CÚRSAÍ SPÓIRT
An soiscéal de réir Con
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Léiríonn na hailt atá le fáil i leabhar nua Con Houlihan go bhfuil sé ar dhuine de na scríbhneoirí spóirt is fearr dá bhfuil ann, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
George Best - tá alt ag Con Houlihan faoi
Íomhá
Is minic a dhéanann Houlihan tagairt do bhia agus do dheoch

Tháinig leabhar nua tríd an bpost chugam gan choinne an lá cheana, a bhuíochas sin do Liberties Press. More than a Game: Selected Sporting Essays *is ainm don fhoilseachán agus is é Con Houlihan an t-údar. Is éard atá sa leabhar ná 57 alt a scríobh Con ó lár 1970 go dtí an lá inniu agus a foilsíodh cheana, go mórmhór san *Evening Press. Níl aon dabht ach go bhfuil Con Houlihan ar na scríbhneoirí spóirt as Béarla is taitneamhaí in Éirinn. (Bheadh Breandán Ó hEithir sa “tsraith” chéanna leis i mBéarla nó i nGaeilge, dar liom.)

Tá blianta fada caite aige ag scríobh faoi gach cineál spóirt, ina measc rugbaí, sacar, peil, iománaíocht, rásaí capall agus con, dornálaíocht agus cruicéad. Tá scríofa aige faoi Choirn Eorpacha agus Dhomhanda, Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Ceannais na hÉireann, chomh maith le pearsanra spóirt ar nós George Best, Muhammad Ali agus Stephen Roche.

Chuir an leabhar mé ag cuimhneamh siar ar an Irish Press agus ar ailt spóirt Chon Houlihan a d’fhoilsítí trí huaire sa tseachtain, móide ailt eile ar ábhair eile ar nós drámaíochta agus litríocht an Bhéarla. Iarmhúineoir is ea Con, a d’éirigh sé as an mhúinteoireacht am éigin sna seachtóidí nó roimhe sin, agus a chuaigh leis an iriseoireacht ghairmiúil. Is léir go bhfuil an-ghrá aige do dhá rud: teanga an Bhéarla agus cúrsaí spóirt. Nuair a deirim teanga, tá mé ag cur úsáid na teanga agus a litríocht san áireamh.

Cé nár bhuail mé riamh le Con Houlihan, d’fheicinn é go minic ar Thaobh na Canálach i bPáirc an Chrócaigh, mise in éineacht le mo ghrúpa cairde agus eisean leis féin de ghnáth. Cé go mbíodh sé leis féin, bhí neart cairde ina thimpeall, mar bhí aithne ag gach duine air agus ní bhíodh sé gan chomhluadar. Fear mór a bhí ann, guaillí leathana agus folt fada air, cuma sórt stollathach air le fírinne, ach teacht i láthair ciúin, daonna ag baint leis.

Gach tráthnóna Dé Luain, geall leis, cheannaínn an *Evening Press *chun a chuntas ar an gcluiche a imríodh an lá roimhe sin a léamh. Bhíodh na tuairiscí sin iomlán difriúil ó na tuairiscí a scríobhadh na tuairisceoirí eile spóirt. Is annamh a cháinfeadh sé foireann nó imreoir nó réiteoir. Bhí rud amháin nár thaitin leis, áfach, mar bhí sé an-choitianta ag an am, sé sin bainisteoirí, roghnóirí, lucht uisce agus araile ag rith amach ar an bpáirc le linn cluiche. “Space Invaders” a thugadh sé ar na daoine sin!

Leabhar eile

Ní hé seo an chéad leabhar bunaithe ar ailt le Con Houlihan a foilsíodh. Thiar i ndeireadh na seachtóidí d’fhoilsigh Olympic Press *Come All You Loyal Heroes *(£1 an praghas a bhí air!) agus tá cuid de na hailt a bhí le fáil san fhoilseachán sin athfhoilsithe sa leabhar nua. Tá an chéad leabhar sin agam fós agus tugann na hailt ar imeachtaí móra spóirt na seachtóidí siar mé ar bhóithrín (nó mar a déarfadh Con, seans, mótarbhealaí) na smaointe.

