AR NA SAOLTA SEO
Rialtas na hÉireann ag tarraingt na gcos maidir le Kyoto
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb. Measann Breandán Delap go bhfuil sé thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.

Íomhá
Nicholas Stern, údar na tuarascála ar an chomhshaol
Íomhá
Íomhá
Aer Lingus: chun eitleáin nua a cheannach
Íomhá
Ní dhearnadh plé ar bith ar Thuarascáil Stern i nDáil Éireann
Íomhá

Ní raibh aon díospóireacht Dála faoi. Níor foilsíodh ach cúig litir san Irish Times faoi. Is beag caint a tharraing sé i dtithe leanna ó cheann ceann na tíre. Níor chuir an rialtas aon bheart chun cinn dá bharr. Cad chuige a gcuirfeadh? Tar éis an tsaoil, ní raibh i gceist ach slánú an chine dhaonna.

Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne. Níor chuir an t-eacnamaí, an Tiarna Nicholas Stern, fiacail ann. Má leanann muid mar atá, tiocfaidh ardú 2-3 céim Celsius ar theocht an domhain laistigh de leathchéad bliain. Tiocfaidh athrú ó bhonn ar chrot an phláinéid agus ar ár slí mhaireachtála dá réir. Beidh tuilleadh galar, tuillte, stoirmeacha agus ganntanas uisce ann, agus is iad tíortha bochta an domhain is mó a bheas thíos leis. Bheadh baol tholgadh maláire, mar shampla, ar 60 milliún duine san Afraic dá dtiocfadh ardú 2ºC ar an teocht agus chaillfí trí mhilliún duine breise de bharr easpa cothaithe dá n-ardódh an teocht trí chéim. Deir Tuarascáil Stern go gcaithfí idir 5-20% d’Olltáirgeacht Intíre (GDP) an domhain ar dhul i ngleic le héifeacht an athrú teochta.

Níl ansin ach blaiseadh den mhéid a bhí sa tuarascáil is cuimsithí a foilsíodh ar an ábhar go dtí seo. Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint ó Thuarascáil Stern ná gur mithid dúinn éirí as a bheith ag argóint faoi staitisticí agus dianbhearta a chur ina suí ar bhonn idirnáisiúnta. Mar a dúirt Cathal Mac Coille: “Is tábhachtaí an chaint ar chur chuige anois ná an chaint ar fhianaise.” (Foinse, 1 Deireadh Fómhair 2006). Ach, ar ndóigh, is fusa i bhfad á rá ná á dhéanamh. Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar

aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda. Níor mhór dóibh amharc níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile. Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos. Óir tá an cheist i bhfad níos tábhachtaí ná mianta aon pháirtí polaitiúil faoi leith; todhchaí na cruinne atá i gceist. Ní féidir leanúint á chur ar an mhéar fhada.

Agus ba cheart go dtitfeadh ár sciar féin den fhreagracht ar thír bheag seo na hÉireann. Ní thig linn leanúint orainn ag séanadh na fírinne agus ag tabhairt droim láimhe do thuairimí lucht eolaíochta. Tá muid i dtrioblóid cheana féin le Coimisiún na hEorpa as a bheith ag sárú spriocanna Phrótacal Kyoto. Cheadaigh an conradh sin ardú 13% ar ár n-aschur carbóin ach bhain muid 26% amach anuraidh. Go deimhin, beidh orainn €500m a dhíol idir 2008 agus 2012 as a bheith ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm mholtaí Kyoto. Rinne an rialtas cinneadh creidiúint charbóin a cheannach in áit dul i ngleic leis an fhadhb agus athruithe a chur ar bun. Tá siad ag cur mhianta an gheilleagair roimh mhianta an chomhshaoil. Ach má tá, tá dul amú orthu. Óir is é an tátal atá le baint as Tuarascáil Stern ná go mbeidh tionchar tubaisteach ag téamh domhanda ar gheilleagar na cruinne. Is léir nach ceist ghlas í a thuilleadh ach ceist ghnó fosta.

