CÚINNE NA nEALAÍON
Robert Altman: fathach de chuid na scannánaíochta
Pat Butler Pat Butler

Fuair Pat Butler deis an scannán Images (1972) le Robert Altman, an stiúrthóir a fuair bás i mí na Samhna, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath arís le déanaí. Tugann sé a léamh féin ar an scannán agus ar Altman mar ealaíontóir san alt seo.

Íomhá
Robert Altman, a fuair bás i mí na Samhna anuraidh
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Altman i 1981

Agus mé i m’aisteoir óg in hallaí cleachtaidh Dan Donovan in Everyman Chorcaí, is iomaí scil stáitse a thug an stiúrthóir iomráiteach dom. Conas sleamhnú isteach fá bhunlíne scripte, os íseal, chun stop a cur le rith chomhghleacaí. Sin agus cumhacht an tosta, cumhacht na socrachta, buanna a luaigh sé riamh le Richard Burton. Is iomaí uirlis a bhí ina mhála draíochta ag Dan.

Tá dea-scéala cloiste agam aneas. Bronnadh gradam Corcaíoch na Bliana ar Dan le déanaí. Tréaslaím le saíocht an choiste roghnaithe.

Ba é an comhairle a thugadh sé riamh don aisteoir a raibh ag teip air teacht ar mhistéir inmheánach na páirte ná, “Dredge boy, dredge”. An treoir is fearr a fuair mé riamh.

Caithfidh gur tharraing Robert Altman ón tobar as a gcaitheann Dan Donovan fós siar le flosc. Ealaíontóir scannán ab ea Altman a chreid i gcumhacht na dreideála céanna. Tá a rian sin ar gach mír dár stiúir sé. Fiosracht agus nochtadh. Tochailt agus nochtadh. Gach gníomh beag gan mórán de bhrí ann féin, ach tógtar an scafall samhlaíoch de réir a chéile.

Agus is comhchruthaitheoirí sinne, an lucht féachana, i ndéanamh an scannáin. Thug Altman ról dúinne sa phróiseas chomh maith. Tá an méid sin measa ag Altman orainn go ligeann sé dúinn gach mis en scene a iomlánú trínár mothúcháin, ár samhlaíocht agus ár mbreithiúnas féin. Ar bhealach nach bhfuil i gceist le haon stiúrthóir Meiriceánach eile, is sinne ceamara Altman. Ceanglaímid na míreanna agus na samhlacha go léir le chéile. Bíonn ár léamh féin againn orthu. Ní breathnóirí éighníomhacha sinn.

Éilíonn Altman orainn bheith páirteach leis in oibriú amach mistéir eiseach gach ócáid scannánúil, mistéir ina mbíonn ísliú na soilse agus tarraingt na gcuirtíní mar réamh-dheasghnátha shollúnta dóibh.

Tá taithí ag an té a chonaic Nashville, Three Women agus McCabe and Mrs. Miller ar thoradh na comhcheilge mealltaí sin idir Altman agus a lucht féachana.

Má tá caint le déanaí ar mháistreacht Michael Heneke (Hidden, 2005) i gcleachtas na comhcheilge céanna, ba cheart Altman a ríomh i measc na réamhtheachtairí seallóide a threabh an talamh naofa sin fada siar.

Agus is sampla maith de phríomhthréithe Altman – an tochailt agus an chomhcheilg – atá in Images a “tharla” as Ardmore Studios, i mBré, Cill Mhantáin ag tús na seachtóidí.

Duine d’fhoireann AltmanBa é Liam Saurin an fear taifeadta fuaime ar Images. Fear le breis agus nócha fadscannán fána chrios aige. Bhuail mé leis ag an IFI le déanaí ag taispeáint speisialta den scannán. Fear a d’oibrigh le mórán stiúrthóirí eile thar na blianta. Seanphroifisiúnach agus taithí phearsanta aige ar mhodhanna oibre sciar fairsing de na fathaigh – Scorsese, Huston, Truffeau agus araile. Ach tá stádas ar leith ag Altman, i mbreithiúnas Liam Saurin.

“Mar chruthaitheoir samhlaíoch ní raibh aon duine inchurtha leis. Thuig sé bun barr a ghnó. Bhí sé scríofa i gconradh gach n-aon sa chriú go gcaithfeadh sé freastal ar thaispeántais na mbunábhar gach oíche. Rud réabhlóideach amach is amach a bhí ansin. D’éist Altman le tuairimí cách. Bhíodh an script ag éabhlú ó lá go chéile de bharr na gcomhráití sin.”

Tochailt agus comhoibriú, saintréithe Robert Altman.

“Casting is all, after that I just watch,” ar seisean uair amháin. Ach ní leor sin mar mhíniú ar fhealsúnacht chomhoibritheach Altman. Tháinig an príomhaisteoir Suzannah York go dtí an taispeántas san IFI agus is iomaí léargas a nocht sí faoi mhodhanna oibre Altman ina hagallamh stáitse leis an Stiúrthóir Cúnta Seamus Byrne. Bhain Ms. York an duais don bhanaisteoir ab fhearr ag Féile Cannes 1972 dá páirt in Images.

