THALL IS ABHUS
Blaiseadh den fhíon
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Thug Alan Desmond aghaidh ar Bhaile Mhaolmhuaidh, ionad Darina Allen, i gCorcaigh le freastal ar chúrsa súimíneacht fíona. Bhí sé ag súimíneacht leis ar son na cúise agus d’fhág sé tuairisc ina dhiaidh againn anseo thíos de chruthú air nach ndeachaigh sé thar a acmhainn óil.

Íomhá
Teach Bhaile Mhaolmhuaidh i Seangharraí
Íomhá
Stiúrthóirí an chúrsa, Colm McCan ar chlé, John Mc Donnell ar dheis
Íomhá
Do bharúil. - níl a fhios agam, caithfidh mé tuilleadh a bhlaiseadh go fóill.
Íomhá
Béal tirim, níor fágadh sa teach

Ní dhéanaim ach sciuird a thabhairt ar Tesco de ghnáth, nuair a bhíonn fonn fíona orm ach thug mé aghaidh ar Theach Bhaile Mhaolmhuaidh (www.ballymaloe.ie) le déanaí chun freastal ar chúrsa lae i mblaiseadh fíona. Mheasas go ndoimhneodh sé an cur amach atá agam ar an deoch is fearr liom. Is sa Seangharraí in oirthear Chorcaí atá an teach mór áirgiúil seo, ar ndóigh, agus is le muintir Allen é.

Ní hionadh mar sin, agus mé ar thóir an tseomra ina mbeadh an cúrsa blaiseadh fíona ar siúl, mo shúil a bheith amuigh agam ar sheans go bhfeicfinn Darina Allen í féin. Darina ní fhaca, ach ba ghearr gur tháinig mé ar scór daoine a bhí bailithe le chéile i bhforsheomra, caifé beadaí á ól acu agus brioscaí úrbhácáilte á n-alpadh acu. Bheinn ag déanamh áibhéile dá maífinn gurbh fhiú an €175 a íoc as an gcúrsa ar son na mbrioscaí amháin ach bhí gach duine ar aon intinn gur bhrioscaí eisceachtúla iad. B’fhéidir gurbh í Darina féin a rinne iad a bhácáil.

Agus gan mo sháith brioscaí plactha agam, ná geall leis, tugadh isteach i seomra eile sinn, shuígh gach duine ag ceann de na boird ghléasta sa seomra agus cuireadh beirt stiúrthóirí an chúrsa in aithne dúinn.

Is é Colm McCan sommelier Theach Bhaile Mhaolmhuaidh, is é sin, an duine atá freagrach as gach rud a bhaineann le fíon i dteach mhuintir Allen. Díreach mar a shamhlóinn duine a bhfuil mioneolas aige ar chúrsaí fíona bhí sé mínráiteach fiosúil. Is léachtóir le Bord Fhíon na hÉireann é John McDonnell, fear a thug seacht mbliana ag plé leis an tionscal fíona san Astráil agus a bhí chomh éagsúil lena chomhstiúrthóir is atá cailc le cáis. Bhí glór mór ard aige is labhair sé chomh tapa sin go ndéarfá go raibh sé direach tar éis pota iomlán caifé a shlogadh siar.

An tseiris in áit an tsearbhais

Ba é an chéad rud a bhí le tástáil ná seiris ghéar fhuaraithe. Tá an tseiris ar na fíonta a bhfuil lagmheas orthu le déanaí, dar le John. Chrom gach duine eile a bhí i láthair a gcinn chun cur in iúl gur go maith a thuig siad an méid sin. Tar éis moille cúpla soicind, chrom mé féin mo cheann le nach dtuigfeadh mo chomhbhlastóirí a aineolaí a bhí mé ar na cúrsaí seo.Dhiúg mé go tapa an leathghloine seirise a bhí doirte amach ag an bhfreastalaí dom. Fuair mé cic bhreá uaithi. Níor thuig mé an míchlú a bhí ar an deoch seo. D’fhéach mé ar an uaireadóir. A deich a chlog ar maidin. D’fhéadfainn dul i dtaithí ar an saghas saoil seo.Ba fhoireann iontach iad John is Colm, ag sealaíocht ar a chéile agus na múrtha eolais a bhí acu faoi gach gné d’fhíon á roinnt acu linn. Bhí caint íseal tomhaiste Choilm mar chomhlánú foirfe ar an mire comhrá a bhí á spalpadh ag John.

Sula raibh an chéad leathghloine seirise taosctha agam bhí ráite acu gur fíon treisithe í an tseiris, is é sin go gcuirtear branda leis agus an próiseas coipthe thart. Dúirt John gur ó iardheisceart na Spáinne a thagann an tseiris is dúirt Colm gur in ithir chailceach a fhásann na fíonchaora. Dúirt Colm gur maith seiris a ól le hológa, almóinní agus bia mara. Dúirt John gurb ionann seiris a bhlaiseadh den chéad uair agus ológ a ithe nuair atá súil agat le fíonchaor.Mar fhocal scoir ar an tseiris, dúradh go raibh leathbhuidéal den Lustau Papirusa Manzanilla Sherry a bhí díreach ólta againn le ceannach sna siopaí ar €10.

An sup in áit na stuaime

Níor luaithe trácht ar an tseiris thart ná go raibh leathghloine de Champagne Pol Roger os mo chomhair amach. Seaimpéin é seo a bhfuil an-tóir ag leithéidí Beyoncé air, dar le John. Ach fuair piardaí móra blas air go maith sular tháinig Beyoncé ar an saol, dar le Colm. D’óladh Winston Churchill pionta de le linn an dara chogaidh dhomhanda.

Díreach agus mé ar tí an seaimpéin ab fhearr le Churchill a shlogadh siar, rith sé liom go mba ghearr go mbeinn ólta as mo mheabhair dá leanfainn ar aghaidh ar an dul seo. Bhí dhá fhíon déag le tástáil san iomlán agus bheadh fíon mar chuid den lón chomh maith. D’fhéach mé ar Cholm is John a bhí ag bolú ar an deoch. Bhain siad súimín aisti. Ach níor shlog siad í. Chuir siad an deoch ar snámh istigh ina mbéil ó leiceann go leiceann agus sheiligh siad amach i soitheach éigin í. D’fhéach mé ar an gcúigear a bhí ar aon bhord liom is bhí an rud ceannann céanna á dhéanamh acusan.Chlaon bean mheánaosta - bandia na stuaime b’fhéidir! - a ceann i mo leith is dúirt go cneasta, “ní cúrsa ólta fíona é seo ach cúrsa blaiseadh fíona. Is seileadán é an rud sin os do chomhair amach.”Cé gurbh é sin an ceacht ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé i mBaile Mhaolmhuaidh, fuair mé saibhreas eolais ar dhomhan na bhfíonta, ó thábhacht na hithreach is na haimsire go buntáistí na stopallán éagsúil a úsáidtear i mbuidéil, ón mbia is fearr a ithe in éineacht le fíonta áirithe go lorg carbóin de chuid thionscal an fhíona.

Mar fhocal seirise

Is glas-stócach fós mé sna cúrsaí seo, gan aon agó, ach rinne ar fhoghlaim mé fonn foghlama breise a chothú ionam, rud a dhéanfaidh mé a luaithe a bheidh an chéad chúrsa eile ar siúl ag an bhfoireann fíona is fearr, Colm McCan is John McDonnell.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.