AR NA SAOLTA SEO
Deireadh ag teacht le ré an UUP mar an príomhpháirtí aontachtach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go n-íocfaidh David Trimble agus an UUP go daor as a n-easpa misnigh sa toghchán do thionól Thuaisceart Éireann ar an 26 Samhain.

Íomhá
David Trimble, ceannaire an UUP
Íomhá
Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin

“A dhaoine uaisle, cuirim in bhur láthair an Chéad Aire, Mr Gerry Adams.”

An fada uainn an ráiteas sin? Tá toghchán ag teacht inar léir go mbeidh deacrachtaí ag na páirtithe móra traidisiúnta - an UUP agus an SDLP - a lucht tacaíochta a choinneáil agus, ag an am chéanna, tá na páirtithe “aontoisceacha” ag dul ó neart go neart, réidh le bheith corónaithe mar urlabhraithe sainiúla a muintire féin.

Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.

Is ceist acadúil anois í, ach cuir i gcás gur rug David Trimble agus a pháirtí ar a misneach agus gur ghlac siad le focail an Ghinearáil de Chastelain. Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur “gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe” a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.

Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.

Is beag duine nach gcreideann go bhfuil Sealadaigh an IRA ar an bhealach chun a bpinsean a bhailiú. Sin loighic eachtraí dheireadh na míosa seo caite. Ansin, bhí ráiteas Gerry Adams ann gurb é an dóigh amháin leis an fhadhb a réiteach ná trí bheartais shíochánta agus dhaonlathacha amháin. Tá Sinn Fein in éadan úsáid ar bith nó bagairt ar bith fórsa le haghaidh cúiseanna polaitiúla, a dúirt sé. Níor bhain sé úsáid as an fhoclóir Peace for Dummies, níor dhúirt sé na focail “Tá an cogadh thart” - cad é mar thiocfadh leis? - ach sin an chiall agus an loighic a bhí ag baint lena raibh le aige. Agus d’aontaigh an IRA leis, thacaigh siad le ráiteas Adams.

Má bhí an béarlagair chomh casta le spaghetti, béile blasta a bhí ann do na daoine a chreideann go bhfuil an IRA ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh. Chuir siad méid substaintiúil arm ó mhaith, ach deir siad nach ndéanfaidh siad a leithéid céanna arís go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil na haontachtaithe réidh leis “an chomhghéilleadh stairiúil” a dheánamh.

Cailleadh suíochán

Ach ní cearrbhach ar bith é David Trimble, ainneoin go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil i ndán don UUP ach cailleadh suíochán agus teacht i réim an DUP mar an príomhpháirtí aontachtach. Staid caill/caill, mar a déarfadh na Meiriceánaigh.

Tá páirtí Trimble ag dul isteach sa toghchán agus cuid mhór bainte amach acu, ach tá beithíoch na n-easaontóirí chomh trom sin ar dhroim an UUP nach féidir leis rith. Agus is cinnte nár chuidigh na poblachtánaigh leo. An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa?

Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin Godzilla *versus *Megalon, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d’anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo. Agus mar an páirtí is mó ó thuaidh, an Chéad Aireacht ag Gerry Adams?

Cluiche fada a bheas ann.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.