CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín Aos Deartha Éadaí
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine. Shiúil Mícheál Ó hAodha trasna teorainn an dá aicme, aos ealaíne agus aos deartha éadaí, le tuiscint a fháil ar an scéal.

Íomhá
Camilla Belle ag caitheamh dearadh de chuid Mc Queen
(Anthony Citrano a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Cristobal Balenciaga
(le Jaypofromvox ar Flickr)
Íomhá
Andy Warhol 1977
(le Jack E. Kightlinger, An Teach Bán, SAM)
Íomhá
Takashi Murakami ag Versailles
(le Sodacan ar Vicipéid)
Íomhá
Gúna cniotáilte le Yves Saint Laurent
(le David Hilowitz ar Flickr)

radharc ag tús an scannáin Dead Poets Society, scannán a raibh an-ráchairt air tamall de bhlianta ó shin ina bpléitear an cheist – “Cad is filíocht ann?” Barúlacha thar a bheith spéisiúil a shíolraíonn ó stócaigh na meánscoile uasaicme sa scannán céanna agus óna múinteoir (an t-aisteoir Robin Williams i gcarachtar Mr Keating). Deir an múinteoir leis na daltaí go tosú in athuair=they ought to start again">mba chóir dóibh ="gloss" title="to start again">tosú in athuair ar fhiosrú na ceiste conspóidí sin agus sainmhíniú an dochtúra J. Evans Pritchard, Ph.D. a shracadh amach as an leabhar scoile.

Ní thiocfaidh deireadh go deo leis na ceisteanna seo, is léir. Cad is filíocht ann? Cad is ealaín ann? Ceist atá i mbéal an phobail le blianta beaga anuas, i réimse an oideachais agus sa réimse poiblí is ea, an féidir an faisean a áireamh mar ealaín? Tá líon na n-ealaíontóirí a théann i bpáirt le tithe slachtaíochta i gcomhair taispeántas agus chun ‘líne’ nó lipéid nua éadaigh a chruthú ag méadú de shíor agus tá na teorainneacha a dhéanfadh idirdhealú idir an tslachtaíocht agus an ealaín ag éirí níos éiginnte de réir a chéile.

Cé go maíonn líon beag dearthóirí slachtaíochta gur ealaíontóirí iad, ní hiad an tromlach iad, ná baol air. In ainneoin sin, is follas go bhfuil an tslachtaíocht agus dearthóirí slachtaíochta ag déanamh ionraidh ar fhorais naofa na n-ealaíonna hiarsmalanna - le blianta beaga anuas. Tóg an taispeántas Savage Beauty bunaithe ar dhearthaí Alexander Mc Queen (nach maireann) ag an London Met i 2011, nó taispeántas taistil dála Yves Saint Laurent: The Retrospective,’ nó ‘Fashion World’ le Jean Paul Gaultier: From the Sidewalk to the Catwalk’, taispeántais a ndeachaigh na sluaite le breathnú orthu.

Salvador Dalí

Ní rud nua é go mbeadh dearthóirí slachtaíochta agus ealaíontóirí mar chomhoibrithe agus i mbun tograí le chéile tar éis an tsaoil. Fiú sa tréimhse eadarchogaidh na mór-ranna bhí Salvador Dali ag léiriú spéise i ndomhan an fhaisin. Sa bhliain 1937 d’oibrigh sé i gcomhpháirt leis an dearthóir Iodálach clúiteach Elsa Schiaparelli ar an ngúna gliomaigh ar baisteadh an ‘Mondrian’ air, gúna taibhseach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Yves Saint Laurent nuair a chruthaigh sé culaith lándathannach sa stíl chéanna i 1965.

I measc ealaíontóirí ár linne féin a bhfuil lé faoi leith acu le domhan an fhaisin, tá an Seapánach cáiliúil Takashi Murakami, an fear a chuir na bláthanna straoise ar mhálaí láimhe Louis Vuitton deich mbliana ó shin.

Chruthaigh Andy Warhol gur féidir leis an dá réimse – an ealaín agus an faisean - oibriú go dlúth agus go tairbheach lena chéile agus chruthaigh an dearthóir Bascach Cristóbal Balenciaga an rud céanna. Is ait an mac an saol ach cé go n-admhaíonn an dornán dearthóirí slachtaíochta is clúití ar domhan agus na réaltaí scannánaíochta a mbíonn siad ag dearadh éadaí dóibh go mba é Balenciaga an dearthóir slachtaíochta Eorpach is fearr san fhichiú haois, is annamh a chloisimid tada eile faoin bhfear ciúin seo a raibh iascaire mar athair agus bean fuála mar mháthair aige. In Getaria, baile beag iascaireachta i gCúige Bascach Gipuzkoa, a rugadh Balenciaga sa bhliain 1895. D’fhág sé an scoil agus d’fhoghlaim sé ceird an táilliúra ó fhear áitiúil agus gan é ach trí bliana déag d’aois. Léirigh sé mianach aiceanta go hóg agus é i mbun na ceirde céanna agus d’oscail sé a chéad siopa éadaí i gcathair San Sebastián agus gan an scór bliain sroichte aige fiú amháin.

Fás is Forbairt Balenciaga

Faoi aois a 24, bhí a theach slachtaíochta féin aige, gnó a d’fhorbair sé ionas go mbeadh craobhacha aige de i Maidrid agus i mBarcelona roimh i bhfad. Fear homaighnéasach ab ea Balenciaga, ach dála cuid mhór den saol Laidineach, ba ghnó teaghlaigh é an feathal a bhunaigh sé agus a dheartháir, a dheirfiúr agus gaolta eile ag obair leis, agus a mháthair lárnach sa chúlra ag stiúradh cúrsaí gnó ar a shon.

Is léir go raibh an tsúil ghéar ag Balenciaga agus go raibh an-chumas ann i leith éadaí ban ar shlí a bhí tarraingteach agus álainn, slí a léirigh áilleacht agus meanma áirithe an duine sin. Scaip cáil Balenciaga i gcéin is i gcóngar agus bhí leithéidí mháthair Bhanríon na Spáinne á ngléasadh agus ina chleithiúnas aige roimh i bhfad.

Bhí os cionn 250 oibrí ag obair sa ghnó s’aige i Maidrid agus 100 duine i mBarcelona nuair a bhí Balenciaga i mbarr a réime. Faraor, scriosadh na gnólachtaí sin ag tús an Chogaidh Chathartha sa Spáinn agus bhí air Balenciaga bogadh go Páras na Fraince agus tosú in athuair. Ba ar shráid rachmasach an Georges V a d’oscail sé a chéad siopa sa Fhrainc mar a raibh cónaí air ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin. In ainneoin na ndeacrachtaí sin go léir, léirigh máistrí faisin na Fraince urraim do Balenciaga thar na blianta. Dúirt Dior gurbh é Balenciaga primus inter pares dhomhan an fhaisin é.

Ba sa tréimhse sin idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus deireadh na Seascaidí a bhí an tionchar is láidre ag Balenciaga ó thaobh stíle de. Dála ealaíontóirí eile, b’iad a chuid fréamhacha i dTír na mBascach agus sa Spáinn b’ábhar tinfidh do Balenciaga agus é i mbun dearadh éadaí, gnéithe ar nós saol an flamenco, seanbhéascna an tarbhchomhraic agus dathadóireacht Velázquez san áireamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.