tabhair freagratabhair freagra #1 Donncha 14 Feabhra 2014, 18:02 GMT
Mé ag léamh 'Rocky Ros Muc' faoi láthair agus an rud is annamh is iontaí: mé ag baint suilt as leabhar nuascríófa i nGaeilge breá soiléir. Tá an moladh sa léirmheas tuillte go maith ag an leabhar. Cé nach bhfuil mórán spéise agam sa dornálaíocht, tá an leabhar seo spéisiúil dom. Téann Rónán ar chúl na scéalta agus tugann sé blas den caimiléireacht, blas de shaol cruatain an dornálaí gairmiúla, agus blas de phobal Ghaeltachta i mBoston, tré scéal Sheáin Uí Mhainnín a inseacht le ionracas. Ní naomh é Seán sa leabhar seo ach ní deabhal é ach an oiread.

Is scéalaí nádúrach é Rónán Mac an Iomaire. Súil agam go mbeidh neart leabhar eile ag tíocht uaidh.
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 21 Feabhra 2014, 12:07 GMT
Aidhe! Bhfuil sé fíor go bhfuil ráchairt ar an leabhar ó mhuintir Chonamara?
tabhair freagratabhair freagra #3 AnFearGanAinm 23 Feabhra 2014, 15:40 GMT
Táim ag súil mór leis an leabhar seo a léamh.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!