AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Carranna ag sú na gréine
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh sé tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Na buaiteoirí as an Ollainn tar éis dóibh ceann scríbe a bhaint amach
Íomhá
Buaiteoirí World Solar Challenge na bliana seo lena gcarr, Nuna II

Dá mbeifeá ar an mbóthar idir Darwin agus Adelaide le gairid ag breathnú ar na carranna i do thimpeall, ní bheadh sé ródheacair a shamhlú go raibh tú ar phláinéad éicint eile nó ar a laghad gur tháinig na carranna sin ó dhomhan coimhthíoch. Bheadh cúis agat leis. Bhí na carranna páirteach sa World Solar Challenge do charranna nach n-úsáideann mar bhreosla ach fuinneamh na gréine. Tá cuma rí-aisteach orthu - mar bheadh cheithre roth ar an mbóthar (bhí trí roth ar chuid acu) agus clár leathan le grianchealla leagtha anuas sa mullach orthu.

Ach ní bréagáin iad na carranna seo ná baol air. Chaith an fhoireann a ghnóthaigh bliain ag réiteach don rása seo. Nuna II a thug siad ar an gcarr agus thóg sé 30 uair an chloig agus 54 nóiméad orthu an turas 3,010 ciliméadar idir Darwin agus Adelaide a dhéanamh. Mic léinn as ollscoileanna Delft agus Rotterdam san Ollainn a bhí ar an bhfoireann agus b’acusan a bhí an bua in 2001 freisin.

Foireann Aurora as Melbourne a bhí sa dara háit agus foireann as MIT sna Stáit Aontaithe a bhí sa tríú háit. Bhí 22 carr páirteach ar fad agus thóg sé tuairim is seachtain ar na cinn ba mhoille an t-aistear a chur dhíobh. Bhí na carranna ag taisteal i gcaitheamh an lae agus pé achar san oíche a bhí ar chumas na gcadhnraí a bhí acu.

Cuireadh tús leis an rása seo i 1987 agus bhí sé ann gach tríú bliain go dtí 1999 agus gach dara bliain ó shin. Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d’fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine. Is léir go bhfuil dul chun cinn déanta ó thosaigh na rásaí. I 1987 bhí meánluas 67 cm/u ag an Sunraycer, an carr a ghnóthaigh. I mbliana, bhí meánluas 97 cm/u ag Nuna II. Cuireann comhlachtaí carranna suim sna rásaí mar go dtugann siad léargas dóibh ar mhodhanna éagsúla taistil. B’ag General Motors, an comhlacht carranna is mó ar domhan, a bhí an Sunraycer i 1987.

Ach níl aon duine ag rá fós go mbeidh carranna ar nós Nuna II nó Aurora le feiceáil go fairsing ar na bóithre. Bhí roinnt mhaith cainte sna 1970í faoi chineálacha nua cairr a d’úsáidfeadh breosla seachas peitreal. Bhí caint go háithrid faoi charranna aibhléise, a raibh feabhas mór ag teacht orthu. Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhun ar charranna. Ach i ndeireadh na dála táimid fós ag tiomáint na gcarranna céanna atá in úsáid le breis is 100 bliain - carr le hinneall dócháin inmheánaigh a dhónn peitreal nó díosal.

Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de ló is d’oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta. In ainneoin iarrachtaí Nuna II agus a chomrádaithe, beidh sé píosa maith go dtarlóidh sé sin.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.