CÚRSAÍ SPÓIRT
Seán Ó Mainnín: Rocky Ros Muc
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag léamh leabhair a chaitheann solas lonrach ar fhear a chaith blianta le gairm na dornálaíochta i Meiriceá, fear a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir a linne laistigh agus lasmuigh den chró.

Íomhá
Seán ag réiteach do throid Bert Lee in Irvine, CA 1985
(le Rónán Mac Con Iomaire ar Flickr)
Íomhá
'Rocky Ros Muc, Seán Ó Mainnín' le Rónán Mac Con Iomaire
(Cló Iar-Chonnacht)
Íomhá
Angelo Dundee
(le Unibond ar Vicipéid)
Íomhá
Údar an leabhair, Rónán Mac Con Iomaire, ag an seoladh

‘.. an fear a ndearna dornálaíocht na hÉireann dearmad air ..’

Is é an rud is annamh is iontach, leabhar i nGaeilge le téama spóirt a theacht amach agus is é sin atá i ‘Rocky Ros Muc Seán Ó Mainnín’ le Rónán Mac Con Iomaire (Cló Iar-Chonnacht). Ní thagann chugam ach ainm leabhair amháin eile dá leithéid, is é sin ‘Lá an Phaoraigh’, scéal Sheáin Óig de Paor, iarpheileadóir de chuid na Gaillimhe, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2007 (léirmheas de ar Beo Samhain 2008). Is é an trua easpa leabhar spóirt i nGaeilge a bheith ann agus an oiread sin suime ag muintir na hÉireann, lucht na Gaeilge san áireamh, in ábhar spóirt de gach cineál.

Is cóir fáilte a chur roimh ‘Rocky Ros Muc’, ní hamháin toisc gur i nGaeilge atá sé, ach toisc gur leabhar den scoth é atá scríofa ar modh soiléir an iriseora mhaith. Is é is ábhar don leabhar scéal Sheáin Uí Mhainnín, an dornálaí cáiliúil as Ros Muc i nGaeltacht Chonamara a raibh 42 bua as 57 troid ghairmiúil aige, nár leagadh go talamh riamh i gcró na dornálaíochta, a bhí áirithe ar an séú dornálaí ab fhearr ar domhan sa ghrád meánmheáchan éadrom agus a throid in aghaidh Mike Mc Callum as Iamáice i Madison Square Garden ar son craobh meánmheáchan éadrom an domhain ar 19 Deireadh Fómhair 1984.

Scríofa le Comhbhá agus le Tuiscint

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil éacht déanta ag an údar Rónán Mac Con Iomaire teacht ar an mioneolas agus ar na sonraí spéisiúla go léir atá sa leabhar faoi dhaoine, ócáidí agus faoi eachtraí éagsúla a bhain go díreach nó go hindíreach le saol Uí Mhainnín mar dhornálaí agus mar imirceach agus a bhain le saol mhuintir ha hÉireann, go háirithe muintir Chonamara, i SAM. Is le comhbhá agus le tuiscint don ábhar agus do na daoine éagsúla a gcastar orainn le linn turas an Mhainnínigh a insítear an scéal. Caitheann Mac Con Iomaire solas lonrach freisin ar shaol crua agus cruálach na dornálaíochta gairmiúla mar a bhí in aimsir Uí Mhainnín agus ar chuid de na carachtair éagsúla idir olc, mhaith agus dhona a thaitíodh an saol sin.

Ar nós go leor dornálaithe eile tháinig Seán Ó Mainnín as cúlra bochtaineachta, cúlra nach raibh mórán deiseanna oibre le fáil agus ar eascair dífhostaíocht agus eisimirce as go leanúnach ó ghlúin go glúin go dtí an lá inniu. Tugann an t-údar ar thuras muid ó Ros Muc, ceantar strácála ó thaobh geilleagair de, ach ceantar a raibh agus a bhfuil saibhreas Gaeilge, saíochta agus traidisiúin ann, traidisiún dornálaíochta san áireamh, chuig Boston agus chuig áiteanna eile i Meiriceá agus ar ais go dtí Ros Muc.

