AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Inis álainn Eoghain
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d’éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.

Íomhá
Fógra go dtí an áit is faide ó thuaidh in Éirinn
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Doris Russo taobh amuigh dá teach, Glen House
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Maggie ar an trá ag Cuan na Tulcha, Inis Eoghain
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An tIonad Cuairteoirí, Oileán na Dumhcha, Inis Eoghain
Grianghraf: Liz Curtis

Áit amháin in Éirinn a chuireann fáilte mhór roimh chuairteoirí sa gheimhreadh chomh maith leis an samhradh ná leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall. Is ceantar álainn é, nach dtéann na sluaite móra turasóirí ann, mar go bhfuil sé rud beag as an bhealach, agus bhí eagla ar dhaoine dul ansin i rith na dTrioblóidí mar go bhfuil sé cóngarach don teorainn. Dá bharr sin, measaim nach bhfuil muintir na háite tuirseach de na turasóirí agus cuireann siad fáilte nádúrtha oscailte romhat.

Chuaigh mé féin agus mo chara Maggie ansin i mí na Bealtaine. Tá cónaí ar Maggie i Londain Shasana agus d’eitil sí go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, in aice le hAontroim. Is féidir eitilt go hAerfort Chathair Dhoire fosta, ansin carr a fháil ar cíos, nó dul as Doire ar an bhus clúiteach réchúiseach sin de chuid an chomhlachta Lough Swilly.

Bhailigh mé Maggie ón aerfort, ansin chuaigh muid ar bhealach an-taitneamhach atmaisféarach. Thiontaigh muid ó thuaidh ag Dún Geimhin, ansin thiomáin muid trí ghleann gleoite, Gleann na Ró, go dtí Léim an Mhadaidh. Téann an bóthar ar aghaidh go dtí má ghlas lom, áit a bhfuil Príosún Aird Mhic Giollagáin, agus ballaí dorrga coincréiteacha thart air.

Ansin sroicheann tú cé bheag, óna n-imíonn an bád farantóireachta a théann trasna Loch Feabhail go dtí an Caisleán Nua. Bhí gála ann, rud a d’fhág go raibh uisce an locha ina chiseach coipthe agus dath caicí air.

Bhí freastalaí óg croíúil ann, a d’inis dúinn go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta. “Bíonn an áit ar mire ag an deireadh seachtaine agus sa gheimhreadh fosta,” ar sise. “Tá Laplainn Dhún na nGall againn ar Inis Eoghain agus téann a lán daoine ann lena gcuid páistí, chun Santa a fheiceáil.”

Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce. Bhí carr s’againne chun tosaigh agus bhí an t-uisce ár gcáitheadh. Buíochas leis na déithe, níor mhair an turas ach thart fá dheich mbomaite.

Tá an Caisleán Nua i bhfad níos bríomhaire ná an bruach eile. Téann gluaisteáin suas síos go gasta, tá stáisiúin mhóra pheitril ann agus ollmhargadh iontu, agus a lán tithe á dtógáil. Tá músaem mara agus pláinéadlann bheag ann agus is mór an trua nach raibh go leor ama againn le cuairt a thabhairt orthu.

Teach Seoirseach

Thiomáin muid trasna na leithinse trí thírdhreach cnocach go dtí Cluain Maine. Ansin shroich muid ár lóistín, teach grástúil Seoirseach ar le bean darb ainm Doris Russo é. Is Meiriceánach í Doris, a tháinig anseo nuair a d’éirigh sí as a cuid oibre thall. Rinne sí athchóiriú ar an teach agus luigh sí isteach ar chúrsaí pobail.

Tugtar Glen House ar theach Doris - tá sé in aice le gleann galánta a bhfuil eas álainn ann. Bhunaigh Doris scéim pobail le cosán a chruthú sa ghleann. Lúbann an cosán in aice le sruthán, a bhfuil roinnt mhaith droichead adhmaid tógtha trasna air. Tá crainn, caonach agus bláthanna fiáine ar na bruacha. Tá táblaí picnice anseo is ansiúd.

Tá Doris ag obair ar scéim nua anois, chun ionad do shiúlóirí a chruthú sa ghleann agus bealaí comharthaithe a chur ar fáil ar na sléibhte.

troscán seanaimseartha ina teach, agus tá scata bábóg agus bréagáin eile ar an léibheann. “Tá siadsan ann fá choinne cailín óg atá mar thaibhse sa teach,” a deir Doris. “Chonaic duine de na cuairteoirí í agus baineadh an-gheit aisti.”

Déanann Doris bricfeasta blasta do na haíonna. Fuair muidinne anann úr, pancóga agus síoróip mailpe orthu, agus bagún fosta.

Chuaigh muid síos an bóthar go dtí Cuan na Tulcha. Tá trá ar fheabhas ann i gcruth corráin agus cnoic thart air. Tá láithreán campála agus carbhán in aice leis, ach ní raibh mórán daoine thart.

