CÚINNE NA nEALAÍON
Taisí Naomh Peadar
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.

Íomhá
Cristina Fernández de Kirchner, presidente de la nación Argentina, con el Papa Francisco
(Presidencia.gov.ar ag Casa Rosada ar Vicipéid)
Íomhá
Macasamhail de Naomh Peadar ón 4ú aois
(Coimisiún Seandálaíochta Naofa an Phápa ar Vicipéid)
Íomhá
O Papa Francisco durante audiência com a presidente do Brasil Dilma Rousseff
(le Agéncia Brasil)
Íomhá
Peadar á chrochadh
(le Caravaggio ar Vicipéid)
Íomhá
Fresco de chrochadh Pheadair
(le Michelangelo Buonarroti ar Vicipéid)

Bhailigh Críostaithe, neamh-Chriostaithe chomh maith le turasóirí fiosracha faoi spéir scamallach i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar na mallaibh, le fianacht a thabhairt ar ócáid fíorshuntasach i stair na Eaglaise Caitlicí. Rinne an Pápa Prionsias ceiliúradh ar aifreann speisialta ina raibh urraim do bhloghanna iarsmaí, a chreidtear gur le Naomh Peadar iad, le feiceáil go poiblí don chéad uair leis na cianta.

Chuir an ceiliúradh seo deireadh le ‘Bliain Creidimh’ a thosaigh an Pápa Bheinidict XVI i 2012 agus a chuir i gcuimhne do Chríostaithe an bhaint atá acu le traidisiún fada a théann siar go dtí Naomh Peadar, an chéad Phápa, iascaire bocht agus deisceabal, a fuair bás ar son a chreidimh sa Róimh 1,950 bliain ó shin.

Mar a bheifeá ag súil, bhí conspóid ann maidir leis na híarsmaí a nochtadh, go háirithe nuair nár dheimhnigh aon phontaif riamh gur fíorchnámha an Naoimh a bhí iontu agus go gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill nach mbaineann siad le Peadar ar chor ar bith.

Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach. I ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois d’éirigh daoine éiginnte faoi fhíordheimhneacht na dtaisí agus caitheadh ar shiúl cuid mhór acu. Anois níl fágtha, in go leor cásanna, ach cumhdach álainn a bhí déanta leis na taisí a chosaint chomh maith le hurraim a thabhairt dóibh.

An Tochailt Tosaithe

Thóg an tImpire Constaintín Baisleac Naomh Peadar i 330 A.D. ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn. Glacadh leis an tsuíomh mar áit dhiaganta, bheannaithe de bharr seo agus níor bhain duine ar bith leis ar feadh na gcéadta. D’ordaigh Pápa Pius XII tochailt seandálaíochta ann sa bhliain 1939 leis an chreidiúint go dtiocfaidís ar iarsmaí an Naoimh.

Thóg an tochailt blianta fada, agus thit an cúram ar Phápaí chomh maith le seandálaithe éagsúla. Bhí cuid mhór easaontú ann faoi thorthaí na tochailte, rud a spreag conspóid agus troideanna inmhéanacha. I measc na gcnámh éagsúil, fuaireas iarsmaí d’fhear a bhí cúig troithe agus seacht n-orlaí ar airde, a bhí tógtha go maith agus a bhí idir seasca agus seachtó bliain d’aois nuair a fuair se bás, go díreach mar bhí Naomh Peadar é féin, de réir dealraimh.

Níos suntasaí arís bhí éadach corcra agus óir, dathanna a dheimnigh tábhacht, thart timpeall ar na cnámha agus inscríbhinn sean-Ghréigise in aice leis an uaigh ag rá Petros eni, rud a chreidtear gur giorrúchán ar Petros enesti a bhí ann, a chiallíonn, tá Peadar anseo.

D’fhogair Pápa Pól VI sa bhliain 1968, i ndiaidh comhairle ón cheád seandálaí Vatacánach baineann, Margherita Guarducci, go raibh barúil láidir ann gur le Naomh Peadar na cnámha. Iontach go leor áfach, coinneoidh na hiarsmaí faoi cheilt i síothal i séipéal príobaideach an Phápa ar feadh na mblianta fada – go dtí anois.

Éiginnte i dTólamh

Níor ghlac saineolaí Vatacánach eile riamh le comhairle Margherita Guarducci agus dar le John Thavis a scríobh ‘Dialanna Chathair na bhFáithe’ go raibh an t-achrann seo ina ‘ábhar náire’ ag an Eaglais, nár spreag ‘mórán muiníne san Eaglais a bheith ábalta a stair féin a athnochtadh’.

Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo. Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.

Tháinig 8.5 milliún oilithrigh chuig tuama Naomh Peadar le linn na bliana seo mar chuid do Bhliain an Chreidimh agus mar sin bhí sé ina ábhar tráthúil gur leis an taispeántas seo a cuireadh deireadh leis an bhliain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.