190
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá a gcéad albam, After Albany, á eisiúint an mhí seo ag Acabella, cúigear ban a bhíonn ag canadh le chéile. Labhair Eva Stack le duine de bhaill an ghrúpa, Bernardine Nic Giolla Phádraig as Baile Átha Cliath.
»»»Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre. Tuigeann Bearnaí Ó Doibhlin an scéal agus soiléiríonn sé san alt seo gnéithe de stair na tíre agus de thionchar na staire ar dhreamanna éagsúla de mhuintir na hAstráile go dtí an lá inniu féin.
»»»Tá Ciarán Ó Con Cheanainn ar dhuine den ghlúin óg amhránaithe sa stíl dhúchasach atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. As Conamara ó dhúchas dó ach tá cónaí air le cúpla bliain anuas i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag staidéar agus ag múineadh. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina spéis san amhránaíocht.
»»»Chuir Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair Balor ag smaoineamh ar ócáid na bliana anuraidh.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.
»»»Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine. Shiúil Mícheál Ó hAodha trasna teorainn an dá aicme, aos ealaíne agus aos deartha éadaí, le tuiscint a fháil ar an scéal.
»»»Léiríonn suíomh gréasáin NASA na laigí a bhaineann leis an idirlíon mar mheán, mar aon leis na buntáistí, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Thug Alan Desmond aghaidh ar Bhaile Mhaolmhuaidh, ionad Darina Allen, i gCorcaigh le freastal ar chúrsa súimíneacht fíona. Bhí sé ag súimíneacht leis ar son na cúise agus d’fhág sé tuairisc ina dhiaidh againn anseo thíos de chruthú air nach ndeachaigh sé thar a acmhainn óil.
»»»Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.
»»»Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.
»»»Is dalta Ardteiste í Meadhbh Ní Eadhra a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal i nGaillimh. Bhuaigh an t-alt seo thíos Comórtas B5, Iriseoireacht don Idirlíon 15-18, san Oireachtas i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.