Treoracha do scríbhneoirí

Cuireann Beo! fáilte roimh scríbhneoirí úra i gcónaí. Más mian leat alt a scríobh, déan teagmháil leis an eagarthóir ar dtús ag eagar@beo.ie le fáil amach an mbeadh suim aige an t-alt sin a chur i gcló.

Déan iarracht gan níos mó ná 800 focal a scríobh - cuimhnigh go bhfuil an t-alt le foilsiú ar an Idirlíon, áit nach mbítear ag súil le píosa fada. Tabhair roinnt eolais fút féin mar aguisín leis an phíosa.

Ba cheart ailt a sheoladh mar cheangaltáin Microsoft Word, más féidir.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.