Loingeas úr

Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr

bharr. Cuirfidh sé seo, mar aon leis na críochfoirt úra in aerfoirt Átha Cliath agus Chorcaí, leis an mhéid aerthaistil a dhéanfar amach anseo agus le hastuithe ceaptha teasa dá bharr. Tá a gcuid praghsanna ardaithe go mór ag Iarnród Éireann ó foilsíodh an tuarascáil. Níl seachtain ann nach mbíonn scéal nuachta ann faoin mhótarbhealach seo nó an seachbhóthar siúd bheith á oscailt – rud a mheallfaidh tuilleadh carranna ar na bealaí agus a chuirfidh lenár n-aschur carbóin.

Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith. Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise. Is é an líonadh talún an t-aon réiteach atá againn ar fhadhbna dramhaíola in ainneoin an mhéid meatáin agus CO2 a thagann astu. Tá soilse na Nollag ag lonrú ó mhaidin go faoithin i mbailte ó cheann ceann na tíre ó thús mhí na Samhna ar aghaidh. Níl aon chóras taistil poiblí ceart lasmuigh den ardchathair agus ní haon iontas é go bhfuil muid chomh mór sin i dtuilleamaí an chairr. Cá hiontas ach an oiread go measann an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA) go dtitfidh Éire 16% chun cúil ar na spriocanna a leagadh amach dúinn ag Kyoto d’fhonn ár n-aschur carbóin a laghdú fán bhliain 2010. Go deimhin, bhí an EEA ag tuar go mbeadh muid ar an cheathrú tír is measa san Eoraip ina leith seo. Ach cad é eile a mbeifeá ag dréim leis ó pholaiteoirí nár mheas gurbh fhiú am a chur ar leataobh do dhíospóireacht chuimsitheach Dála ar Thuarascáil Stern?

Tá leithscéal maith againn, áfach. Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán An Inconvenient Truth) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise aschur gáis na hIndia agus na Síne. Seafóid! Tá neart a thig linne a chur i gcrích chun go mbeidh muid mar eiseamláir do thíortha bochta atá ag iarraidh forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh.

Dreasachtaí agus pionóis

Ba cheart tosú le feachtas náisiúnta maidir le hinsliú tí. Tá cuid de seo ar na bacáin cheana féin agus leideanna tugtha ag an Aire Comhshaoil, Dick Roche, go mbeidh beartas éigin i gCáinaisnéis 2007 ina leith, más fíor. Anuas air sin, ba cheart go dtabharfaí dreasachtaí airgid dóibh siúd a chuireann bearta i gcrích le fuinneamh a shábháil agus go ngearrfaí pionóis ar dhaoine a chuireann fuinneamh amú go fánach. Seans, fiú, go bhfuil dealramh éigin ar mholadh an Chomhaontais Ghlais go dtógfaí painéal gréine ar dhíon gach tí atá ó dheas. Níor mhór dúinn fosta glacadh leis i bprionsabal, mar atá déanta ag an tSualainn romhainn, nach dtig linn leanúint de bheith ag brath ar bhreosla iontaiseach mar fhoinse fuinnimh a thuilleadh. Arís eile, níor mhór dreasachtaí eacnamúla a bheith ar fáil le taighde a dhéanamh ar fhuinneamh malartach. Ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánacht nó de mhisneach ag aon rialtas cáin a chur ar bhreosla eitleáin ach is cinnte go dtarlóidh a leithéid amach anseo, bíodh is gur dócha gur rialachán ón Eoraip a bheas i gceist.

Thar aon ní eile, níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt idir na ranna rialtais éagsúla lena chinntiú nach leanfaidh muid orainn ag séanadh ár

ndualgas agus ár bhfreagracht i leith na ceiste seo. Ar an drochuair, ba bheag freagracht bhreise a cuireadh orainn de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide a bhí ar siúl i Nairobi le gairid. Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íocceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.

Ach tá freagracht fosta ar an duine aonair sa tír. Tá neart is féidir a dhéanamh i do theach cónaithe féin le hastuithe ceaptha teasa a laghdú. Mura bhfuil muid toilteanach ár gcuid féin a dhéanamh ar bhonn pearsanta, is beag seans gur ceist toghcháin a bheas ann go deo. Gan seo, ní bheidh an toil pholaitiúil ann le dul i ngleic leis an fhadhb.

B’íorónta an scéal é gur fhógair an rialtas seachtain i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Stern go raibh siad le ról an pháiste a dhaingniú i mBunreacht na hÉireann. Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theachttimpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.