CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Teorainneacha an idirlín
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Léiríonn suíomh gréasáin NASA na laigí a bhaineann leis an idirlíon mar mheán, mar aon leis na buntáistí, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá

Thuas seal, thíos seal - sin mar a bhíonn an saol teicneolaíochta go hiondúil agus ní haon eisceacht iad iarrachtaí eolaithe spásárthaigh a thuirlingt ar Mhars le déanaí. Is éacht teicneolaíochta é aon rud a sheoladh chomh fada le Mars agus bhí go leor fadhbanna ag gabháil leis na misin is déanaí. Cé go bhfuil an chosúlacht air gur theip ar Beagle bocht na hEorpa an dromchla a bhaint amach go slán sábháilte, d’éirigh le gléasanna eile NASA agus ESA grianghraif iontacha a sheoladh ar ais. Tá an-úsáid á baint as an idirlíon chun na torthaí seo a scaipeadh - úsáid a léiríonn buntáistí agus teorainneacha an idirlín.

Is chun torthaí eolaíochta a scaipeadh a cruthaíodh an gréasán domhanda agus tá NASA ag baint lánúsáide as suíomh gréasáin speisialta (http://marsrovers.jpl.nasa.gov/home/index.html) chun grianghraif agus eolas eile faoina gcuid oibre a dháileadh. Laistigh de chúpla uair an chloig de róbó NASA grianghraif a ghlacadh ar dhromchla Mars, bíonn na grianghraif chéanna le fáil ar an idirlíon. Bhí an méid sin daoine ag cur spéise sna pictiúir ag an tús go raibh na milliúin meigibheart d’eolas cóipeáilte anuas ó ríomhairí na heagraíochta taobh istigh de chúpla lá. Go deimhin, bíonn ar NASA na híomhánna is mó a bhaint ón suíomh ó am go ham agus cinn bheaga ar chaighdeán íseal a chur ina n-áit toisc go mbíonn an córas ag éirí níos moille nuair a fhéachann a lán daoine ar a suíomh.

Ar ndóigh, is toisc go bhfuil an méid sin rudaí maithe le fáil ar an suíomh gréasáin atá acu a bhfuil na fadhbanna seo ann. Tá an teorainn teicneolaíochta brúite amach acu leis na háiseanna éagsúla atá curtha ar fáil acu. Idir mhíreanna físe, bheochain bhríomhara agus thaispeántais idirghníomhacha, tá áiseanna den scoth curtha ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu i Mars - agus sa teicneolaíocht agus san eolaíocht go ginearálta.

Léiríonn na fadhbanna atá ag NASA lena suíomh ceann de na srianta is mó atá ar an idirlíon faoi láthair: bandaleithead. Níl an córas in ann déileáil leis an méid eolais atá daoine ag iarraidh a sheoladh timpeall ar an ngréasán domhanda. Cé gur buntáiste mór é bandaleithead leathan a bheith in úsáid ag duine chun breathnú ar shuíomh gréasáin NASA, cuireann sé brú mór ar na ríomhairí acu siúd an méid sin eolais a sholáthar do na ríomhairí éagsúla ag an am céanna. Faraor, níl go leor bandaleithid acu féin chun déileáil leis an méid eolais gur gá a scaipeadh nuair a bhíonn líon mór cuairteoirí ar an suíomh.

Agus é sin ráite is sampla breá é an suíomh acu den tslí gur féidir an t-idirlíon a úsáid chun eolas a scaipeadh - sampla atá anois á leanúint ag ESA (http://www.esa.int/export/esaCP/index.html). Tar éis do Howard Dean a léiriú nach leor comhluadar a chruthú ar an idirlíon chun tacaíocht a chinntiú taobh amuigh den chibirspás, b’fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis nach n-athróidh an t-idirlíon ár sochaí ach gur féidir leis cabhrú linn ár dtuiscint ar an domhan a leathnú.

Is é Diarmaid Mac Mathúna www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise: www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.