CÚINNE NA nEALAÍON
KINOan cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, KakeraA Piece of Our Life’.

Íomhá
Haru agus a stócach
Íomhá
Momoko Ando
Íomhá
Kakera poster
Íomhá
Riko
Íomhá
Riko agus Haru
Íomhá
Haru

*‘KakeraA Piece of Our Life’… *

An chéad fhadscannán le Momoko Ando. Scéal comhaimsireach, suite i mbruachbhaile anaithnid i Tokyo, i bhfad ar shiúl ar chuile bhealach ó chathair iltíreach na dturasóirí.

Á dháileadh sna dúichí seo ag Third Window Films…. comhlucht nua i Londain Shasana a bunaíodh chun plúrscoth úrscannán ealaíne na hÁise a chur chun cinn. Ar fáil go forleathan ó na gnáthfhoinsí idirlín, Play agus Amazon san áireamh.

Dealbhóir próistéiseach liachta is ea Riko. Samhlaigh na híomhánna a thugann an cheird sin don léiritheoir. Titeann Riko i ngrá leis an mac léinn Haru. Is bean óg féinmhuiníneach í an Riko chéanna. Ábhar a seirce - bean óg eile - ingénue - nach mór a meas uirthi féin, is baolach. Haru is ainm di siúd. Í i gcaidreamh míshásúil, ó chéad amharc an cheamara, le fear óg a chaitheann léi amhail is mba soitheach chuid drúise í. Haru gafa idir dhá thine Bhealtainean grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid. É sin, fanacht laistigh de ghaol neamhchothrom, mí-úsáideach le fear óg - gaol éigniúil ó am go chéile fiú, a fhágann míchompordach, neamhchomhlíonta í. Sin í a rogha. Saoirse hanam lasmuigh d’fhormheas an phobail, an múchadh mall, géilliúil atá in ann di leis an bhfear óg áirithe sin, fiú más laistigh den gcompord coiteann a thugann faomhadh na sochaí di.

Scéal an-mhór, an-bheag, an-phearsanta.

Sin bun agus barr céad scannán Momoko Ando (28), iníon an aisteora/léiritheora Eiji Okuda. Ach i bhfad Éireann níos sin amháin á fhiosrú ag an léirtheoir óg mná seo.

téis i bhfábhar an leisbiachais éKakera’, baol air. Momoko Ando i bhfad ró-ealaíonta chun srian cúng leithéid a chur ar a samhlaíocht, ar a cuid oibre. Is uaisle ar fad sin a sprioc. ’Siad dúchas an ghrá féin agus ionannas sainiúil ban dhá phríomh ábhar a fiosraithe. Sna dúichí anama atáimid an dul seo. I ndúichí na spioradáltachta i bhfad ar shiúl ón inscneacht. Fuirsíonn Ando raontaagape’ na nGréigeach fadó, dúiche a raibh an t-uafás dearfach le ag an Pápa Benedict XV1 ina thaobh sa chéad tréadlitir thábhachtach óna pheann, ‘Deus Caritas Est’ (2005), ina dtugann Easpag na Róimhe léargas léannta dúinn ar an shaghas grá – ‘eros’ na drúise agusagape’ an spioraid.

Sin ráite, n’fheadar cad a bheadh le ag mo sheanchéile comhraic Ratzinger faoiKakera’. Céile comhraic? mo chárta ballraíochta i gclub lucht leanúna Hans Kung ó na seascadaí agam. Thuigfeadh Kung Ando. féidir liom a gurb í Ando an léiritheoir scannáin is fearr ar domhan faoi lathairach níl aon cheist faoi, dar liom, ach gurb é Kung an Pápa is fearr nach raibh, is nach mbeidh riamhagainn’, sa frig ant-againn’ sin céanna. Maith dhom an bladhmann fiáin sinfillim anois ar an scannán.