“B’ealaíontóir foirfe é Bob,” ar sise. “Chothaigh sé spiorad iontach foirne eadrainn go léir leis an meas agus an urraim a thug sé do chuile mhac/iníon máthar sa chliar is ar an bhfoireann. Bhí bealach ar leith aige chun saintréithe na n-aisteoirí féin a shní isteach in oibriú amach na gcarachtar. Mar shampla, chruthaigh sé eilimintí de Cathryn ina chuid taighde liom féin. Bhí amhras orm tabhairt faoin ról mar go rabhas torrach ag an am. ‘So what?’ arsa Bob. ‘Bíodh Cathryn torrach sa scéal.’

“Thairis sin, bhí leabhar á scríobh agam do pháistí ag an am, In Search of Unicorns. Bheir Bob greim air sin, agus d’úsáid sé sleachta fada as ar an bhfuaimrian – meafar is dócha chun síocóis Cathryn agus a greim shleamhain ar an réaltacht a thochailt. Chuidigh domhan draíochtach Unicorns go mór liom chun fáil faoi chraiceann shícé bhriste Cathryn.”

An scéal

Tá a lán inste mar gheall ar Images agam cheana féin. Seachas an scéal. Scéal atá suite i dtírdhreach tur na ndúichí sin thart fá Bhearnas na Diallaite, Áth na Scairbhre, Eas Chúirt an Phaoraigh agus Gleann Lug a’ Lagha. Dúthaigh sceirdiúil, dúthaigh bhagrach, dúthaigh ina bhféadfadh bean óg a bhfuil scoilt anama uirthi dul glan as a meabhair. Fiú más scríbhneoir leabhar do pháistí í, pósta le Meiriceánach measúil a bhfuil jab maith aige in Éirinn. Cuma na maitheasa orthu. Árasán mianaithe acu sa chathair, teach breá Seoirseach chun dul ar saoire ann ar acraí adhmadúla, sruthánacha fán tuath. Jaguar mór le pláta cláraithe Meiriceánach á n-iompar idir an dá áitreabh sin. Éire ag tús na seachtóidí.

Tógtar sinn ar thuras sceonmhar trí shiabhráin ilchasta Cathryn. Domhan scoilte na mbréagchéadfaí. Uaireanta tá a fear chéile ann, dáiríre; uaireanta eile is scáil atá romhainn. Cad tá “fíor”, cad tá “meabhlach”?

Súitear isteach sinn i bhfantaisíocht Cathryn – lena fear (Hugh), lena hiar-leannán (René) – fear a maraíodh i dtimpiste eitleáin trí bliana roimh thús na heachtraíochta, agus lena comharsa ghraosta Marcel, fear atá ina scáil agus ina dhuine leis – ach cé acu anois é?

Chun an líne idir an réaltacht agus an fhantaisíocht a gheamadh níos doiléire fós, féach an cros-imeartas idir ainmneacha na n-aisteoirí agus na carachtair sheallóide a chruthaíonn siad:

Suzannah York....................................Cathyrn

Cathryn Harrison.................................Suzannah

Rene Auberjonois...............................Hugh

Marcel Bozzuffi...................................Rene

Hugh Millais........................................Marcel

doppledanger ag Catheryn freisin, á leanúint san eachtraíocht tríd síos. Agus is ríshoiléir go bhfuil an déagóir, Suzannah, in áir Catheryn agus í óg. Ní nach ionadh go bhfuil an scannán seo ar an gceann “is Eorpaí” de chorpas oibre Altman. Luaitear Persona le Bergman agus Repulsion Polanski mar chéilí leapan Images, agus tá ciall le sin.

Is léir ón méid sin gur treise suim Altman san fhiosrú ná sna laincisí néata a chuirtear ar a shaoirse le plota glan leanúnach. Abair liom, cén “plota” atá i Nashville.

Bhí ráflaí ag dul timpeall gur dódh claonchló Images trí thimpiste ag tine i Stiúideonna Columbia, ach, buíochas le Dia, ní fíor sin. D’eisigh MGM an DVD sna Stáit cúpla bliain ó shin, agus seans go bhfuil teacht air tríd an idirlíon ach dul a chuardach.

Ní seo barrshaothar Altman, ná baol air, ach cloch bheag gar do thús a phaidrín. Ní lú a thábhacht mar sin, ach a mhalairt.

Tréaslaím leis an IFI – d’éirigh leo prionta a aimsiú agus an deis a sholáthar dúinn eolas a chur ar Images i gcomhluadar mánla, oíche gheimhriúil – oíche a chuir go mór le mo mheas ar ghairmiúlacht fhoirne scannán Éireann.

Gan trácht ar an solas breise a caitheadh domsa ar shamhlaíocht iltréitheach Robert Altman.

Is as Corcaigh é Pat Butler agus is láithreoir agus tuairisceoir sinsearach é le RTÉ. Ceapadh le gairid é ina Iriseoir Cónaitheach, Scoil na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.