AR NA SAOLTA SEO
Saorfaidh an Fhírinne Sinn
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Ciorann Maidhc Ó Cathail dorchlaí rúndiamhara Oifig Feidearálach an Imscrúdaithe faoina nós gobán a chur ar chuid dá muintir féin. Bean darb ainm Sibel Edmonds a coinníodh ciúin sa chás seo.

Íomhá
Matthew Emonds, fear Sibel
Íomhá
Douglas Dickerson
Íomhá
Ann Beeson, dlíodóir Sibel Edmonds
Íomhá
Marc Grossman

D’athraigh gach rud ar 11 Meán Fómhair, 2001 - nó sin an scéal a insítear dúinn ar aon nós. Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.

Naoi lá i ndiaidh ionsaithe 9/11, thosaigh Sibel Edmonds ag obair mar aistritheoir Tuircise agus Fairsise leis an FBI i Washington D.C. Smaoinigh sí ag an am go bhféadfadh sí ionsaí eile a sheachaint, b’fhéidir. Níorbh fhada gur thug sí faoi deara, áfach, nach raibh gach duine a bhí ag obair ann ar aon intinn léi.

Agus í i mbun a cuid oibre nua, tháinig Edmonds ar dhoiciméid a bhain leis na hionsaithe ar a raibh “not pertinent” scríofa orthu. Bhí cáipéis eile drochaistrithe, dar léi. Anuas air sin, bhí sí amhrasach faoi chomhghleacaí dá cuid, Melek Can Dickerson, Turcach mná a bhíodh ag obair roimhe sin leis an gComhairle Meiriceánach-Turcach (ATC), a bhí faoi imscrúdú ag an FBI le blianta maidir le gáinneáil drugaí (is é an Tuirc an próiseálaí óipiam is mó ar domhan), breabanna a thabhairt do pholaiteoirí, agus as gníomhartha amhrais eile nach iad.

Bunaíodh an ATC i 1994 le leas na Tuirce a chur cinn sna Stát Aontaithe. Bunaithe ar shampla AIPAC, an brúghrúpa Iosraelach, bhí go leor Meiriceánach mór le rá a raibh baint acu leis an gcaidreamh Iosrael-An Tuirc i measc bunaitheoirí an ghrúpa, ar nós Henry Kissinger, Brent Scowcroft, Richard Perle agus Douglas Feith.

Tost Comhcheilge

Maidin Domhnaigh amháin, thug Melek Can agus a fear chéile, Douglas, maor in Aerfhórsa SAM a chaith blianta ina attaché míleata sa Tuirc, cuairt gan choinne ar mhuintir Edmonds. Labhair Douglas faoin “líonra de chairde mór le rá” sa phobal Turcach a bhí aige agus mhol sé do Sibel gabháil leis an ATC. D’inis sé dóibh, dar le fear chéile Sibel, Matthew, dá ndéanfaidís amhlaidh, go mbeadh siad go maith as agus nach mbeadh orthu obair a thuilleadh.

Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste. Thug seisean neamhaird ar imní Sibel, áfach, agus mhol sé di dearmad a dhéanamh de. Mar sin féin, lean sí uirthi ag labhairt amach faoin scéal le daoine uachtaracha san FBI. Ach in ionad imscrúdú a chur ar bun maidir lena líomhaintí tromchúiseacha, bhris an FBI as a post í ag deireadh Mí Márta, 2002.

Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta. Is faisnéis rúnaicmithe gach a bhaineann le cás Edmonds ó shin i leith. Thug an tAontas Meiriceánach um Shaoirsí Sibhialta (ACLU) “the most gagged person in the history of the United States” uirthi.

Forcheilt

Coinníodh Edmonds ina tost ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin go dtí gur cuireadh an Coimisiún um 9/11 ar bun i 2004. Nuair a d’inis Condoleezza Rice, comhairleoir slándála náisiúnta Bush, don Choimisiún nach raibh coinne ar bith ag an rialtas go mbainfí leas as eitleáin mar a rinne na fuadaitheoirí, thug Edmonds “an outrageous lie” air, agus b’éigean do Rice a admháil go raibh a leithéid d’eolas acu.

