AR NA SAOLTA SEO
Ag iarraidh ceart a fháil d’íospartaigh Hillsborough
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

gaolta na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtubaiste Hillsborough i 1989 fós ag cur brú ar na húdaráis chun fiosrúchán ceart a chur ar bun le teacht ar an fhírinne. Tuairisc ó Tony Birtill.

Íomhá
Cúrsaí ina gcíor thuathail tar éis na tubaiste i Hillsborough
Íomhá
Bruce Grobbelaar, cúl báire Learphoill na tragóide
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An Ceannfort Bernard Murray
Íomhá
An Ceannfort David Duckenfield ag fágáil an fhiosrúcháin

Club Lucht Leanúna Learphoill FC chun imeacht sóisialta a reáchtáil i gCúil Raithin, Contae Dhoire ar an 11 Meitheamh chun airgead a bhailiú don Hillsborough Justice Campaign (HJC).

D’inis Sheila Coleman, ball den HJC anseo i Learpholl, dom go mbíonn imeachtaí mar seo ar siúl go rialta in Éirinn le cuidiú a thabhairt don fheachtas, a bunaíodh tar éis na tubaiste ag cluiche leathcheannais Chorn an FA i 1989 idir Learpholl agus Nottingham Forest i Hillsborough, staid sacair Sheffield Wednesday. Fuair 96 duine bás ar an sin i Aibreáin agus gortaíodh 766 go fisiceach, ach na mílte eile ann a ndearna an tubaiste dochar dóibh go síceolaíoch, agus an féinmharú, alcólachas agus colscaradh mar thorthaí eile de chuid na tragóide. an scéal iomlán le fáil ar www.contrast.org/hillsborough

siopa ag an HJC díreach os comhair an Kop in Anfield, a bhíonn ar oscailt le linn gach cluiche, agus dúirt Sheila liom: “Buaileann a lán daoine isteach le T-léine suaitheantas a cheannach le tacaíocht a léiriú don fheachtas. Éireannaigh cuid mhaith acu. Is léir ó bhlas cainte na ndaoine go bhfuil tacaíocht don fheachtas i ngach cúige in Éirinn. Eagraítear imeachtaí go rialta sa tír.”

an Irish HJC Cup ar cheann acu. Is iad Kevin Maguire agus Jason Caldwell a eagraíonn an comórtas sacair cúigear an taobh seo i mBaile Átha Cliath, agus imríonn foirne ó lucht leanúna Arsenal, Manchester United agus clubanna eile in éadan a chéile ar an Pháirc Astro i dTamhlacht. D’fhreastail baill den HJC ó Learpholl ar an chomórtas anuraidh agus mhothaigh siad an-chineáltas agus flaithiúlacht i measc na n-imreoirí. Dúirt Anne Williams, a bhfuair a mac Kevin, cúig bliana déag, bás sa tubaiste: “Bhain an tacaíocht na deora asam. Bhí daoine ann ó gach cearn den tír le dlúthpháirtíocht a léiriú don fheachtas atá ar siúl le ceart a fháil do mo mhac. Bheadh Kevin corraithe aige. Tuigim anois cad é atá i gceist leis an fháilte Éireannach.”

rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.

Cúl báire ionaid is ea Paul, atá naoi mbliana déag d’aois, agus bhí a athair Gary (27) agus a uncail Stephen i measc na ndaoine a fuair bás i Hillsborough ar an 15 Aibreán 1989.

I mullach a chéile

Díreach roimh thús an chluiche sin, bhí lucht leanúna Learphoill brúite i mullach a chéile go holc i lochtán Leppings Lane, mo dheartháir is sine John ina measc.

Bhí féin in ainm is a bheith ansin, ach chuaigh go Londain le cara a fheiceáil. Thug John mo thicéad do chomharsa chuid, Neil, agus thiomáin siad le chéile go Sheffield. Bhí oibreacha bóthair ar an bhealach agus chuir sin moill ar a lán daoine. “Bhí anord taobh amuigh Hillsborough. raibh córas ar bith ag na póilíní ag na maoir. Bhí trí gheata oscailte agus 10,000 duine ag iarraidh dul tríothu. Dóbair gur thug capall péas a bhí as smacht cic dom,” arsa John liom.

Faoi dheireadh, dúirt na póilíní go raibh siad chun geata eile a oscailt. Ba é sin an phríomhchúis gur tharla an tubaiste, mar níor thug ceannaire na bpóiliní, an Ceannfort Duckenfield, aon orduithe treoracha do na póilíní a bhí istigh i Leppings Lane, áit a raibh brú millteanach cheana féin.

