AR NA SAOLTA SEO
Cáin Réadmhaoine agus Rialtas Áitiúil
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.

Íomhá
Ray Mac Searraigh, ar dheis, 1990
leis an Aontas Eorpach
Íomhá
Bog ar cháin i gCalifornia
le Dale Frost, Cala San Diego, ar Flickr
Íomhá
Charlie Mac Riabhaigh
leis an IMF ar Vicipéid

Gheall Jack Lynch san fheachtas toghchánaíochta sa bhliain 1977 go gcuirfeadh Fianna Fáil deireadh le táillí tís – cáin a ghearrtar ar luach an tí chónaithe. Bhain siad an toghchán agus chuir siad lena bhfocal. Chuir siad deireadh leis an cháin sin agus le go leor táillí eile nach í, an mhótarcháin ina measc, agus d’ardaigh siad caiteachas an rialtais go suntasach. Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.

D’éirigh linn smacht a chur ar an chaiteachas phoiblí faoi cheann cúig bliana – buíochas mór do Dhia -- agus, faoi lár na nóchaidí, bhíomar faoi lán tseoil arís. Ach níor cuireadh táillí tís i bhfeidhm in athuair agus chuaigh an stát i muinín dleacht stampála feasta chun cáin a ghearradh ar réadmhaoin. Ba bheag a shíleamar an t-am sin, áfach, gur mhór an botún é nach ndeachaigh siad siar ar an chinneadh a rinneadh ar tháillí tís.

De réir mar a chuaigh an borradh faoi luach tithe ar aghaidh, go háirithe tar éis na bliana 2000 nó mar sin, chuaigh an rialtas ní ba mhó i muinín airgid ó dhleacht stampála. Níor sholáthraigh dleacht stampála faoi lár na nóchaidí ach 6% d’ioncam an stáit. Faoin bhliain 2007 sholáthraigh sé 17% de. Ba léir go raibh an rialtas ag brath ar fhás ar an mhargaidh tithíochta agus níos measa fós, bhí sé lena leas nuair a bhí praghsanna tithe ag fás go gasta, rud a spreag iad chun an margadh tithe a chothú agus a bhoilsciú. As seo a chuaigh stiúradh geilleagair na tíre ar leathmhaig de luas lasrach.

Ceannairí Ráscánta

Ar ndóigh ní hé deireadh na dtáillí tís an t-aon chúis amháin leis an mheathlú geilleagair, ach creidim go raibh sé tábhachtach. Léirigh sé a ráscánta is a bhí ceannairí na tíre i dtaobh an gheilleagair: chuir siad leas na tíre i mbaol ar mhaithe le dul chun cinn toghchánaíochta. Má tá Lynch agus a chomhleacaithe ciontach as an fheall sin a imirt, rinne Charlie McCreevy amhlaidh nuair a d’fhógair sé go gcaithfeadh sé a raibh aige. I dtaca leis an gheilleagar, bhí an toradh céanna ag rialtas Lynch is a bhí ag rialtas Ahern: chuir siad an tír ar bhealach chun na tubaiste.

Léiríonn scéal na dtáillí tís fosta go bhfuil muintir na hÉireann bogchroíoch i dtaobh na réadmhaoine agus na tithíochta. Ní raibh sé de mhisneach ag aon pháirtí moladh go dtabharfaidís na táillí sin ar ais: go dtí anois. Is cosúil anois nach mbeidh an dara rogha ag an rialtas ach táillí tís nó cáin réadmhaoine de chineál éigin a chur i bhfeidhm. Ba chóir dóibh é sin a dhéanamh ar neamhchead dá ndéarfaidh an freasúra nó do ghotha an lucht agóide.

Deir go leor daoine nach bhfuil sé ceart nó cóir aon cháin nach mbaineann le hioncam a ghearradh ar dhaoine. I dtús, tá na cánacha seo ann cheana féin: is cuma saibhir nó bocht thú, íocann tú CBL ar an ráta chéanna. Anuas air sin, ní gá nach mbeadh aon ghaol idir ioncam agus cáin réadmhaoine. D’fhéadfaí an cháin a ghearradh de réir méid an tí, de réir ioncam an tsealbhóra, de réir luach an tí, nó de réir réigiúin. Nó d’fhéadfaí leas a bhaint as meascán de na cúinsí seo, faoi mar a dhéantar i go leor tíortha eile.