Ba é athair Sheáin a mhúscail spéis sa dornálaíocht sa Mhainníneach óg agus ba é Mike Flaherty as Ros Muc, traenálaí bisiúil agus iarshaighdiúir, a sheol ar thuras na dornálaíochta é. An oíche a d’éirigh Seán Ó Mainnín as a bheith ina dhornálaí gníomhach ag aois 36 bliain i Márta 1993 tar éis troda i gcoinne Terrence Walker (bhí an bua ag Seán) fuair sé amach gur cailleadh Mike an lá céanna. Bhuail uaigneas agus briseadh croí Seán go trom agus dúirt: “Thosaigh muid amach le chéile agus chríochnaigh muid le chéile”.

Ach, taobh amuigh de chúrsaí dornálaíochta, cuirimid aithne ar Sheán Ó Mainnín, an duine: an buachaill óg a raibh aisling aige a bheith mar churadh an domhain ar nós a laoich, Muhammad Ali; a d’fhág a cheantar dúchais ina fhear óg agus é ina sheaimpín amaitéarach ar Éirinn agus a chuaigh go Meiriceá ar thóir na haislinge, ach nár fhág an baile riamh ina chroí istigh. É i gcónaí dílis agus ceangailte dá mhuintir, dá chairde as Ros Muc agus as Gaeltacht na Gaillimhe, é mórtasach as an nGaeltacht agus as an nGaeilge – chomh bródúil sin is gur dhiúltaigh glacadh le hairgead mór ó chuideachta áirithe dá gcuirfeadh sé feathal na cuideachta ar a bhrístí in ionad ‘Ros Muc’ mar a bhí aige go dtí sin. Fear a d’áitigh gurb é a dheartháir Paddy a bheadh sa chúinne cró leis i gcónaí in ainneoin gur admhaigh Paddy féin nárbh é an duine ab fhearr don ghnó ach bhí sé tábhachtach do Sheán an guth sin, guth duine muintire, ag fógairt air i nGaeilge Chonamara agus é i mbun troda. Fear a dúirt roimh an troid mhór le McCallum nuair a bhí sé socraithe in gan fhios dó ‘The Soldier’s Song’ a sheinm:

Barbara (Baib Sullivan) is singing and she’s singing in Irish or else there’s no fight”.

Chomh Maith le Duine ar Bith Acu

Laoch de chuid mhuintir Ros Muc, Chonamara agus Boston ab ea Seán Ó Mainnín agus is ea fós, ach, deir an t-údar gurb é ‘an fear a ndearna dornálaíocht na hÉireann dearmad air’. Bhí fáthanna leis sin – i Meiriceá is mó a throid sé, ní raibh troid ghairmiúil aige riamh in Éirinn agus an dá throid is measa a bhí aige bhíodar beo ar an teilifís. Bhí mí-ádh ar Sheán freisin: comhluadar Gael agus óil, gortaithe ó am go ham, agus bainistíocht mhífheidhmiúil. Ach, bhí ardmheas ar Sheán i Meiriceá ag am a raibh cuid de na dornálaithe ab fhearr a bhí riamh ann i mbun gnó i ngrád Sheáin:

Marvelous’ Marvin Hagler, Sugar Ray Leonard, Thomas ‘The Hitman’ Hearns, Roberto ‘Lámha Cloiche’ Duran, Wilfred ‘Radar’ Benitez, Mike ‘The Body Snatcher’ McCallum.

Bhí sé chomh maith le duine ar bith acu ach ní bhfuair sé ach t-aon deis aon uair amháin de bharr bainistíocht leibideach.

’Sé a dúirt Angelo Dundee, traenálaí Muhammad Ali, agus traenálaí Sheáin tamall:

Seán is one real good fighter. He’s a boxer. Very strong, but very smart. If only I had gotten him when he was 20 instead of 30 … He’d have been a champion, no question about it”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.