CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Cleamhnas ceoil
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Fliúiteadóir agus píobaire é Seán Ryan as Chicago. Tháinig sé go hÉirinn áit ar thit sé i ngrá le fidléir cumasach as Contae Dhoire darb ainm Clodagh Boylan. Níorbh fhada gur sciob sé leis í anonn go dtí an chathair ghaofar. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin ngrá agus faoin gceol.

Íomhá
Íomhá
Jackie Moran: sheinn sé le Sean Ryan ar an album Flute Obsession

Antaine Ó Faracháin: A Sheáin, inis dom faoin mbealach ar chas tú le Clodagh den chéad uair. Cén chaoi ar thit fliúiteadóir as Chicago i ngrá le fidléir as Doire?

Seán Ryan: Bhuail mé léi an chéad uair i 1986 ag an bhFleadh Cheoil i Lios Tuathail nuair a bhí mé ceithre bliana déag d’aois agus bhí sise aon bhliain déag. Bhí mé ag freastal ar an Scoil Éigse ag rang ar an bhfeadóg mhór. Mícheál Ó Tiobraide a bhí ag múineadh agus bhí Ruairí Boylan, deartháir le Clodagh, sa rang liom. D’éirigh mé féin agus Ruairí mór lena chéile agus choinnigh muid i dteagmháil lena chéile thar na blianta. Bhuail mé le muintir Boylan minic go leor ag fleadhanna eile ina dhiaidh sin. I 1999 bhí mé ag an bhFleadh i mBéal an Átha agus nuair a bhí mé ag siúl síos an bóthar phioc athair Chlodagh amach ón slua mé.

An samhradh ina dhiaidh sin thóg mé sos gairme ó IBM chun dul ag seinm ceoil agus chaith mé trí mhí i mBaile Átha Cliath; nuair a bhí mé ansin, d’éirigh liom dul i dteagmháil le Clodagh. Bhí sise ina cónaí i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí sí ag seinm leis an mbanna Providence sa Cobblestone agus chuaigh mé ann chun iad a chloisteáil. B’in an bhliain 2000 agus an chéad uair a chonaic mé í ó 1988. Thosaigh mé ag bualadh léi ag seisiúin agus ag féiltí éagsúla. D’fhás an cairdeas eadrainn ach bhí orm filleadh abhaile. Mar sin féin, nuair a d’imigh mé choinnigh muid i dteagmháil lena chéile. Thug mé cuairt uirthi arís an Nollaig sin agus thug sise cuairt ormsa i Chicago. Dhá mhí ina dhiaidh sin d’éirigh mé as mo phost agus bhog mé go hÉirinn.

AÓF: Ceart go leor; bhí sibh anois i ngrá lena chéile agus sibh i mBaile Átha Cliath ach conas a mheall tú go Chicago í?

SR: Bhuel, is dochtúir í agus dá mbeadh sí ag iarraidh oibriú mar dhochtúir sna Stáit Aontaithe bheadh uirthi na cáilíochtaí cuí a bhaint amach ansin. Mar sin shocraigh muid beirt bogadh go Chicago ionas go mbeadh sí in ann sin a dhéanamh, rud a d’fhágfadh an rogha againn cónaí i gceachtar den dá thír sa todhchaí.

AÓF: Cén áit ar fhoghlaim tu ceol Gaelach i Chicago? Conas a thosaigh tú ar an bpíb uilleann?

SR: Thosaigh mé ar scoil ar an recorder nuair a bhí mé sé bliana d’aois. Thug an múinteoir faoi deara go raibh mé go maith agus dá bharr sin bhog mé ar aghaidh go dtí an fheadóg airgid. Bhí mo dheirfiúracha ag foghlaim damhsa Gaelach ag an am agus bhíodh muid ag dul chuig na feiseanna ar fad agus bhí an-dúil ag m’athair sa cheol Gaelach. Mhúin fear darb ainm Johnny Harling as Chicago mé ar dtús. Ansin mhúin Noel Rice mé. Chaith mé bliain sa gcoláiste i Maigh Nuad agus, fhad is a bhí mé ansin, d’fhoghlaim mé an phíb uilleann ó Mhicheál Ó Briain. Is cuimhin liom duine a fheiceáil ag seinm ar an bpíb uilleann nuair a bhí mé deich mbliana d’aois agus d’iarr mé ar mo thuismitheoirí seit a fháil dom ansin!

AÓF: An bhfuil mórán den cheol Gaelach i Chicago? Cá mbíonn tú ag seinm?

SR: Tá, tá an t-uafás de ann. Tá an oiread sin seisiún ann na laethanta seo. Nuair a bhí mé ag fás aníos bhí áit darbh ainm an 6511 Club ar an taobh ó dheas de Chicago. Níl sé ann a thuilleadh ach tá go leor tithe tábhairne eile ann ar nós an Abbey ar an taobh ó thuaidh agus Chief O’Neill’s.

AÓF: An féidir slí bheatha a dhéanamh as an gceol Gaelach i Chicago?

SR: Is féidir. Tá go leor de mo chairde á dhéanamh go lánaimseartha. I mí an Mhárta bíonn an-tóir ar fad ar an gceol Gaelach. Bheifeá ag rith timpeall ó áit go háit ag seinm. Bíonn gach duine ag iarraidh a bheith ina Éireannach an t-am sin den bhliain. Is féidir go leor airgid a dhéanamh. Agus tá go leor féiltí ceoil ar siúl ar fud Mheiriceá.

AÓF: Cé hiad na ceoltóirí mór le rá eile a bhíonn le cloisteáil i Chicago na laethanta seo agus cé hiad seanfhondúirí an cheoil sa chathair?

