AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Muintir Mheiriceá ag bogadh ar aghaidh
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.

Íomhá
Trent Lott, ceannaire na bPoblachtánach sa Seanad
Íomhá
Mianadóir tar éis a tharrthála ag Quecreek, Pennsylvania
Íomhá
An tUachtarán George W. Bush

B’fhéidir go raibh sé fóirsteanach, agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana 2002, go raibh na nuachtáin agus na meáin eile i Nua-Eabhrac agus sna Stáit Aontaithe ag díriú a n-airde ar scéal faoi ghrúpa eolaithe a mhaígh gur éirigh leo duine clónáilte a thabhairt ar an saol den chéad uair riamh. Dhealraigh sé gur scéal ab ea é a thug léiriú ar cheisteanna tromchúiseacha ag baint leis an teicneolaíocht, le cúrsaí eitice agus fealsúnachta.

Bhí fadhb amháin ann: Níor chreid duine ar bith an fógra seo i ndáiríre. Ná déanaimis dearmad gur tháinig sé ó ghrúpa a chreideann gur fhorás an bheatha dhaonna ó eachtráin ar éirigh leo máistreacht a fháil ar an chlónáil. Tá an chuma ar an scéal freisin go bhfuil spéis thar na bearta acu i scannán Steven Spielberg, E.T.

Agus is suimiú suas maith é sin ar an bhliain 2002 - le cois na gceisteanna móra, bhí nithe a bhí osréalacháiféiseach amach is amach sa nuacht chomh maith. Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.

B’in an cineál bliana a bhí ann.

Na rudaí móra ar dtús. Ar ndóigh, cuireadh an chéad cheiliúradh bliantúil ar bun in 2002 i gcuimhne ionsaithe an 11 Meán Fómhair. Bhí go leor deor agus searmanas i gceist cothrom an lae agus móideanna á ndéanamh go leanfaí ar aghaidh leis an troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Ag tarraingt ar an lá féin, ní fhéadfá na hócáidí cuimhneacháin a sheachaint, ná cur síos caointeach theaghlaigh agus chairde na ndaoine a cailleadh san uafás, agus na bhfear dóiteáin a d’éalaigh ar éigean.

Agus ansin, ar an 12 Meán Fómhair, bhí an chuma ar an scéal go raibh go leor cloiste ag bunadh na Stát Aontaithe faoin eachtra. Chuala mé féin (agus go leor iriseoirí eile) roinnt mhaith daoine ag rá go raibh sé deas go rabhthas ag cuimhneamh ar dhuine ab ansa leo a cailleadh, ach go rabhthas ag dul thar fóir leis an chlúdach. Faoi mhí na Nollag, dhealraigh sé go raibh beagnach gach duine ar aon intinn leo faoi seo. Agus na laethanta saoire ag teannadh linn, ní raibh scéalta ar bith le cloisteáil faoin 11 Meán Fómhair ach amháin cinn faoi chúiteamh do theaghlaigh na n-íospartach nó faoi thógáil foirgnimh ar láthair an Ionaid Trádála Domhanda i Manhattan.

Is beag scéal a bhí le cloisteáil faoin chathaoir fholamh ag an tábla le linn na Nollag nó an Lae Ghabhála Buíochais; nó faoi bhronntanais Nollag gan cheannach. Agus, bhraith sé ceart gur mar sin a bhí cúrsaí.

Ardú pá

Bhí rud éigin cineál deas faoin dóigh gur mar gheall ar a bhfeachtas glórach chun ardú pá a fháil a bhí cuid fear dóiteáin Nua-Eabhrac sa nuacht sa dara leath de 2002. Spreag an feachtas seo cuid póilíní an NYPD leis an rud ceannann céanna a éileamh. Ar ndóigh, chreid formhór na ndaoine i Nua-Eabhrac go raibh pá níos fearr tuillte ag na laochra seo in éide. B’fhéidir gur chreid fiú an billiúnaí Mike Bloomberg, méara nua na cathrach, go raibh sé tuillte acu. Ach, ba é 2002 an bhliain ar thit an tóin as geilleagar Chathair Nua-Eabhrac. Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d’oibrithe na cathrach.

Bhí sé seo soiléir amach is amach i mí na Nollag nuair a bhagair an 34,000 ball de cheardchumann an lucht iompair stop a chur le seirbhís bus agus traenacha fothalún na cathrach, mura mbeadh ardú an-mhór pá i gceist ina gconradh nua. Is beag aird a tugadh ar an scéal go dtí Dé hAoine, 13 Nollaig nuair a thosaigh daoine á phlé lena gcomhoibrithe agus ag rá rudaí mar, “Hey, níl réiteach faighte i gcás na stailce iompair sin go fóill.”

Agus ní rabhthas tagtha ar réiteach Dé Sathairn, nó fiú faoi oíche Dhomhnaigh. Fógraíodh go mbeadh an stailc ar tosú ag 12.01 a.m. Dé Luain, 16 Nollaig. Agus cúrsaí olc go leor cheana féin ó thaobh an gheilleagair de, dhealraigh sé go raibh buille tubaisteach eile i ndán do lucht gnó - díreach ag an am is gnóthaí den bhliain, aimsir na Nollag.

Scéal eile ab ea é seo a raibh rud éigin osréalach faoi. Ach, bhí seirbhís bus agus traenach ann mar is gnách ar an Luan, de réir mar a bhí na cainteanna ag dul ar aghaidh, agus sa deireadh thángthas ar réiteach. I ndiaidh gach ní, bhí dea-scéala i gceist.

Chuirfeadh sé scéal eile ó ní ba luaithe sa bhliain i gcuimhne duit. Bhí Meiriceá, gan amhras, dulta i dtaithí ar dhrochscéalta - an 11 Meán Fómhair, na hionsaithe antraisc, caint faoi ionsaithe eile sceimhlitheoireachta, faoi chogadh thar lear. Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais go raibh naonúr mianadóirí sáinnithe faoin talamh in Pennsylvania, go mbeadh siad marbh i gceann cúpla uair agus gur beag seans a bhí ann go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu, bhí an chuma air go mbeadh scéal uafáis eile le scríobh. Tuilleadh páistí gan aithreacha, tuilleadh cathaoireacha folmha aimsir na Nollag. Faraor géar, sábháladh na fir. (Ina dhiaidh sin, d’admhaigh siad go raibh an aird ar fad a bhíothas ag tabhairt orthu ag cur as dóibh, agus bhí cuid acu an-searbhasach mar gheall ar an dóigh a cuireadh cuid dá gcomhghleacaithe i láthair i scannán teilifíse a rinneadh faoin eachtra. Faraor, ba bhliain é inar tharla go leor den chineál seo ruda.)

Enron

I ndomhan níos leithne na polaitíochta agus an chultúir, roghnaigh an iris *Time *an triúr ban a nocht an chaimiléireacht san ollchomhlacht Enron mar “Phearsana na Bliana”. Ba iadsan, ar ndóigh, aghaidheanna na scannal corparáideach a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá in 2002. Ach mar sin féin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an iris ag déanamh a díchill gan an duine a bheadh níos feiliúnaí ná éinne eile a roghnú dá n-onóir: an tUachtarán George W. Bush. Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.

Cén difear más amhlaidh gur toghadh Bush féin ar éigean sa bhliain 2000. Tá cuma normálta ar imeachtaí an toghcháin sin anois, ag breathnú siar orthu breis is dhá bhliain níos déanaí. Go háirithe i ndiaidh an chineáil bliana a bhí againn in 2002.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.