CÚINNE NA nEALAÍON
Sraith nua spéisiúil ar Raidió na Life
Brian Ó Tiomáin Brian Ó Tiomáin

Craolfar sraith nua dar teideal Ceathrar le Ceithre Scór ar Raidió na Life i rith mhí an Aibreáin. San alt seo, tugann léiritheoir na sraithe, Brian Ó Tiomáin, blaiseadh dúinn den mhéid a bheas i gceist sna cláracha.

Íomhá
Íomhá
An Dr TK Whitaker: faoi agallamh i gclár a ceathair

Cuirfear tús le sraith nua raidió dar teideal Ceathrar le Ceithre Scór ar Radio na Life (www.rnl106.com) ar an 9 Aibreán ag 6.00 pm. Sa tsraith seo, a bhfuil ceithre chlár inti, beidh scéalta daoine éagsúla a raibh baint acu le bunú Saorstát Éireann faoi chaibidil.

Beidh scéal Chaitlín Uí Lorcáin le cloisteáil sa chlár a chraolfar ar an 9 Aibreán. Cailleadh athair Chaitlín san eachtra a tharla i mBaile an tSíoda i rith an Chogaidh Chathartha. Sa chlár seo, labhróidh Caitlín faoin eachtra agus faoin tionchar a bhí aici ar a saol. Rinneadh coimircí cúirte di agus ba í a coimirceoirbaintreach Éamoin Ceannt, duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca 1916. Labhraíonn Caitlín faoin gcaoi ar chuir sí spéis sa cheol – ceann de na rudaí is mó a raibh paisean aici dó ina saol. Beidh a cuid amhránaíochta agus a cuid seanma ar an bpianó le cloisteáil i rith an agallaimh.

Baineann an clár a chraolfar ar an 16 Aibreán le Máire Nic Suibhne Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, a cailleadh i ndiaidh dó a bheith ar stailc ocrais sa bhliain 1920. D’imigh Máire chun na Gearmáine lena máthair nuair a bhí sí sé bliana d’aois. Chaith sí naoi mbliana ansin, agus ba mhinic nach mbíodh a máthair in éineacht léi i rith na tréimhse sin. Insíonn sí faoin dóigh ar theith sí ón nGearmáin lena haintín, ar dheirfiúr le Traolach Mac Suibhne í. Labhraíonn Maire faoin gcairdeas a bhí idir a hathair féin agus Cathal Brugha agus faoin gcaoi ar phós sí Ruairí Brugha, ar mhac le Cathal Brugha é.

Beidh Liam Ó hOisín faoi agallamh sa tríú clár ar an 23 Aibreán. Fear gnó, foilsitheoir agus fear mór Gaeilge is ea é a raibh baint aige le bunú Fhoras Gnó na hÉireann, in éindí le Ruairí Brugha. Beidh sé ag labhairt faoina shaol mar fhoilsitheoir agus faoin gcaoi ar chuir sé tús le Jurys Cabaret. Beidh Liam le cloisteáil ag seinm ceoil ar an gclár chomh maith.

Inseoidh an státseirbhíseach cáiliúil TK Whitaker, a rugadh sa bhliain 1916, a scéal sa chlár a chraolfar ar an 30 Aibreán. Beidh sé ag labhairt faoina chúlra agus ag insint dúinn mar gheall ar

a thógáil le linn an Chogaidh Chathartha. Beidh sé ag caint faoina spéis leanúnach sa Ghaeilge agus faoina mhamó, arbh as Gaeltacht Chontae an Chláir ó dhúchas í. Labhróidh sé faoin tionchar a fágadh ar a chuid smaointe mar thoradh ar an tréimhse a chaith sé i mbun staidéir in Ollscoil Londan. Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.

Beidh an ceol mar chuid lárnach den tsraith seo. Beidh an t-amhránaí Mairéad Déiseach le cloisteáil i gcuid de na cláracha agus, mar a luadh thuas, beidh cuid de na rannpháirtithe i mbun an cheoil iad féin. Cé go bhfuil breis agus ceithre scór bainte amach ag na daoine ar fad a bheidh le cloisteáil faoi agallamh i gcaitheamh na sraithe seo, tá siad uilig fós an-ghníomhach agus tá siad lán fuinnimh, rud atá le sonrú go soiléir sna hagallaimh.

Fuair an tsraith Ceathrar le Ceithre Scór maoiniú ó scéim Fís agus Fuaim Choimisiún Craolacháin na hÉireann. Is é Brian Ó Tiomáin léiritheoir na sraithe agus ba é Seán Ó Cearúil a chuir na cláracha in eagar. Beidh an tsraith le cloisteáil ar Raidió na Life (www.rnl106.com) idir 9 agus 30 Aibreán. Tá fáil ar an stáisiún i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird ar 106.4 FM.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.