CÚINNE NA nEALAÍON
An ealaín é seo?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Bhí conspóid ag baint i mbliana arís le Gradam Turner. An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?

Íomhá
Keith Tyson, buaiteoir Ghradam Turner the bliana 2002
Íomhá
Saothar de chuid Keith Tyson dar teideal - Talking to the Wall - about something other than logic
Íomhá
Imshuiteáil de chuid Fiona Banner, ar taispeáint i nGailearaí an Tate

An ealaín é seo?

Is ceist í seo a chuirtear go minic i dtaca le healaín choincheapúiltheibí de agus, dar ndóigh, is ceist í a spreagann go leor díospóireachta agus conspóide.

An fiú é? a fhiafraíonn daoine áirithe. Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile. Cad é chiallaíonn an ealaín seo? Níl aon éalú ó cheisteanna dá leithéid.

Ach an ceisteanna éifeachteacha iad nó an léiriú iad ar dhearcadh ar an ealaín atá róchoimeádach agus róshimplíoch? An gcaithfidh ciall a bheith le gach rud nó an leor é má chruthaítear rud go díreach ar mhaithe le hé bheith ann?

Ar an 8 Nollaig fógraíodh gur bhain Keith Tyson, cartúnaí, Gradam Turner na bliana 2002. Ach sula raibh na torthaí fiú amháin foilsithe, bhí rírá ceart ar siúl de bharr ráitis a rinne an tAire Cultúir i Sasana, Kim Howells.

De réir an Uasail Howells, ní raibh sna saothair a bhain an gearrliosta amach ach “conceptual bullshit”. Rinne sé gearán go raibh “fuil agus anamin easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.

Íorónta go leor b’fhéidir tuairimí mar seo a bheith ag teacht ó pholaiteoir, ach an bhfuil firinne ar bith iontu nó an cleas a bhí ann go díreach chun poiblíocht a fháil don ócáid?

Tháinig go leor ealaíontóirí agus criticeoirí chun tosaigh ina dhiaidh sin chun Gradam Turner a chosaint. Dúirt siad nach raibh sé i gceist gur cur síos a bheadh sa ghradam ar an ealaín Bhriotanach uilig ach go raibh sé mar sprioc ag an chomórtas poiblíocht a fháil d’ealaín úr agus go háirithe do cheannródaithe na healaíne sin.

Dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach?

Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin. Bíonn urraí an ghradaim, Gailearaí an Tate agus Channel 4, ag brath go mór ar chonspóidí chun rud avant-garde, corraitheach agus radacach a dhéanamh den ghradam.

Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann. Dá mbeadh muinín ar bith ag na heagraithe san ealaín féin, ní bheadh sé chomh tábhachtach sin cleasanna mar seo a imirt chun aird a tharraingt ar na saothair.

Bhí meascán de smaointe agus meáin le feiceáil i saothar an cheathrair ealaíontóirí a bhí ar an ghearrliosta, idir innill aisteacha, sceitseanna, léaráidí, scríbhneoireacht (Keith Tyson); imsuiteáil fiseáin ag léiriú Canary Wharf faoi cheo agus ag eitilt thart ag amharc anuas ar Londain (Catherine Yass). Chlúdaigh an t-ealaíontóir Fiona Banner balla iomlán amháin sa dánlann le téacs a rinne cur síos ar scannán pornagrafach agus chlúdaigh Liam Gillick an tsíléail ina sheomra féin le gloine dhaite.

De réir dealraimh, ba é an seomra a cuireadh ar fáil chun tuairimí an phobail a bhailiú an chuid ba shuimiúla den seó. Ghreamaigh rógaire amháin teachtaireacht den bhalla le píosa guma coganta. Scríofa ar an phíosa páipéir bhí:

más ealaín é an taispeántas seo is ealáin é seo chomh maith. Chuirfeadh sé duine ag smaoineamh …

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.