Cé gur thug Edmonds í féin fianaise a mhair ar feadh trí uair go leith don Choimisiún i gcomhdháil iata, ní raibh ach bun-nóta amháin faoin méid a d’inis sí dóibh sa tuarascáil 571 leathanach a d’fhoilsigh siad.

Mar a d’fhiafraigh aturnae Edmonds, Ann Beeson, de chuid ACLU: “Just what in the world is the government trying to hide?”

I ndiaidh 9/11, cheistigh an FBI roinnt gníomhairí eachtracha maidir leis na hionsaithe. D’inis Edmonds don Sunday Times anuraidh gur chuala sí Turcach a raibh an FBI ag faire air ag rá ar an nguthán le duine céimiúil i Roinn an Stáit faoi ceathrar amhrastach:

We need to get them out of the U.S. because we can’t afford for them to spill the beans.”

Dar le Edmonds, “The official said that he would ‘take care of it’.” Scaoileadh agus eiseachadadh an ceathrar amhrastach - Turcaigh agus Pacastánaigh - go luath ina dhiaidh sin.

nár ainmníodh an t-oifigeach i Roinn an Stáit san alt sin dar teideal “For sale: West’s deadly nuclear secrets,” is léir ó fhoinsí inchreidte eile - Antiwar.com ina measc - gurb é an duine a bhí i gceist ag Edmonds ná Marc Grossman.

Maoiniú na sceimhlitheoireachta

D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha. Bhí sé fostaithe in ambasáid SAM sa Phacastáin idir 1976 agus 1983, am go raibh na Stáit Aontaithe ag cur na gcéadta milliún dollar chuig Osama Bin Laden agus chuig na mujahedin tríd an ISI, seirbhís faisnéise na Pacastáine, chun cabhrú le ‘trodaithe na saoirse’ mar a tugadh orthu ag an am, ina bhfrithbheartaíocht in aghaidh an Aontais Shóivéidigh san Afganastáin.

Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus é ar ais sna Stáit Aontaithe mar fhorúnaí stáit um ghnóthaí polaitiúla, chas Grossman le ceann foirne an ISI, an Ginearál Mahmoud Ahmad, díreach roimh 9/11. Bhí go leor cruinnithe ag Ahmad sna laethanta roimh na hionsaithe le hoifigigh sinsearacha SAM, ach de réir alt a foilsíodh sa Phacastáin ar 10 Meán Fómhair, 2001, is é an cruinniú ba thábhachtaí a bhí aige ná an ceann le Marc Grossman. Maidir le hábhar an chruinnithe, thuairiscigh an t-alt: “U.S. sources would not furnish any details beyond saying that the two discussed ‘matters of mutual interests.”

Cibé rud a labhair siad faoi ag an gcruinniú rúndiamhair sin, b’éigean do Ahmad éirí as a phost mí ina dhiaidh sin, nuair a mhaígh nuachtáin san India gur thug sé ordú $100,000 a chur chuig Mohammed Atta, ceann feadhna na bhfuadaitheoirí.

Gnó brabúsach an chogaidh

Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit. Níorbh fhada go raibh post eile faighte aige - ar phá thar a bheith ard.

Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group, gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen. Faigheann The Cohen Group $500,000 in aghaidh na bliana ó Lockheed Martin, an déantóir arm is mó ar domhain, go príomha mar gheall ar ghnó a bhaineann leis an Tuirc. Is baill iad Cohen agus Lockheed den ATC, áit a gcasann siad leis na ginearáil Turcacha a cheannaíonn na hairm - le hairgead ó cháiníocóirí Mheiriceá, ar ndóigh. Ceaptar go bhfuil Grossman ag tuilleamh $3 milliún in aghaidh na bliana faoi láthair.

Is gnó thar a bheith brabúsach é an cogadh, gan amhras. Agus tá borradh mór faoin ngnó ó d’fhógair George W. Bush “Cogadh i gcoinne na Sceimhlitheoireachta” i ndiaidh 9/11. Nuair a smaoineann tú air, nach fóinteach ar fad é Al-Qaeda don Choimpléasc Míleata-Tionsclaíoch agus d’Iosrael araon? Muna mbeadh sé ann, bheadh orthu é a chumadh.

Is féidir “Kill the Messenger,” clár faisnéise thar barr faoi Sibel Edmonds, a fheiceáil ar Google Video.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.