Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #31 · SAMHAIN 2003
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá ag éirí le TG4 dul i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ar shlí an-dearfach.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Tá Aled Eirug, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha le BBC na Breataine Bige, i ndiaidh tuarascáil a scríobh faoin chraoltóireacht trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, tuarascáil a mbeidh an-tionchar aici ar earnáil na teilifíse sna blianta atá amach romhainn. Labhair Robert McMillen leis le gairid.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Stiofán MacGréill

Is minic a deir daoine go bhfuil an seicteachas in Albain chomh holc céanna is atá sé i dTuaisceart Éireann, ach ní aontaíonn na saineolaithe leis an tuairim sin, mar a fuair Stiofán MacGréill amach.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Beidh John F. Kennedy daichead bliain marbh an mhí seo agus tá roinnt mhaith leabhar nua foilsithe faoi féin agus faoi mhuintir Chinnéide le tamall anuas. Léigh Tom Deignan an ceann is fearr acu.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Rachel Mac Gowan

an lámh in uachtar ag an mBéarla sa Bhruiséil ach tá Rachel Mac Gowan agus roinnt cairde léi ar a ndícheall ag iarraidh a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Foilsíodh A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions of Oriel, saothar tábhachtach ar thraidisiún amhránaíochta cheantar Oirialla, an mhí seo caite. Labhair Antaine Ó Faracháin le húdar an leabhair, Pádraigín Ní Uallacháin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh sé tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Casadh go leor daoine spéisiúla ar Bhalor ag príomhfhéile na Gaeilge le gairid.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Dónall Ó Maolfabhail

Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite. Tá an baol ann, áfach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, nach mbeidh an chomhairle seo neamhspleách.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Aralt Mac Giolla Chainnigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta - eagras atá ag iarraidh “Gaeltacht” a bhunú i gCalabogie, Ontario, Ceanada.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Liz Curtis

Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d’éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Measann Robert McMillen go n-íocfaidh David Trimble agus an UUP go daor as a n-easpa misnigh sa toghchán do thionól Thuaisceart Éireann ar an 26 Samhain.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin
Íomhá
SPÁRÁLAÍ SCÁILEÁIN

Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Oileán Cléire, amach ó chósta Chontae Chorcaí.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Léiríonn na hailt atá le fáil i leabhar nua Con Houlihan go bhfuil sé ar dhuine de na scríbhneoirí spóirt is fearr dá bhfuil ann, dar le Colm Mac Séalaigh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Ní raibh béim ar an Ghaeilge i bhFéile Learphoill i mbliana ach chas Tony Birtill le seanchara dá chuid a bhfuil Manainnis aige, agus d’inis seisean dó faoi staid na teanga sin.

»»»
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.