CÚRSAÍ SPÓIRT
Idir an Pholainn agus an Úcráin
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.

Íomhá
Robert Ó hIfearnáin arú anuraidh
(le Franz Richter ar Vicipéid)
Íomhá
I ndiaidh blianta fada traenála agus troideanna, Katie Taylor
Íomhá
Trappatoni le Marco Tardelli
(le Jack Pollack ar Vicipéid)

Bíonn barraíocht spóirt ann scaití - peil, rugbaí, iomáint, galf, dornálaíocht, liathróid láimhe, rásaíocht capall, cúnna, carranna, rothar, bád agus eile, lúthchleasa, leadóg, snúcar, cispheil, eitpheil, haca, cruicéad agus mar sin de. Deamhan dochar ann dáiríre, cé go meallann sé cuid de na daoine isteach sna tithe tábhairne, coinníonn sé cuid eile amach astu. Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus Euro 2012 sa Pholainn/ Úcráin.

Tráthúil go leor, tarlaíonn sé gur san Eoraip a bheas an dá fhéile spóirt seo ar siúl agus iad gar go maith d’Éirinn le go mbeidh lucht leanúna in ann freastal orthu. B’fhéidir nach rud maith é sin ar fad i gcomhthéacs na dífhostaíochta agus an ghanntanas airgid i measc mhuintir óg na tíre seo. An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.

Pé scéal é níl aon amhras ná go mbeidh fiabhras an tsacair go láidir i rith na míosa seo agus lucht leanúna ag gríosú a gcuid laochra, bídís ar an láthair nó os comhair na teilifíse sa teach tábhairne nó sa bhaile.

An Deis Chéanna ag Cách

Cén seans atá ag foireann Phoblacht na hÉireann sa chomórtas seo ar aon chaoi? Freagra amháin ar an gceist sin ná an deis chéanna is atá ag gach foireann eile ach tuigimid ar fad gur ag na tíortha móra (an Spáinn, an Iodáil agus an Ghearmáin, a bhfuil seacht gcinn de chraobhacha buaite acu eatarthu as na trí cinn déag ó bunaíodh an comórtas i 1960), atá an buntáiste maidir le togha agus rogha na n-imreoirí. Má éiríonn le foireann na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh as an rannóg ina bhfuil siad leis an Spáinn, an Iodáil agus An Chróit, beidh éacht nach beag déanta acu.

É sin ráite, léirítear arís is arís eile go bhfuil an spórt éiginnte agus nach mar a shíltear a bhítear go minic. Gan choinne dá laghad leis, bhuaigh an Danmhairg i 1992 agus an Ghréig in 2004 . Dá bhrí sin, tá deis ag foireann Phoblacht na hÉireann i gcónaí gaisce a dhéanamh (a) má bhíonn an t-ádh leo maidir le nithe éagsúla ar nós cinntí réiteora agus imreoirí a bheith i mbarr a sláinte (b) má oibríonn plean agus beartas an bhainisteora an freasúra a chur den scóráil ina coinne agus (c) má imríonn siad leis an spreacadh agus leis an gcroí céanna a bhíonn ag foirne na hÉireann de ghnáth agus a bhfuil béim leagtha air ag an mbainisteoir Trappatoni. Is cluiche é an sacar ina theannta sin ina dtarlaíonn sé minic go maith go mbuann foireann nach bhfuil chomh maith ar a lán bealaí leis an bhfreasúra. Ní gá ach bua Chelsea i Sraith na Seaimpíní a luadh mar shampla.

Katie Taylor agus Slua Eile

Maidir leis na Cluichí Oilimpeacha, beidh muintir na hÉireann ag súil go n-éireoidh le lúthchleasaithe éagsúla na tíre dul chun cinn a dhéanamh sna spóirt éagsúla a mbeidh siad páirteach iontu. Tuigimid ar fad gur deacair do thír bheag ar nós na hÉireann boinn a bhuachan agus nach dtarlóidh sé go minic go mbuafaidh ach bímid dóchasach i gcónaí. Dáiríre, an té a shroicheann craobh, rás ceannais, nó babhta ceannais, beidh éacht mór millteach déanta aige/aici cheana féin.

Ina measc siúd a bhfuil seans acu bonn a bhuachan tá na dornálaithe go léir (mar is iondúil), lucht na gcapall, Gráinne Ní Mhurchú (snámh), Nicolas de Róiste (rothaíocht), Derval Ní Ruairc (rith), Robert Ó hIfearnáin (siúl), Analise Ní Mhurchú (seoltóireacht), Peter O Leary agus David Burrows (seoltóireacht), David Gillick (rith). Beidh chuile dhuine in Éirinn ag súil, gan amhras, go mbuafaidh Katie Taylor bonn óir i ndornálaíocht na mban. Is fíor gurb í Katie Taylor an t-imreoir is fearr atá ag an tír seo faoi láthair ó thaobh spóirt idirnáisiúnta de. Níl a sárú ar domhan le fáil, tá sé chomh simplí leis sin. Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín. Tá fear maith sa chúinne aici (a hathair Pete) agus tá an t-ullmhúchán déanta. Mian a croí ó bhí sí ina cailín óg a bheith páirteach sna cluichí Oilimpeacha. Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici agus cá bhfios nach é an sméar mullaigh a bheas ar an scéal an bonn óir a bhuachan?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.