AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Deighilt i measc an phobail mar gheall an Naonúr Bali
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin
Íomhá
Andrew Chan and Renae Lawrence, beirt de Naonúr Bali
Íomhá
Nguyen Tuong Van: dealraíonn sé go gcrochfar é roimh an Nollaig

Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Tá sé ina raic san Astráil faoin mbaint a bhí ag an Australian Federal Police le gabháil naonúr Bali i mí an Aibreáin de bharr hearóin a bheith acu le tabhairt go dtí an Astráil (féach Beo!, Bealtaine 2005). Tá sé tugtha le fios le seachtain anuas go raibh a fhios ag an AFP beagnach chuile rud faoin naonúr agus an plean a bhí acu ocht gcileagram hearóine a thabhairt ar eitilt go Sydney – an t-ainm a bhí orthu, cá raibh siad ag fanacht, cé a bhí i gceannas, cén chaoi a mbeadh na drugaí stóráilte acu agus mar sin de, agus gur thug siad an t-eolas sin ar fad do phóilíní na hIndinéise.

deighilt i measc an phobail anseo. Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil. Tá siad ag rá freisin gurb é polasaí an rialtais gan comhoibriú le póilíní thar lear i gcásanna go bhféadfaí pionós báis a ghearradh ar dhaoine as an Astráil. Tá dream eile ag rá go raibh an ceart ar fad ag an AFP agus nach bhfuil trua ar bith acu don naonúr a gabhadh, gur saint ba chúis leis an iarracht a bhí ar siúl acu agus nach raibh trua ar bith acu féin do na daoine a bheadh ag fulaingt de bharr na ndrugaí a bhí á n-iompar acu.

Maidir leis na AFP, tá siadsan ag rá nach mbeidh siad ag gabháil leithscéil ar bhealach ar bith faoin méid a rinne siad sa gcás seo agus go bhfuil sé de dhualgas orthu pobal na tíre a chosaint ó dhrugaí agus mangairí a chur faoi chois.

I gcás eile in oirdheisceart na hÁise, daoradh Nguyen Tuong Van as an Astráil chun báis agus theip ar a achomharc i Singapore le gairid. Ciontaíodh é de bharr 400 gram hearóine a bheith ina sheilbh nuair a gabhadh é in 2002 ag Aerfort Changi agus é ar a bhealach as an gCambóid. Tá rialtas na hAstráile tar éis impí ar rialtas Singapore an pionós báis a chur ar ceal ach níor mhínigh siad go poiblí cén fáth go mbeadh sé ceart go leor daoine as tíortha eile a chur chun báis i gcás mar seo ach nár chóir é a dhéanamh i gcás daoine as an Astráil. Ní cosúil go mbeidh aon tionchar ag an impí sin ar an scéal. Tá an rialtas anseo ag rá nach bhfuil mórán dóchais acu faoin gcás. Is cosúil go gcrochfar Nguyen roimh an Nollaig.

In ainneoin an mhéid poiblíochta atá tugtha le tamall do dhaoine as an Astráil a gabhadh agus drugaí ina seilbh san Áis, is cinnte nach mbeidh aon deireadh leis an trácht seo a fhad is a cheapann daoine go bhfuil airgead “éasca” le déanamh ag iompar drugaí do na mangairí.

*Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.