CÚINNE NA nEALAÍON
An graifítí: an ealaín é?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

meon an phobail scoilte maidir le acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht. San alt seo, díríonn Ciara Nic Gabhann ar an cheist.

Íomhá
meon an phobail scoilte maidir le acu an ealaín, loitiméireacht, é graifítí
Íomhá
Chonacthas stíl úr graifítí i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac den chéad uair
Íomhá
Saothar Banksy, ar íocadh £208,100 as ar ebay

Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn iad mar dhéagóirí míshocra le hoodies a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráideiad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail?

An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, an síleann gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu?

Is éard atá i ngraifítí litreacha íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear a phéinteáiltear in áit phoiblí. Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil sóisialta a chur in iúl.

Sa atá inniu ann, úsáideann ealaíontóirí graifítí cannaí péinte agus marcóirí den chuid is , agus bíonn iomaíocht ghéar i gceist eatarthu leis an íomhá an

teachtaireacht is radacaí a chur os comhair an phobail. Bhí an nós seo le feiceáil den chéad uair tríocha bliain ó shin i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhracbhíodh íomhánna agus tags *(is é sin, ainm cleite an ealaíontóra) ildaite agus craiceáilte ar fud na dtraenacha mar a bheadh craiceann coimhthíoch ann. Ba stíl í a tháinig ó na cathracha móra agus bhí ina foinse inspioráide do cheoltóirí agus d’fhaisean na haimsire, a bhí uirbeach agus *cool.

thaitníonn an nós le hachan duine, dar ndóighgo háirithe más ar do dhoras féin atá péinteáilteagus is cosúil go bhfuil meon an phobail scoilte maidir le acu an ealaín é an graifítí, an loitiméireacht é.

Pionós dianGearradh pionós ar bheirt fhear óga, a raibh na *tags *Krek agus Mers á n-úsáid acu, as a gcuid coireanna ealaíne in Manchester ar na mallaibhdhá mhí dhéag agus cúig mhí dhéag príosúnachta faoi seach. Idir an bheirt acu, rinne siad an-díobháil i gceantar amháin, a chosnóidh suas le £13,000 le cur ina ceart. Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú. Chomh maith leis sin, eagraíodh cuid mhór imeachtaí éagsúla sa cheantar le haird a tharraingt ar chás na beirte. Is í an cheist a bhí á hardú acu an raibh ceart an cineál céanna pionóis a ghearradh ar ealaíontóirí graifítí agus a ghearrtari gcásanna áirithear éigneoirí ar dhaoine dainséaracha foréigneacha? I bhfocail eile, an raibh an breithiúnas cothrom?

Bhí casadh íorónta sa scéal le déanaí sa mhéid is go bhfuil an t-ealaíontóir graifítí Banksy i ndiaidh saothar a rinne ar bhalla ar Bhóthar Portobello i Londain a dhíol ar ebay. Íocadh £208,100 as. Fuarthas suas le 69 tairiscint ceannaigh ar an saothar, ar íomhá é ina léirítear ealaíontóir ag críochnú an fhocailBanksy”. an íomhá péinteáilte ar bhalla foirgnimh ar le comhlacht meán é. Ba é úinéir an chomhlachta seo, Luti Fagbenle, a chuir an saothar ar an mhargadh, agus dar le Bobby Readatá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíneis íomháspeisialtaé an graifítí seo, agus is é an saothar is chuid atá díolta ag Bansky go dtí seo.

Dúirt Read ina thaobh:

"This sale poses many interesting questions for the art world. How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"

Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidhcostas ar don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.

Cén áit a luíonn an fhírinne, mar sin? Caitheadh Krek agus Mers sa phríosún. Thuill Bansksy £208,100 as a shaothar agus tharraing clú air féin i measc na maithe agus móruaisle i saol na healaíne. Ach céard é an difríocht idir an chás, i ndáiríre? Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.