Riko ar maos le soifisticiúlacht éasca na nuamhná Seapánaí. Cúthaileacht, géilliúlacht agus ceann-fé bhean traidisiúnta na Seapáine a léiríonn Haru - gamine/ingénue ina bhfuil macallaí Audrey Hepburn, Jean Seberg agus Audrey Tatou le feiscint inti. péire buataisí agus bealach siúil páistiúil cuid féin aici, tagairt a thugann Tatou inAmelie’ chun cuimhne dúinn. Í de shíor ar sodar i ndiaidh a fir óig, go fisiciúil ina lorg nuair is le chéile iad, agus, le fírinne, i marbhshruth a grágheal mná nuair is ina comhluadar siúd atá . Íomhá thar a bheith feidhmiúil atá ansin, i measc a lán meafar neamhghnách eile sa scannán tríd síos.

Snas Cruthanta

Rothaí móra an tsaoil a thugann Riko eolasach agus Haru leochailleach i láthair a chéile. Cumhacht na cinniúna, más mian leat. Caolsheans as a fhásann, céim ar chéim, rud uasal - an grá neamhchoinníollach, nach soilsítear, is cosúil, ach don mbeagán. Más eolasach féin í Riko, ionramhálaí leisbiach tiomanta ach oiread í. cúpla bliain aici ar Haru, sin an méid. Níl aon mhí-úsáid cumhachta eatarthu bharr.

Pearsantacht chasta dhaonna atá ag Riko. Craobhscaoileann soiscéal an ghrá neamhchoinníollaigh, ach cailleann an cloigeann le Haru nuair a fhaigheann amach go bhfuil Haru le filleadh ar feadh scaithimh ar a hógfhear. idir sholas agus scáil sa phríomhcharactar banrud a thaispeánann aibíocht shocair an léiritheora.

Cuir barra ar an gcreatlach thuasluaite mar choimhlint le réiteach. Is mar scannán le hoibriú amach is le críochnú. Agus san oibriú amach agus sa chríochnú sin léiríonn Ando guth úrnua cineamúil. Guth tomhaiste, físiúil, dúshlánach. Níl aon réiteach simplí ar aon cheann de na ceisteanna, ar aon cheann de na caidrimh a fhiosraítear sa scannán seo. Creidim gur i láthair cheardaí oilte sa mbroinn atáimid, tagtha slán aibí ar an saol. minic a thuairiscím léiritheoir a thaispeánann úire na hóige agus gaois na críonnachta mar í san aon chéad scannán amháin.

siúráltacht chothram i bhfeasacht aestéitiúilKakera’ tríd síos freisin. Smacht ag Ando ar an fhís. Agus ar an bhfuaimrian. An ghné sin ag obair as lámha chéile mar is ceart. Dánaíocht san fhísiúlacht freisin. Íomhánanna ó am go chéile a chuir siar ar na sála . In ainneoin chorrlocht an tosaitheora, agus a leithéid ann, maithim di iad dánaíocht, crógacht ealaíne is féinmhuinín.

Is Mór an Gar É

Mar go rabhas as ciorcal na scannán anseo in Éirinn le roinnt míonna anuas feas dom an bhfuair an ceann seo eisiúint cineamúil in Éirinn. Muna bhfuair, ímpím ar an IFI, ar an Light House an t-easnamh sin a leigheas, más easnamh é. Más in aon bhall tíre thú ina bhfaigheann an ceann seo eisiúint, caill é. Muna bhfuil, teacht éasca ar an DVD ar an idirlíon.

Muna dtiteann i ngrá le Riko (Eriko Nakamura) agus le Haru (Hikari Mitsushima), acu fear bean , caithfidh go bhfuilir troigh bhun cheana féin. Is mór an gar an scannán seo, agus tréaslaím le Alistair Leach agus le Third Window Films ina chur ar fáil an taobh seo cruinne dúinn. Nára fada uainn a dara gála, is gura tsunami eile a mhúsclóidh Momoko Ando an chéad bhabhta eile.

Foireann

  • Scríbhneoirí: Eriko Sakurazawa - Loves Vibes’ a scríodh i 1996 - agus Momoko Ando
  • Ceol: James Iha, iarghiotáraí na Smashing Pumpkins’
  • Ceamara: Koichi Ishii
  • Eagarthóir: Jun’chi Masunaga
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.