SR: Bhuel tá an-tóir ar an bhfidléir Liz Carroll. Is duine tábhachtach é Joe Shannon freisin. Tá sé sna hochtóidí anois agus bhíodh sé ag seinm ar an bpíb uilleann le fear darb ainm Johnny McGreevy, fidléir a fuair bás tamall ó shin. Tá Jimmy Keane ann ar an gcairdín pianó, John Williams (a d’fhás aníos i Chicago) ar an gconsairtín agus a bhíodh ag seinm leis an ngrúpa Solas, Marty Fahy ar an bpianó. Tá go leor imirceach as Éirinn ann freisin nach bhfuil chomh cáiliúil sin. Tá an t-uafás ann i ndáiríre. Duine de na seanfhondúirí é Joe Shannon. Rugadh i Maigh Eo é ach bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe nuair a bhí sé thart ar dheich mbliana d’aois. D’fhoghlaim sé an phíb uilleann as a stuaim féin trí bheith ag éisteacht le téipeanna ríl go ríl de Patsy Touhy, Tom Ennis agus Leo Rowesome. Rachainn trasna chuig a theach agus thógfadh sé amach seantéipeanna de Rowesome agus Touhy agus sheinnfeadh sé leo, nóta ar nóta! Dochreidte!

AÓF: Cad leis a mbíonn tú ag éisteacht? An bhfaigheann tú dlúthdhioscaí as Éirinn nó an éisteann tú leis an gceol mar a sheinntear i Chicago é?

SR: Aon uair a théim go hÉirinn ceannaím meall mór dlúthdhioscaí ó Cheirníní Cladaigh. Éistim den chuid is mó le ceol ar an bhfeadóg mhór agus ar an bpíb uilleann, ar ndóigh, mar sin iad na huirlisí ceoil a sheinnim féin. Ach tá bailiúchán mór agam d’fhidléirí freisin agus de bhannaí ceoil agus tá mé ag dul níos doimhne isteach san amhránaíocht faoi láthair chun tuiscint a fháil ar na foinn mhalla. Mar sin, éistím le réimse leathan rudaí.. Éistim le ceol roc freisin, beagán rap, ceol clasaiceach. Ní éistím riamh le snagcheol. Ní dheachaigh sin i bhfeidhm orm riamh, ar chúis éigin. Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí!

AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol?

SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta. Tá mé ag staidéar don GMAT (cuntasóireacht) agus ba mhaith liom máistreacht a dhéanamh i gcúrsaí gnó..

AÓF: An banna céilí - inis dom faoi sin.

SR: Seo an tríú bliain dúinn a bheith le chéile. Thosaigh sé ar dtús nuair a ghlaoigh Marty Fahy orm ag iarraidh a fháil amach an mbeadh spéis agam ann. An chéad bhliain chuir muid an banna le chéile chun dul isteach ar an gcomórtas ag an bhFleadh. Bhí an-chraic ar fad againn an uair sin. Ba rud mór é deichniúr a tharraingt le chéile agus a eagrú chun dul anonn go hÉirinn. Bhí go leor le n-eagrú. Seo an tríú bliain, mar a dúirt mé, agus tá muid ag cur na n-eitiltí in áirithe faoi láthair.

AÓF: Cé hiad atá sa mbanna?

SR: Tá Marty Fahy (Chicago) ar an bpianó; Gerry Carey (Contae an Chláir) agus SR Mac Gabhann (Contae na Mí) ar an mbosca; Clodagh Ryan (Contae Dhoire) agus Deirdre Ní Scanláin (Contae Thiobraid Árann) ar an bhfidil; mé féin agus Ethan James (Champagne, Illinois) ar an bhfeadóg mhór; Pauline Conneely (Londain) ar an mbainseó; agus Tommy Masterson Jnr. (Chicago) ar na drumaí. Tugann muid The Chicago Broken Pledge Céilí Band orainn féin!

AÓF: An bhfuil baint agat le haon bhannaí eile?

SR: Tá banna eile tosnaithe agam féin agus Clodagh in éineacht le cúpla duine eile. Tugann muid Errigal orainn féin. (Pósadh muid i nDún na nGall agus bhí Earagail le feiceáil sa chúlra i gcuid mhaith de na grianghrafanna a tógadh an lá sin. Sin an áit a bhfuair muid an t-ainm.) Tá muid ag seinm cuid mhaith thart ar Chicago agus ag cuid de na féiltí ceoil ar nós Milwaukee. Bím ag seinm le banna eile freisin darb ainm Gan Bua.

AÓF: Tá tú ag pleanáil dlúthdhiosca de do chuid féin a thaifeadadh chomh maith, nach bhfuil?

SR: Tá, ach níl mé ach ag tosnú ar a bheith ag ullmhú rudaí anois agus ag tarraingt mo chuid smaointe le chéile. Tógfaidh sé bliain nó dhó eile. Ba mhaith liom roinnt tiúineanna neamhchoitianta a bhailiú le chéile i dtosach. Agus tá mé ag éisteacht níos mó leis an amhránaíocht ar an sean-nós chun foinn mhalla a fháil díreach ó na fonnadóirí iad féin. Rinne mé taifeadadh le déanaí de chúpla tiúin in éindí le Jackie Moran ar chnaguirlisí agus Denis Cahill, an giotáraí a sheinneann le Martin Hayes, don albam Flute Obsession.

AÓF: Cé hiad na fliúiteadóirí is mó a thaitníonn leat?

SR: Matt Molloy, Kevin Henry (Chicago), Frankie Gavin agus Kevin Crawford.

AÓF: Céard nach dtaitníonn leat sa cheol Gaelach?

SR: Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha nó nuair atá an iomarca béime ar an ornáidíocht seachas ar an gcroí atá sa cheol. Ní hionann ceol agus ornáidíocht. B’fhearr liom an ceol a bheith simplí.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.