AR NA SAOLTA SEO
Sarkozy in Aghaidh Easa
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.

Íomhá
Napoleon a Dó dar le roinnt
(Marie-Lan Nguyen .i. Jastrow, a tharraing, Vicipéid)
Íomhá
Ní Sarkozy a bheas sa bhrú feasta
(le IAEA ar Flickr)
Íomhá
Francois Hollande anuraidh
(le Margot L'Hermite ar Flickr)

Ceist aon fhocal amháin atá leis an ngrianghraf de Nicolas Sarkozy ar leathanach tosaigh an eagráin Eorpaigh den iris Time, eagrán a foilsíodh ar 2 Aibreán: Adieu? Thíos faoi, cuirtear an cheist go neamhbhalbh: An é a dhán é gan ach téarma amháin uachtaránachta a thabhairt? Is é comhfhreagraí Time i bPáras, Bruce Crumley, údar an ailt. Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce!

Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.

Anuas air sin, a deir sé, is léir nach féidir le rialtas Fillon dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta sa tír, go háirithe i measc an aosa óig. Agus mar bharr ar gach donas, bhí ar an Uachtarán Sarkozy a admháil le pobal na Fraince ag deireadh 2011 nach dtiocfadh fás faoi gheilleagar na Fraince le linn 2012.

Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmletravailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.

Más Olc Maoil is Measa Mullach

Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor. Féach costas an bhreosla, a deir siad. Os cionn dhá euro in aghaidh an lítir á ghearradh ar lucht tiomána ag cuid de na stáisiúin artola i bPáras.

“Ach,” a deir Sarkozy, “má ghlactar leis go bhfuil droch-chaoi ar chúrsaí sa Fhrainc, is measa i bhfad an scéal sna tíortha eile san Eoraip.” Agus má chaitear súil aon mheandar amháin ar an nGréig, ar an Spáinn nó ar an Iodáil, gan ach cuid de na tíortha a lua ina bhfuil an geilleagar ina phraiseach iontu, tá fírinne éigin sa mhéid sin.

Ag caint dó ar an mbealach raidió RMC traidhfil seachtainí ó shin, dúirt an tUachtarán Sarkozy go bhfágfaidh sé an pholaitíocht ina dhiaidh má shocraíonn muintir na Fraince gan an dara téarma oifige a bhronnadh air. Ráiteas baothdhána, a dúirt go leor, le teann éadóchais.

“Mura bhfuil muintir na tíre sásta muinín a chur ionam, cén mhaith dom fanacht i saol na polaitíochta? Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall… an pobal sa Fhrainc a chosaint, chun an Fhrainc a choimeád láidir. Ach má roghnaíonn siad duine eile le bheith ina uachtarán i m’áit, géillfidh mé dá gcinneadh.”

“Céard a dhéanfainn? Ní fheadar go baileach. Tá sé bliana is leathchéad agam agus tá cúig bliana is tríocha caite agam sa pholaitíocht. Tá gairm agam. [Is dlíodóir é Sarkozy] Athróidh mé mo shaol ó bhun. Imeoidh mé liom agus ní chloisfear trácht orm go deo arís.”

Maoiniú Mé-Féineach Sarkozy

Céard a dhéanfaidh sé, an ea? Má tá bunús ar bith leis na scéalta a tháinig chun solais ar dtús ar an nuachtán Idirlín, mediapart.fr, agus a foilsíodh ina dhiaidh sin sa Guardian ag deireadh mhí an Mhárta, ní dócha go mbeidh Sarkozy rófhada díomhaoin. Tuigtear go bhfuil ceisteanna á n-ardú sa bhFrainc faoi dhá chnap airgid, €400,000 an ceann, a d’íoc Liliane Bettenncourt, billiúnaí L’Oréal, le Sarkozy i 2007. Lena chois sin, cuireann Saïf al-Islam, mac Muammar Gaddafi, i leith Sarkozy gur a bhuíochas le hairgead iardheachtóra Libia a toghadh é ina uachtarán ar an bhFrainc an chéad lá riamh.

Léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh i Paris Match ag deireadh mhí an Mhárta go rachaidh Sarkozy agus Hollande tríd go dtí an dara lá vótála ach go mbeidh bua éasca go leor ag Hollande ar Sarkozy sa deireadh. Is léir aiféala ar Sarkozy go bhfuil an tuiscint ann go forleathan gur uachtarán lucht an rachmais é. Ní hámháin toisc cuid den bheartas cánach atá aige ach toisc go ndearna sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta 2007 a cheiliúradh i Fouquet’s, bialann thar a bheith chic ar na Champs Elysées, ag a raibh go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre i láthair. Is mar gheall air sin gur tugadh an t-uachtarán bling-bling air.

“Dá mbeadh sé le déanamh agam arís, is cinnte nach rachainn go Fouquet’s,” a dúirt Sarkozy agus é i mbun a chuid ‘mea culpaar na mallaibh.

An mbeidh tionchar ag eachtra Toulouse ar thoradh an toghcháin? Is cinnte gur láidre i bhfad Sarkozy i súile an phobail ná an t-iarrthóir Sóisialach, François Hollande, nuair is ceisteanna slándála a bhíonn i gceist. Ach cúig seachtaine roimh an gcéad lá vótála ar 22 Aibreán a tharla an slad a rinne Mohamed Merah taobh amuigh den scoil Ghiúdach ar 19 Márta. An é gur tharla sé róluath san fheachtas toghchánaíochta le teacht i gcabhair ar Nicolas Sarkozy? Is dóigh liom féin gur tharla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.