Bhí spéir an tráthnóna go hálainn ar fad. Bhí cairn mhóra néalta frithchaite sa ghaineamh, a raibh luisne lonrach air a d’fhág an taoide agus í ag trá.

Ansin chuaigh muid go teach tábhairne cluthar darb ainm The Rusty Nail agus fuair muid béile blasta ann.

An mhaidin dár gcionn, thug muid aghaidh ar Oileán na Dumhcha. Leithinis ghainmheach atá inti. Tá ionad cuairteoirí iontach ansin, Doagh Visitor Centre, a dtugann na mílte turasóir cuairt air gach bliain.

feirmeoir áitiúil darb ainm Paddy Doherty i mbun an ionaid seo. Tógadh Paddy i dteach ceann tuí ar an suíomh agus tá an teach sin mar chuid den ionad anois. Tógadh tithe eile in aice leis chun “folk village” a chruthú, agus tá taispeántais le fáil iontu ar an seansaol.

Is scéalaí breá bríomhar é Paddy agus bíonn sé mar threoraí ar thurais thart ar an ionad. Tá praghas íseal ar na turais seo, agus tá tae agus scóna san áireamh. Tá teach amháin cóirithe mar theach faire agus tá daoine ina suí thart ar an chorp. Mhínigh Paddy na nósanna a bhíodh ann, mar shampla, an clog a stopadh, clúdach a chur ar na scátháin, agus snaoisín a chur ar bhrollach an choirp.

Arsa Paddy: “Is é sin foinse an natha, ‘So-and-so snuffed it!’”

Taobh amuigh de na tithe, tá cosán clúdaithe a théann trí thaispeántas faoin 19ú haois agus an Gorta Mór. Tá macasamhla ann de rudaí a tharla ag an am, mar shampla corp á chaitheamh isteach in olluaigh agus reithe cogaidh á úsáid le daoine a díshealbhú.

Teachtaireachtaí

Rud iontach faoi Paddy ná go mbaineann sé úsáid as na huafáiss a tharla san am a chuaigh thart le teachtaireachtaí a chur i láthair faoin domhan sa lá atá inniu ann. Tá neart fógraí ann a chuireann síos ar an bhochtanas millteanach atá chomh forleathan sin, ar an dáileadh éagothrom maoine, agus ar an mhéid ollmhór airgid atá caite ar airm.

Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.

I mí na Samhna, tagann athrú cló éachtach ar an áit: athraíonn sé isteach ina Laplainn. Déantar “Sráidbhaile Santa” de na tithe ceann tuí. Is féidir le páistí bricfeasta Santa a fheiceáil agus seomra leapa na gclutharachán fosta. (Bíonn páistí aitiúla i bpáirt na gclutharachán.) Is féidir cuairt a thabhairt ar mhonarcha bréagán de chuid Santa, agus litreacha a scríobh chuige agus iad a sheoladh in oifig an phoist. Is féidir suí ar charr sleamhnáin Santa agus a chuid réinfhianna a bheathú.

Tógtar caisleán adhmaid in aice leis na tithe - is é seo Ríocht na gClutharachán, agus é maisithe leis na mílte solas. Agus léirítear seó speisialta, ina dtagann Santa anuas an simléar agus glaonn sé ar achan pháiste ina ainm féin le bronntanas a thabhairt dó.

Arsa Doris Russo: “Ba mhian le muintir na háite go dtiocfadh cuairteoirí sa gheimhreadh chomh maith leis an samhradh. Bhuail an smaoineamh faoi Laplainn muid. Tá rath as cuimse air. Tagann na mílte duine agus a gcuid páistí ó áiteacha i gcéin is i gcóngar.”

Lean muid ar aghaidh go Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn, ansin go Cúil Dabhcha, a bhfuil teach tábhairne agus bia maith ann in aice leis an trá. An lá dár gcionn, chuaigh muid ó dheas go Bun Cranncha, a bhfuil tránna an-fhada ann os comhair chnoic ghorma Fhánada. Ansin ar aghaidh linn go Grianán Ailigh, dún ar bharr cnoic a bhfuil radharc iontach uaidh. Bhíodh Niall Naoi nGiallach ina rí anseo - b’athair Eoghain é, an duine as ar ainmníodh an leathinis.

Chuaigh muid síos go Doire ansin, agus d’amharc muid ar na ballaí agus ar na múrphictiúir i dTaobh an Bhogaigh.

Is iontach an méid áiteanna a chonaic muid taobh istigh de dheireadh seachtaine amháin - ach beidh neart eile le feiceáil ar ár gcéad chuairt eile ar Inis Eoghain.

Tuilleadh eolais:

Lough Foyle Ferry Company (00) (353) (0)74 9381901 Lough Swilly Bus Services (00) (44) (0)28 71262017 Doris Russo (00) (353) (0)77 76745 Doagh Visitor Centre (00) (353) (0)86 8464749

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.