FÓGRA POBAIL
SpeakTalkChat

Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)

SpeakTalkChat

Is Meáin Chomhrá Sóisialta é SpeakTalkChat a thugann deis dá bhaill comhrá nó físchomhrá a dhéanamh ar bhonn na dteangacha agus na n-ábhar spéise atá i bpáirt acu. Bhí ár seoladh oifigiúil (leagan beta) ag Oireachtas na Samhna, 2013.

  • Cláraigh le catagóir bhallraíochta a fheileann duitse nó do theaghlach.

  • Comhlánaigh do phróifíl ag cur in iúl na teangacha atá agat, leibhéal do chumais sna teangacha sin agus na hábhair spéise atá agat.

  • Déan cuardach i measc úsáideoirí eile chun teacht ar dhaoine a bhfuil na hábhair agus na teangacha spéise céanna acu.

  • Cuirfidh SpeakTalkChat.com a leithéid de liosta úsáideoirí ar fáil duit go huathoibríoch freisin.

  • Socraigh coinní comhrá le húsáideoirí eile nó téigh i mbun físchomhrá ar an bpointe más rud é go bhfuil siad ar líne cheana féin.

  • Féadfaidh tú an córas teachtaireachta inmheánaí a úsáid chun ‘ríomhphost’ a sheoladh chuig úsáideoirí eile.

  • Déan cuardach ar ghrúpaí/ar fhóraim a bhaineann le do chuid ábhair spéise, nó cruthaigh do ghrúpa/d’fhóram féin.

Na Catagóirí Bhallraíochta

  • Ballraíocht do dhaoine fásta; ocht mbliana déag d’aois agus níos sine.
  • Ballraíocht Teaghlaigh.
  • Déagóirí sinsearacha 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois.
  • Déagóirí sóisearacha, 13, 14 nó 15 bliana d’aois.
  • Oideoirí; ag leibhéal bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal/duine fásta.

Tá beartas láidir um chosaint leanaí/déagóirí againn.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.