CÚRSAÍ SPÓIRT
Na Cathasaigh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainnei ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta. Chuir Colm Mac Séalaigh spéis iontu.

Íomhá
Dealbh cré-umha de Steve Crusher Casey a rinne Alan Ryan Hall sa tSnaidhm
(le Alan Ryan Hall ar Vicipéid)
Íomhá
Clann Mhic Fhionnlaoich
Íomhá
The Legendary Casey Brothers, leabhar Hudson & Casey
(le Collins Press)
Íomhá
Dara Ó Sé ag gabháil na caide
(le KMan999 ar Flickr)

Is iomaí club iomána, peile, cispheile agus eile ar fud na tíre a mbíonn deartháireacha agus/nó deirfiúracha ag imirt leo. Go deimhin is minic a bhíonn clubanna ag brath ar thrí nó ar cheithre theaghlach le foireann a bheith acu.

Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann. An cumann ar bhain mé féin leis, Cumann Báire Caoimhín, a bunaíodh i 1902 i mBaile Átha Cliath, d’imir seisear deartháireacha de mhuintir Mhic Fhionnlaoich ar an bhfoireann iomána sna 1930í: Feargus, Conall, Caoimhín, Dúbhglas, Maelíosa agus Aodán.

Maidir le foirne contae, tá roinnt mhaith samplaí ann de bheirt deartháireacha nó deirfiúracha a bheith ag imirt le chéile, ach is annamh a bhíonn níos mó ná sin. Tá a leithéidí ann mar sin féin agus fathaigh de chuid na hiomána agus na peile is ea cuid acu: Nicky, Billy agus Bobby Mac Riocaird (Loch Garman); Dan, John agus Martin Ó Coigligh (Loch Garman); Dara, Tomás agus Marc Ó Sé (Ciarraí); John, Joe agus Michael Ó Conghaile (Gaillimh); Pat, Ger agus John Mac Éinrí (Cill Chainnigh); Joe, Johnny agus Billy Ó Dúlaoich (Uíbh Fháillí).

An Teaghlach Neartmhar Buacach

Ach cérbh iad an chlann nó an teaghlach ab fhearr riamh ó thaobh cúrsaí spóirt in Éirinn? Ní bheadh freagra agamsa ar an gceist sin marach leabhar a tháinig i mo threo ar na mallaibh. Leabhar é ina ndéantar cur síos ar chlann ar leith, clann mhac Michael ‘Big Mick’ Uí Chathasaigh agus Bridget Ní Shúilleabháin as an mBealach in aice leis An tSnaidhm i gcontae Chiarraí. Clann ina raibh seachtar deartháireacha a bhain clú agus cáil amach in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá agus ar bronnadh gradam Dámhachtain na Laochra in Éirinn orthu sa bhliain 1982 de bharr a gcuid gaiscí spóirt.

Cé go raibh sé ina nginealach a bheith mór, láidir, crua, níl amhras faoi ach gur chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo a bheith níos láidre agus an-aclaí. Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iadag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh. Thiocfadh leo dul in airde ar rothar agus rothaíocht leo ar bhóthar fíorgharbh ach ba é a rogha an turas a dhéanamh sa bhád.

Is Iomaí Cor sa Saol

Anuas air sin, ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus iad ina ngasúir ná iomrascáil, castaíocht nó coraíocht, iad i ngleic lena chéile ar urlár cré an tí nó taobh amuigh sa gharraí. Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh. Bhí cáil ar ‘Big Mick’ Ó Cathasaigh é féin bheith tugtha don iomrascáil nó don choraíocht, don trodaireacht gan rialacha más maith leat, agus don rámhaíocht agus níor cheil sé a chuid scileanna ar a chlann mhac agus iad ag fás aníos.

D’fhás na buachaillí suas gan mórán de mhaoin an tsaoil acu agus maidir le cúrsaí spóirt ní léir go raibh deiseanna sa cheantar ina raibh cónaí orthu de thoradh na hiargúltachta a bheith ag imirt peile nó caide faoi mar a bhíodh fir óga eile timpeall chontae Chiarraí. Ach, pé acu a raibh peil nó caid á himirt sa cheantar nó nach raibh, is le hiomrascáil agus le rámhaíocht is mó a chuadar agus iad ina bhfir óga, fhásta.

An Crusher Casey

Curaidh, sáriomaitheoirí spórtúla ab ea deartháireacha Uí Chathasaigh agus is mó duais, gradam agus craobh a bhuadar ar fud na cruinne sna blianta úd sa chéad leath den 20ú aois. Curaidh neamhchloíte na hÉireann sa choraíocht éadrom-mheáchain agus trom-mheáchain ab ea Paddy agus bhuaigh sé mórán rásaí fada rothaíochta in Éirinn chomh maith. Bhí Dan ina churadh rámhaíochta agus tarraingt téide. Sáriomróir ab ea Jack. Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain. Bhuaigh Jim craobhacha Cheanada agus Mheiriceá Theas sa choraíocht. Thar thréimhse scór blianta, throid Mick i mbreis agus 200 babhta coraíochta gairmiúla. Agus ba é Steve, an ‘Crushermar a baisteadh air, curadh neamhchloíte an domhain sa choraíocht. Maidir le rámhaíocht, níor buaileadh riamh foireann na gCathasach in aon rás foirne.

Tá scéal mhuintir Uí Chathasaigh iontach suimiúil agus spreagúil agus tá an t-eolas ar fad sa leabhar ‘The Legendary Casey Brothers’ le Jim Hudson, in éineacht le Jim Casey, a d’athfhoilsigh The Collins Press 2013. Tugtar ann léargas grinn ar shaol spórtúil nach bhfuil a leithéid ann níos mó. Is fiú é a léamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.