112
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta
»»»Tá sé thar am dul i ngleic leis an easpa foirne le Gaeilge i Státchóras na tíre seo. Mura ndéantar é sin, is cur amú ama é don stát a bheith ag spreagadh daoine leis an teanga a fhoghlaim, dar le Breandán Delap....
»»»Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin go mbeidh údaráis na hAstráile anuas ar chaitheamh toitíní níos mó ná riamh roimh i bhfad mar cailltear na mílte duine agus na billiúin dollar chaon bhliain dá dheasca.
»»»Tugann na sparánachtaí a chuireann an eagraíocht Colmcille ar fáil gach bliain deis iontach do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann teacht isteach ar Ghàidhlig na hAlban, mar a mhíníonn Deirdre Daly.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Peadar Mac Fhlannchadha, Áras na nGael, Gaillimh.
»»»Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí. Ach tá a leabhar nua, [i]Fox, Swallow, Scarecrow[/i], rud beag uaillmhianach agus fadálach, dar le Pól Ó Muirí.
»»»Tá míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.
»»»Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
»»»Sa tsraith seo, cuirfidh Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí óil.
»»»Chruthaigh Uachtarán úr Mheiriceá thar cinn dá íomhá, dó féin is dá thír ó thosaigh sé deireadh na míosa seo caite lena aitheasc do Theach na Comhdhála. Tá an-ghealadh faoi de réir Bhriain Uí Bhroin san alt seo.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
»»»Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.