó atá spéis agam; cuireadh tús leis ar fad le peil Ghaelach,” a dúirt sé ag preasagallamh nuair a ghlac sé leis an chúram nua.

Is é Corn Ryder, ceann de na comórtais foirne is mó ar domhan, suas is anuas le 900 milliún a bhíos ag breathnú air. Níl amhras ar bith ann go mbeidh dúshláin go leor ann, ach cabhróidh a thaithí foirne leis agus é ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo. Nuair a bhíonn sé i measc foirne, bíonn sé i gcónaí ag brú chun tosaigh dar leis. Tá sé cinnte dearfa go mbaineann sé sin “le laethanta m’óige ag imirt peil Ghaelach mar spreagann sé thú.”

Níl aon amhras faoi sin mar chaith sé cuid mhaith dá óige a imirt a deir a athair, Michael Mc Ginley. “Bhí tionchar mór ag peil Ghaelach ar Paul agus is dóigh go mbeidh i gcónaí. D’imir sé peil ar son Chumann Naomh Mhícheál i nDún Fionnachaidh, m’áit dúchais. D’aistrigh sé go CLG Baile Buadáin Naomh Éanna a bhí níos gaire don bhaile s’againne i Ráth Fearnáin agus é thart ar aois a 15” deir sé.

Pádraig Harrington, ina Chúl Báire

Is é Gerry O Sullivan a bhí ina oifigeach caidrimh phoiblí ag CLG Baile Buadáin ag an am. Is cuimhin leis “go raibh sé gafa leis an spórt, d’imir sé ar chaighdeán ard agus gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne. Bhí Pádraig Harrington ina chúl báire ar an fhoireann agus bhí siad iontach ag comhoibriú in éineacht” a deir sé.

De réir a athar, bhíodh “dúil aige sa ghalf agus bhí cis aige a bhí thart ar a naoi nó a deich. Bhí an t-ádh dearg air go raibh suim aige sa ghalf mar níor mhair an pheil chomh fada agus ba mhaith leis. Bhí sé ag imirt i gCill Bharróg nuair a fuair sé buille de chamán, ar mhí-ámharaí an tsaoil a bhris cnámh a ghlúine agus caithfidh mé a rá gur réab sé a chroí mar gurbh í an pheil Ghaelach an rud ab ansa leis ag an am.”

Mar thoradh ar an bhac a cuireadh air ní raibh sé in innimh traenála agus dúradh leis nach mbeadh an neart céanna aige sa leathghlúin arís. Bhí a chroí go mór istigh ann agus bhí sé ag déanamh an-dul chun cinn mar bhuaigh sé bonn faoi 21 don chontae. Ní raibh an dara rogha aige ach an pheil a fhágáil ina dhiaidh,” a deir an t-athair.

Rinne Mc Ginley féin trácht ar laethanta a óige in agallamh a rinne sé le Highland Radio i dTír Chonaill. “Ba bhreá liom imirt ar fhoireann Bhaile Átha Cliath os comhair na sluaite móra a fhaigheann siad ag chuile chluiche. Ní féidir liom an iomarca béime a chur ar an tionchar a bhíonn ag an mhothúchán seo orm nuair a imrím i bhfoireann mar cruthaíonn sé nasc le m’óige” a deir sé ar Highland Radio.

Crios Sómais an Duine

Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire. Baineann sé le ‘crios sómais an duine’ nuair is cuid de fhoireann thú. Tagraíonn Kernan don mhothú seo a cheanglaíonn Mc Ginley le himirt foirne: “Nuair a bhíonn ról foirne agat, níl tú id’ aonar. Tá daoine ann gurbh fhéidir leat brath orthu. An rud is tábhachtaí, áfach dar le Steven, ná nach ar mhaithe leat féin atá tú ag lorg an buzz buacach seo ach is ar mhaithe leis an fhoireann atá sé.”

gaol lárnach ag teaghlach Mc Ginley le CLG le blianta, ach go háirithe le foireann Dhún na nGall agus leis an bhainisteoir foirne Jim Mc Guinness. Tá Jim chun comhairle cuidithe a thabhairt do Mc Ginley mar chaptaen, faoi aigne foirne. “Beidh Jim in ann tógáil ar an taithí foirne atá ag Paul, ach thairis sin, beidh sé in ann tagairt a dhéanamh do na beartais a chuir sé i bhfeidhm mar bhainisteoir ar Dhún na nGall agus atá anois ag cuidiú le foireann Celtic,” dar le Michael Mc Ginley. Is beag duine eile a bhfuil aithne chomh maith sin aige ar Mc Ginley is atá ag a athair Micheal. Tá sé den tuairim go raibh “tréithe an chaptaein i gcónaí le brath ann. Tá pearsantacht aige a ghlacann le chuile rud. Níl aon easpa acmhainn grinn air, is breá le daoine a bheith ina chomhluadar, tá sé go hiomlán compordach mar cheannaire, spreagann sé daoine, tá sé tuisceanach agus bíonn sé i gcónaí ionraic.”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.