Scríobhann Con go dearfach i gcónaí faoin gcluiche atá i gceist nó an rás nó an t-imreoir. Molann sé dea-imirt agus deathréithe imreoirí, fiú nuair a dhéanann siad drochbhotúin. Is léir óna chuid scríbhneoireachta go bhfuil an-mheas aige ar na foirne agus ar na himreoirí agus ar na carachtair éagsúla a bhaineann leo, agus ar na cluichí go léir a ndéanann sé trácht orthu. Níl aige ach meas agus urraim dóibh amhail is gur laochra iad uilig. Is annamh a lochtann sé nó a cháineann sé cluiche nó foireann nó imreoir, ach má cheapann sé go bhfuil le cáineadh is iondúil gur le brón agus díomá a dhéanann sé é. Dá olcas cluiche, feiceann Con rud éigin dearfach ann, dea-imirt nó scór gur féidir a mholadh.

Stíl shimplí ghonta a chleachtann Con agus is stíl iontach taitneamhach í. Abairtí gearra de ghnáth agus nathanna agus meafair dheasa, shuimiúla a tharraingíonn pictiúir os do chomhair. Is minic a bhíonn tagairtí aige do bhia (ceapairí, fataí, cístí), do dheochanna (hip flasks, Southern Comfort, tábhairní), d’fhilí, don stair, d’imeachtaí i bhfad is i gcéin agus gach tagairt fite fuaite go deas néata trí ábhar an ailt.

Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar aisbunoscionn nó spraoi a bheith aige leo. Athraíonn sé “turning point” go “turning goal”, “watershed” go “tearshed”, agus mar sin de. Bíonn “perfect strangers” agus “imperfect strangers”, “household names” agus “pubhold names”, agus a lán eile dá leithéidí, ar fud na háite sna hailt bhreátha atá sa leabhar. Is máistir é ó thaobh meafar a chumadh. Nuair a scóráil Mikey Sheehy an cúl úd i gcoinne Átha Cliath i 1978, chuir sé Paddy Cullen, cúl báire Átha Cliath, i gcomparáid le bean a bheadh ag rith i dtreo na cistine agus boladh dóite an chíste atá san oigheann á fháil aici.

Saineolaí

Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla. Is údar agus cineál saineolaí é ar mhórán spórt idirnáisiúnta agus náisiúnta ar aon. Tá an-éagsúlacht sna hailt, agus iad ar fad iontach suimiúil, taitneamhach agus uaireanta brónach. Ina measc tá a leithéidí seo: Ciarraí v Áth Cliath i l978; Jack Charlton, Mick McCarthy agus Brian Kerr; Tragóid George Best; An Corn Ryder agus an capall Desert Orchid.

Chuir mé féin spéis ar leith in alt dar teideal “The Shifting Fortunes of the Ancient Game of Hurling”. Is sampla an-bhreá é an t-alt seo aige faoin iománaíocht den stíl agus den scóip atá ar a chumas a ríomh in alt gairid amháin. Tosaíonn an t-alt le tagairt don Damba Aswan san Éigipt agus críochnaíonn sé le tagairt do dhráma de chuid Molière. Tríd an alt tá stair an chluiche luaite, tionchar Acht an Aontais in 1800, bunú an Chumainn Lúthchleas Gael, meáchan an traidisiúin agus cluichí éagsúla. Tá áit ag na filí FR Higgins agus WB Yeats ann (is gá é a léamh!). Pléann sé fadhbanna cur chun cinn na hiomána agus tugann moltaí ciallmhara uaidh. Scríobhann sé le húdarás an duine a bhfuil mórán léite agus feicthe aige, agus a bhfuil machnamh domhain déanta aige faoin ábhar. Tá seo amhlaidh sna hailt ar fad.

Tá draíocht, tuiscint, ómós, meas, léargas ar spórt agus tuilleadh le fáil in ailt Uí Uallacháin. Gura fada buan é i mbun pinn.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.