AR NA SAOLTA SEO
Tionscnamh iompair den scoth a bhfuil an-rath air
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.

Íomhá
Níl seirbhís cheart á cur ar fáil ag Bus Éireann i go leor ceantar tuaithe

Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus?

Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl. Tionscadal a thosaigh le dornán beag paisinéirí agus a chuir 305,000 “turas paisinéara” de anuraidh - is é sin le rá gur bhain suas le 20,000 duine úsáid leanúnach as i rith na bliana. An Tionscnamh Iompair Tuaithe.

Cuireadh an tionscnamh ar bun de thairbhe brú ó ghrúpaí pobail éagsúla ar fud na tíre. B’fhacthas do na dreamanna sin nach raibh Bus Éireann ag freastal ar réimse mór daoine a bhí scaipthe i gceantair tuaithe agus nach raibh seirbhís iompair poiblí ar fáil acu. An múnla a bhí ag Bus Éireann - seirbhísí teoranta ar chuid de na príomhbhóithre réigiúnacha - níor fheil sé do phatrún lonnaíochta na tuaithe, agus ní raibh daoine in ann úsáid cheart a bhaint as na seirbhísí dá bharr.

Ba chuma i gcás na ndaoine a raibh carranna acu, ach bhí na sluaite seandaoine, máithreacha le gasúir óga agus daoine eile ann nach raibh a ngléas taistil féin acu, nach raibh in ann siúl go dtí an príomhbhóthar (má bhí seirbhís ann dóibh ansin) agus a bhí fágtha ar an trá thirim, scoite amach ón saol. Léiriú amháin ar an bhfadhb ná gur iomaí duine a raibh an pas saorthaistil aige nach raibh in ann é a úsáid mar go raibh cónaí air cúpla míle ón bpríomhbhóthar.

Duine acu siúd í Celia Farrell, a bhfuil cónaí uirthi ar an gCeathrú Locháin in iarthar Shligigh. Ní fhéadfá baile fearainn níos áille a phiocadh le cónaí ann, na Sléibhte Gamh ó dheas agus radharc soir ó thuaidh agat trasna Chuan Shligigh ar Bheann Ghulbain agus cnocáin chorcra Dhún na nGall. Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach an tionscnamh iompair tuaithe áitiúil. Nuair a chas mé léi le gairid bhí sí ar mhionbhus an tionscnaimh agus í ar a bealach chuig Ospidéal Réigiúnach Shligigh chun a cos a chur faoi x-ghathú. Dea-scéal a bhí aici an tráthnóna sin agus í ag teacht abhaile: bhí a cos leigheasta agus níor ghá di filleadh ar an ospidéal.

Múnlaí difriúla

Ar an iomlán tá 34 tionscnamh iompair áitiúil ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre. Orthu sin tá cinn i mBeanntraí, Co Chorcaí; oirthear an Chláir; deisceart Chill Dara; Ceatharlach, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árainn Theas; agus Cábhán agus Liatroim. Tá seirbhísí á gcur ar fáil ag Meitheal Mhaigh Eo; Meitheal Forbartha na Gaeltachta (i dTír Chonaill) agus Bealach i gConamara. Tá seirbhísí eile i mórán chuile chontae, ach tá ceantair mhóra taobh istigh de na contaetha sin nach bhfuil freastal orthu faoi láthair.

Bíonn múnlaí difriúla ag na grúpaí, agus déanann siad freastal ar ghrúpaí éagsúla daoine - ar “mhargaí” éagsúla, mar a chuirtear síos orthu go coitianta i mbéarlagair na n-eacnamaithe a chuireann comhairle ar an Rialtas. I gceantar amháin, tugtar leanaí óga chuig an naíonra áitiúil ar an mionbhus. In áiteanna eile, tugtar deis do dhaoine atá faoi mhíchumas dul chuig an linn snámh sa mbaile mór is gaire dóibh, nó tugtar deis do sheandaoine an pinsean a bhailiú agus beagán siopadóireachta a dhéanamh.

Seirbhís thar a bheith luachmhar atá ann, agus bíonn tionchar mór aige ar an gcineál saoil a bhíonn ag na daoine a bhaineann úsáid as. Ach níl stádas ag an Tionscnamh Iompair Tuaithe go náisiúnta ach mar “scéim phíolótach”, agus níl aon chinnteacht ann go leanfar leis nó go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun an tionscnamh a leathnú go ceantair chúlráideacha eile ina mbíonn daoine scoite amach ón saol. Tá measúnú seachtrach ar an scéim curtha faoi bhráid an Aire Iompair agus moltar sa tuarascáil sin go leanfar leis an maoiniú ar bhonn píolótach go ceann dhá bhliain eile.

Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí. Feicfear go luath an focail iad sin a scaoileadh le gaoth nó an bhfuil Bertie Ahern agus a chomh-aireacht nua le tabhairt faoin dúshlán sin i ndáiríre. Níl aon teist níos fearr orthu ná an chaoi a ndéileálfar leis an Tionscnamh Iompair Tuaithe agus Leabhar na Meastachán á réiteach do cháinaisnéis na bliana seo chugainn.

An bhfuil fáth ar bith nach dtabharfaí stádas buan dó, agus maoiniú breise a chur ar fáil le seirbhís chuimsitheach a chur ar bun ó cheann ceann na tíre?

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4 agus mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.