Bhí triúr póiliní taobh istigh agus threoraigh siad muid síos tollán faoin seastán a bhí pacáilte le daoine, go raibh a lán spáis ar thaobh an tseastáin,” arsa John. “Bhí brú millteanach sa tollán ach, faoi dheireadh, bhain muid an lochtán amach, ach bhí an brú ba mheasa ansin. raibh smacht ar bith agam ar chúrsaí. ‘Coinnigh i do sheasamh’ a dúirt liom féin. Cúpla bomaite roimh thús an chluiche a bhí ann agus bhí na mílte ag scairteadh leis na póilíní, ag go raibh siad i mbaol báis, ach níor thug siad aird ar bith orainn. Dúirt mo phaidir dheireanach liom féin agus rinne mo dhícheall féin a choinneáil i mo sheasamh. Duine ar bith a bhí beag, páistí mar shampla, bhí siadsan brúite síos agus raibh ábalta cuidiú ar bith a thabhairt dóibh. Thosaigh an cluiche agus dob é an cúl báire Bruce Grobbelar an t-aon duine amháin a thug aird ar bith ar na daoine a bhí ag fáil bháis.

Bhí mo lámh sáinnithe taobh thiar díom agus raibh ábalta bogadh. Dhreap cuid de na daoine thar an sconsa slándála a bhí thart ar an pháirc agus rinne na póilíní iarracht iad a ghabháil! Rith siad isteach ar an pháirc chun an cluiche a stopadh, rud a tharla faoi dheireadh mar gur thug na póilíní faoi deara go raibh fadhb ann. Ach raibh eochair ar bith acu don gheata sa sconsa! Chuaigh níos daoine thar an sconsa agus tar éis 20 bomaite d’imigh an brú a bhí orainn. Ach bhí an damáiste déanta - bhí go leor leor daoine marbh gortaithe. Arís, raibh plean éigeandála ag na póilíní, bhí siad gan mhaith. Bhí ag lorg Neil, ach raibh ábalta é a aimsiú. Dúirt liom féin go mbeadh orm an drochscéal a chur in iúl bhean sa bhaile. Chuardaigh é i measc na gcorp a bhí i línte os comhair an chúil. Agus ansin, go tobann, chonaic é thuas ar an lochtán. Bhí a dhroim gortaithe, ach bhí beo.”

Bhí féin ag amharc air seo uilig ar an teilifís thíos i Londain, mar go raibh an cluiche á chraoladh beo.

Chuir scairt ghutháin ar bhean John agus bhí ag caoineadh. “ beo, beo,” a dúirt liom arís agus arís eile.

Ráiteas

Cúpla ina dhiaidh sin thug John ráiteas do phóilíní West Midlands, a bhí ag fiosrú na tubaiste, ach níor chuala rud ar bith ar ais dtaobh de. Dúirt leo go raibh sásta fianaise a thabhairt don fhiosrúchán oifigiúil, The Taylor Inquiry, ach níor roghnaíodh é le bheith ina fhinné. Is rud ait é seo nuair a smaoiníonn go bhfuil oiliúint aige i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, gan trácht ar PhD sa cheimic ó Ollscoil Oxford. go chuir an Breitheamh Taylor an milleán ar na póilíní maidir leis an tubaiste, níor tháinig an scéal iomlán amach agus dúirt muintir Learphoill gurforcheilta bhí i gceist sa tuarascáil.

B’éigean do ghaolta na marbh ionchúiseamh príobháideach a thogáil in aghaidh na bpóilíní ach fuarthas an Ceannfort Bernard Murray neamhchiontach agus raibh an giúiré ábalta breith a thabhairt i gcás an Cheannfoirt David Duckenfield. go raibh na gaolta ag iarraidh atriail, dhiúltaigh an breitheamh iad agus dúirt leo go raibh barraíocht stró ar an Cheannfort Duckenfield cheana féin!

Tar éis dráma teilifíse Jimmy McGovern faoi Hillsborough i 1996, d’amharc an Breitheamh Stuart-Smith ar an fhianaise ag baint leis an tubaiste arís, ach dúirt nach raibh fiosrúchán eile de dhíth. Ar ndóigh, raibh i dteagmháil le mo dheartháir John. raibh a chara Neil sásta labhairt leis na póilíní leis na húdaráis ar chor ar bith tar éis an tsléachta mar nach raibh muinín ar bith aige iontu, agus tuigim an dearcadh sin.

In ainneoin na ndeacrachtaí agus na mblianta atá imithe, an HJC ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas chun an fhírinne a nochtadh faoi Hillsborough agus ceart a fháil do na híospartaigh, idir bheo agus mharbh. a lán suime acu sa Saville Inquiry agus thug baill den HJC cuairt ar Ionad Dhomhnach na Fola i nDoire. Dúirt Sheila Coleman liom: “The Bloody Sunday families are an inspiration to the HJC. Our group recently commemorated the 15th anniversary of the disaster. Some people ask why we are still around after so long. We say we will be around for as long as it takes for us to get justice. We look to the families from the Bloody Sunday campaign and draw strength from them - the fact that they are so strong in their resolution so many years on.”

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.