An Gnás i dTíortha Eile

Tá táillí tís nó cáin réadmhaoine i bhfeidhm ar fud na hEorpa, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil, san India go fiú, agus i go leor tíortha eile nach iad. D’fhéadfaí a leithéid de cháin a chur i bhfeidhm sa tír seo gan aon amhras.

Tá sé spéisiúil gur chuir California srian dhaingean ar uasmhéid an ráta cánach a ghearrtar ar réadmhaoin nuair a chuir siad “moladh 13” nó proposition 13 lena bhunreacht sa bhliain 1978. Anois, bhí fadhbanna airgeadais ag an Stát Grianmhar ó shin i leith. De réir eagarfhocal an LA Times, bhí orthu brath ar fhoinsí ioncaim atá an-luaineach agus a athraíonn go gasta de réir an chúlra gheilleagair. Tá leibhéal an ioncaim a bhailíonn údaráis an stáit dlúthcheangailte leis an timthriall gnó, rud a fhágann go bhfuil geilleagair an stáit in anó mhór ó thús na géarchéime airgeadais.

De réir tuairisc san Atlantic Monthly tá California ar an dara stát is measa san Aontas ó thaobh chruth an gheilleagair de. Thit luach na dtithe ann 28% ón bhuaicphointe sa bhliain 2006. Tá an ráta dífhostaíochta ag 12.4%, an tríú leibhéal is measa sna stáit go léir. D’isligh Standard and Poor grádú an stáit go ‘A-‘ ag tús na bliana. Tá drochbhail ar fad ar scéal airgeadais an stáit agus beidh orthu ciorruithe ollmhóra a chur i bhfeidhm. (Aithnímid an scéal sin!)

Beidh ar rialtas na tíre seo níos mó cáin a ghearradh ar dhaoine amach anseo ar chaoi amháin ná ar chaoi eile. Tá súil agam go dtapóidh siad an deis seo chun cáin réadmhaoine a chur i bhfeidhm. (Mar a tharlaíonn sé, is sealbhóir mé féin agus tuigim go mbeinn féin thíos leis seo chomh maith le duine ar bith eile). Molaim an beart seo toisc go gcreidim go mbeidh sé ar leas na tíre san fhádtéarma. Cuireann cáin den chineál sin le cobhsaíocht an mhargaidh tithíochta agus le cobhsaíocht an gheilleagair i gcoitinne. (Amach anseo agus duine ag ceannach nó ag tógáil tí, cuir i gcás, smaoineoidís ar an cháin, agus cheannóidís nó thógfaidís teach de réir a n-acmhainne, is cuma cé chomh híseal is a bheadh an ráta úis).

Leasú an Rialtais Áitiúil

Molaim go n-íocfaí an cháin réadmhaoine seo leis an údarás áitiúil. Bíonn na comhairlí contae ag brath ar dheontas mór ón chiste láir faoi láthair. Fágann sé seo go mbíonn an-smacht ag an rialtas láir ar na comhairlí, rud a scriosann an daonlathas áitiúil. Má thugtar níos mó cumhacht do na húdaráis áitiúla, áfach, beidh athleasú ar an rialtas áitiúil de dhíth.

Is beag athrú a cuireadh ar bhonneagar an rialtais áitiúil sa tír seo ó bunaíodh an córas níos mó na céad bliain ó shin. I mbeagán focal, ba chóir go mbeadh ról ní ba láidre ag baill tofa na n-údarás (in áit na mbainisteoirí ag a bhfuil gach cumhacht feidhmeannach faoi láthair), ba chóir roinnt mhaith comhairlí a chónascadh, agus ba chóir go mbeadh méara tofa ag na cathracha (ní hamháin Baile átha Cliath mar atá le teacht an bhliain seo chugainn.)

Mar sin, molaim go gcuirfidh an rialtas cáin réadmhaoine i bhfeidhm, gur cáin áitiúil nó réigiúnach a bheidh i gceist agus go gcuirfear leasuithe ar bhonneagar an rialtais áitiúil san am chéanna. Creidim go gcuirfeadh na hathruithe seo le cobhsaíocht airgeadais na tíre agus go dtabharfaidís deis dúinn córas rialtais áitiúil a chruthú a bheadh feiliúnach don aonú aois is fiche.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.