AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Síorspídiúlacht ar David Hicks
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.

Íomhá
David Hicks
le Colin Campbell ar Picasaweb
Íomhá
Seomra léitheoireachta agus cillín i gCuantanamo
le SAM
Íomhá
Éileamh a shaoirse
le Alex Bainbridge ar Picasaweb
Íomhá
Bonn na Saoirse bronnta ar John Howard
le Chris Greenberg ar Vicipéid

Reachtaíodh an tAcht um Fháltais ó Choiriúlacht sa bhliain 2003 chun scéim a bhunadh san Astráil le teacht isteach ó choiriúlacht a choigistiú. Tá an fhreagracht ar Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, rannóg atá neamhspleách ón rialtas, cásanna cúirte faoin reachtaíocht seo a thabhairt i gcoinne na gcoirpeach. Is féidir leis an Oifig na fáltais ó choireanna a dhéanann Astrálaigh thar lear a choigistiú freisin.

Ní reachtaíocht chonspóideach é de ghnáth agus tá dlíthe cosúil leis i bhfeidhm i dtíortha áirithe eile. Tá cás faoin acht os comhair na hArd-Chúirte i New South Wales faoi láthair atá an-chonspóideach, áfach, de bharr nach gnáthchoirpeach atá i gceist. Anuas air sin, tá daoine go leor abhus in amhras faoin choir as ar ciontaíodh é agus faoin chúirt inar ciontaíodh é. Tá an cás seo bunaithe ar an fhoráil seo den Acht:

Literary proceeds orders allow the Commonwealth [an Rialtas Náisiúnta] to recover any profits made through the commercial exploitation of the notoriety gained from committing an indictable offence or a foreign indictable offence.

David Hicks is ainm don choirpeach a chaith tréimhse fhada i ngéibheann ag an mBunáit Mhairnéalachta Mheiriceánach ag Cuan Guantanamo. Rugadh agus tógadh Hicks in Adelaide, príomhchathair na hAstráile Theas, agus bhí beirt chlainne aige ann. D’iompaigh sé ina Mhoslamach leis an ainm Muhammed Dawood sa bhliain 1999 agus chaith sé seal sa bhliain chéanna sa Chosaiv, ag traenáil le hArm Shaoirse na Cosaive.

Díolta ar $1,000

Chuaigh sé chun na Pacastáine sa bhliain 2000 le freastal ar scoil Mhoslamach agus rinne sé cúrsa traenála le Lashkar-e-Toiba, eagras Moslamach míleatach atá ansin. Bhí sé páirteach sa chogadh cathartha san Afganastáin an bhliain dár gcionn, ag troid ar son na dTalaban. Ghabh fórsaí de chuid an Northern Alliance [eagar: tá Beo á fhágáil faoin léitheoir féin youtube a chuardach ina dtaobh.] é i mí na Nollag, 2001, agus dhíol siad leis na fórsaí Meiriceánacha é ar luach $1,000. Tógadh go dtí long de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe Mheiriceá (SAM) é lena cheastóireacht i dtús báire sular carcraíodh é ag Guantanamo.

Chaith Hicks sa bhreis ar chúig bliana ag Guantanamo mar ‘enemy combatant’, nó mar chomhraiceoir namhad. Níor tugadh aitheantas do na coinneálaithe ann mar chimí cogaidh agus níor caitheadh leo faoi Choinbhinsiún na Ginéive maidir leis an Chóir a chuirfear ar Chimí Cogaidh dá bharr. Chaith Hicks tréimhsí fada i ngéibheann aonair agus is annamh a bhí cead aige teagmháil a dhéanamh lena ghaolta nó lena dhlíodóir. Mhaígh Hicks go ndearna céasadh intinne agus coirp air lena linn ann.

Rinne údaráis SAM iarrachtaí éagsúla na daoine i ngéibheann ag Guantanamo a chur os comhair cúirteanna míleata, agus bunaíodh coimisiúin mhíleata faoi dheireadh d’fhonn an cuspóir seo a ghnóthú. Cúisíodh Hicks i mí an Mhárta 2007 os comhair coimisiúin as “providing material support for terrorism” agus phléadáil sé ciontach. Daoradh pianbhreith seacht mbliana air, ach ní raibh ar Hicks ach naoi mí sa bhreis a chaitheamh i bpríosún. Tugadh cead dó an tréimhse sin a chaitheamh in Yatala, peannadlann ina chathair dhúchais, Adelaide.

