121
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite. Cuireadh cosc air chomh maith alt a chur ar fáil don iris arís go dtí mbeadh sé sásta leithscéal a ghabháil. Níor tháinig an leithscéal sin go fóill. I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
»»»Bhí conspóid ag baint i mbliana arís le Gradam Turner. An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?
»»»Tar éis di cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil. San ochtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar chuid de na hiontais a chonaic sí ansin.
»»»Fliúiteadóir agus píobaire é Seán Ryan as Chicago. Tháinig sé go hÉirinn áit ar thit sé i ngrá le fidléir cumasach as Contae Dhoire darb ainm Clodagh Boylan. Níorbh fhada gur sciob sé leis í anonn go dtí an chathair ghaofar. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin ngrá agus faoin gceol.
»»»Níl aon toradh ar na milliúin a thug an rialtas do lucht na hUltaise ó thuaidh. Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.
»»»Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach gá a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le Paypal ná lena leithbhreac d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
»»»Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.
»»»Is minic daoine a thugann cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ag gearán nach mbíonn go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl. Ní bheidh aon chúis ghearáin as seo amach acu siúd a thabharfaidh aghaidh ar Ghort an Choirce in iarthuaisceart an chontae, mar a mhíníonn Colm Ó Dúlacháin.
»»»Tá gaolta na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtubaiste Hillsborough i 1989 fós ag cur brú ar na húdaráis chun fiosrúchán ceart a chur ar bun le teacht ar an fhírinne. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Tá Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, ‘Kakera – A Piece of Our Life’.
»»»Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.