CÚINNE NA nEALAÍON
Amharclann Shearcaigh - ionad nua cultúrtha Ghort an Choirce
Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin

Is minic daoine a thugann cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ag gearán nach mbíonn go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl. bheidh aon chúis ghearáin as seo amach acu siúd a thabharfaidh aghaidh ar Ghort an Choirce in iarthuaisceart an chontae, mar a mhíníonn Colm Ó Dúlacháin.

Íomhá
Milo agus Eithne Butler leis an fhile Cathal Ó Searcaigh ina n-ionad nua i nGort an Choirce, Amharclann Shearcaigh

Roinnt míonna ó shin chonaic cuairteoirí a bhí ag fanacht san óstán i nGort an Choirce ag dul ar bord bus chuig teach ceoil Leo breis is deich míle ar shiúl de bharr nach raibh rud ar bith cultúrtha ag tarlú ar an sráidbhaile. Anois, agus Amharclann Shearcaigh ar oscailt ó dheireadh mhí na Samhna, bheidh ar chuairteoirí ar mhuintir na háite an ceantar a fhágáil chun teacht ar a leithéid feasta.

Dúirt úinéirí na hamharclainne, Milo agus Eithne Butler, le Beo! go mbeidh an sráidbhaile ina iomláine ina lárionad teanga, cultúir agus sóisialta as seo amach. an a bhfuil an Amharclann nua tiomnaithe , an file áitiúil Cathal Ó Searcaigh, ag tabhairt treorach agus comhairle dóibh.

Beidh Francie agus Gearóid Ó Maonaigh ag seinm ann gach oíche Chéadaoin i rith mhí na Nollag agus beidh ceolchoirm ag Aoife Fhearraigh i rith na míosa fosta. oícheanta snagcheoil, ceol tíre, agus na goirmeachaí beartaithe do na seachtainí agus do na míonna atá amach romhainn.

Bíonn an-éileamh ar na rincí Salsa gach oíche Dhomhnaigh, nuair a thagann na sluaite isteach ó na bailte fearainn sa cheantar. Cuid mhaith acu is baintreacha agus daoine ina n-aonar iad nach dtaitníonn na tithe leanna leo agus a d’fhan sa bhaile roimhe seo.

Tagann siad isteach, déanann siad damhsa, ólann siad cupa tae gloine fíona agus téann siad abhaile,” a deir Milo Butler.

Bhí ceardlann seiteanna ar siúl deireadh seachtaine na hoscailte agus i gceist ag muintir Butler cineál ceoil damhsa a bheas ag teastáil ó phobal na háite a chur ar fáil. Lena chois sin, beidh Cathal Ó Searcaigh ag cur clár cuimsitheach léamh filíochta i nGaeilge agus i mBéarla le chéile.

Beidh club scannánaíochta san amharclann fosta agus fáilte roimh léiritheoirí neamhspleácha toradh a saothair a phlé agus a thaispeáint.

Faoi láthair aos óg an pharóiste i mbun cleachtaidh do gheamaireacht na Nollag agus beidh Aisling Ghéar agus compántais eile drámaíochta ag teacht ar camchuairt go luath.

scoil ealaíne sa cheantar agus beidh ranganna péintéireachta, déanamh uirlisí ceoil agus a leithéidí ar siúl i rith na bliana.

siopa ceardaíochta san fhoirgneamh, áit a mbeidh deis ag daoine earraí cniotáilte áitiúla Errigal Knitwear agus earraí criostail a cheannach.

Fiontar nach mbeadh in iomaíocht

Nuair a chinn Milo, Eithne agus a seisear páistí ar bhogadh ó Bhaile Andarsan i mBéal Feirste go Gort an Choirce, shocraigh siad ar fhiontar a bhunú nach mbeadh in iomaíocht le gnólachtaí eile san áit. “ bhíonn dráma á léiriú againn, beidh muid ag súil go mbeidh béile blasta ar ardchaighdeán ar fáil in Óstán Loch Altan, go mbeidh piontaí á n-ól i dTigh Bhillie ag an bhriseadh agus go mbeidh lóistín ar ardchaighdeán sna tithe lóistín áitiúla do na haisteoirí agus do na cuairteoirí. Dóibh siúd arbh fhearr leo gloine fíona agus pizza, beidh sin ar fáil i dTigh Mhaggie Dan,” a deir Milo.

I measc na n-imeachtaí agus na n-aíonna eile atá ag teacht go Gort an Choirce sna seachtainí agus míonna amach romhainn, an seó aonairCatalpale Donall O’Keeffe agus dráma le Little John Nee. Beidh Joe Burke agus Anne Conroy ag seinm ceoil ansin agus Ronnie Drew ag beartú ar a theacht san earrach.

Níor lorg muintir Butler deontas cabhair airgid ó fhoinsí Stáit mar nach raibh siad ag iarraidh a bheith ceangailte le polasaithe teanga ceoil. “ bhíonn grúpa aisteoirí ag iarraidh dráma i mBéarla a léiriú agus éileamh air, níl sásta go mbeadh coinníoll éigin ann ag cur coisc orainn sin a dhéanamh,” a deir Milo. É sin ráite siad féin agus fiontair mar iad in Inis Oírr agus sa Daingean i gContae Chiarraí ag lorg maoiniú le comhimeachtaí a eagrú agus turasanna a mhalartú. Cuirfear tús leTuras na Gaeltachtai Seanscoil Shailearna i gCois Fharraige, Contae na Gaillimhe i rith mhí na Nollag.

Is féidir le lucht foghlamtha na Gaeilge grúpaí eile na háiseanna in Amharclann Shearcaigh a chur in áirithe ach glaoch ar Milo Eithne ag (074) 65630.

Is saoriseoir é Colm Ó Dúlacháin. Is as Baile Átha Cliath é ach ina chónaí i nGaoth Dobhair anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.