Ní raibh Hicks go hiomlán saor ag deireadh a phianbhreithe. Ní raibh cead aige, cuir i gcás, aon teagmháil a dhéanamh leis na meáin, ná le heagrais áirithe agus le daoine aonair áirithe. Cuireadh srian tí oíche air agus rinneadh monatóireacht ar a ghlaonna gutháin. B’éigean dó teagmháil a dhéanamh leis na póilíní go rialta agus ní raibh sé in ann a sheoladh a athrú gan chead ó na húdaráis. Gabhadh a chlóichead.

Na Coimisiúin Mhíleata: An Screamh Dhlí

Cáineadh triail Hicks go géar ag an am agus ó shin i leith. D’eisigh an eagraíocht ainmniúil Amnesty International ráiteas inar mhaígh siad ‘that the military commissions established to try David Hicks and others did not meet international standards for fair trials’. Ní mó ná sásta leis an triail a bhí an Law Council of Australia, an eagraíocht dlí is tábhachtaí abhus. Dúirt urlabhraí thar ceann na Comhairle go raibh an triail ‘designed to lay a veneer of due process over a political and pragmatic bargain’.

Mhaígh dlíodóir cosanta Hicks, Major Michael Mori, a ceapadh ag Roinn Cosanta SAM, go raibh Hicks ar an dé deiridh faoin am agus go nglacfadh sé le haon chúiseamh le héalú ón gcruachás ina raibh sé dá bharr. Anuas air sin, bhí an cúiseamh bunaithe ar reachtaíocht chúlghabhálach mar nach raibh a leithéid ina choir faoin am ar gabhadh Hicks. Níl aon choir mar sin i leabhar reachtanna na hAstráile ach an oiread.

Bhí John Howard ina Phríomh-Aire san Astráil um an dtaca a ciontaíodh Hicks agus é ina dhlúthchara le hUachtarán na SAM, George W Bush. Cáineadh Howard le binb as cead a thabhairt don triail ar shaoránach na hAstráile os comhair choimisiún míleata. Tá codarsnacht ghéar le sonrú idir an dóigh ar chaith Howard lena shaoránach ag Guantanamo agus an chaoi ar chaith dlúthchara eile le Bush, Príomh-Aire na Breataine, Tony Blair, le saoránaigh a thíre ann. Dhiúltaigh Blair scun scan glacadh le triail dá shaoránaigh os comhair na gcoimisiún míleata agus scaoileadh saor na coinneálaithe Briotanacha ag Guantanamo.

Cé Íocfas an Téiléireacht?

Agus mar chor íorónta sa scéal, tuigim go bhfuil Rialtas na Breataine ag cuimhneamh ar chúiteamh airgid a thabhairt do na hiarchoinneálaithe seo as an dochar a d’fhulaing siad ag Guantanamo, ag an am céanna a bhfuil na húdaráis abhus ag déanamh iarrachta airgead a bhaint de Hicks!

D’fhoilsigh Hicks a dhírbheathaisnéis, ‘Guantanamo: My Journey’ ní ba luaithe i mbliana agus bhí an-éileamh air. Díoladh tuairim is 30,000 cóip den leabhar ó shin i leith. D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i mí Iúil go raibh sé chun cás cúirte a thabhairt i gcoinne Hicks leis an airgead a shaothraigh sé ar an leabhar a choigistiú. Cuireadh tú leis an gcás ar na mallaibh agus chuir an breitheamh ordú srianta sealadach ar an iontaobhas teaghlaigh inar chuir Hicks an t-airgead thuasluaite. Bíodh is gur ghoill sé go mór ar lucht taca Hicks gur thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cás seo ina choinne, bhí faoiseamh ar chuid acu go bhfuil an deis aige ar a laghad, faoi dheireadh thiar thall, a chás a chur os comhair cúirt aitheanta den chéad uair.

Níl sé soiléir cathain a bheidh cinneadh Ard-Cúirte NSW ar fáil, ach measann saineolaithe dlí go leor abhus go mbeidh ar Ard-Chúirt na hAstráile, an t-údarás dlí is airde sa tír, cinneadh a dhéanamh ar an gcás, beag beann ar chinneadh an bhreithimh in NSW. Má tharlaíonn a leithéid beidh ar Hicks tamall fada eile a chaitheamh sula mbeidh a fhios aige an mbeidh sé in ann airgead a shaothraigh sé ar an leabhar a choimeád. Feictear dom gur trua é nach raibh cead ag Hicks a scéal a insint gan aon bhagairt ó na húdaráis abhus, mar is mithid deireadh a chur le síorspídiúlacht an duine bhoicht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.