THALL IS ABHUS
Seal in Aotearoa (Cuid 6)
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987. Pléann Ruth Nic Giolla Iasachta cúrsaí teanga agus cultúrtha na Nua-Shéalainne.

Íomhá
Radharc oíche, Singeapór
Íomhá
Íomhá
Scríobh Thomas Bracken, arbh as Contae Mhuineacháin ó dhúchas dó, liricí amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne
Íomhá
Na hAll Blacks i mbun an Haka

Bhí briseadh idirsheimeastar againn anseo in Auckland, agus thapaigh mé an deis chun filleadh ar an Eoraip le freastal ar dhá bhainis de chuid mo mhuintire. Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theasbáisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom. Táim ar ais in íochtar an domhain faoi láthair agus éiríonn sé dorcha ag a sé a chlog.

Mar is eol do chách, tá cosc ar úsáid guthán póca agus trealamh leictreonach ar eitleáin – ach an raibh a fhios agat nach mbíonn cead agat Furbys a thabhairt leat ar Qantas?

Agus turas 24 uair an chloig romham, chaith mé lá agus oíche i Singeapór chun codladh agus suathaireacht Shíneach a fháil. Tír mheirbh agus an-ghlan atá inti. In ainneoin na scéalta, ceadaítear guma coganta ansin - a fhad is go bhfuil sé saor ó shiúcra agus go gceannaítear é ó phoitigéir Singeapórach. Bhí na daoine an-sibhialta go deo. Tá fógraí móra i stáisiúin traenach an MRT (Mass Rapid Transport) ar a bhfuil na focail seo scríofa: "Graciousness - it’s caring for other people by giving up your seat when they need it more". Labhraítear Béarla, Tamailis, Téalainnis agus Malaeis ansin. Ach pé áit a dtéann tú na laethanta seo, is deacair a bheith i bhfad ó bhaile i ndáiríre. D’inis fear an óstáin dom gur chaith sé seal i mBaile Átha Buí.

Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú. I measc na nathanna cainte a úsáidtear go minic, tá kia ora (Dia duit), kai (bia), whānau (clann), ka kite (feicfidh mé thú).

An Mhaoiris agus na MaoraighDála muidne in Éirinn, bíonn fonn ar dhaoine a dteanga dhúchais a labhairt ag ócáidí faoi leith. Bíonn lá speisialta Te Reo ar siúl ar an 14 Meán Fómhair. Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.

I 1975, rinneadh seachtain iomlán as agus leanadh ar aghaidh leis na hagóidí. Tar éis feachtais éagsúla thar na blianta, reachtaíodh Acht na Maoirise (1987), a chuir an teanga ar bhonn oifigiúil náisiúnta mar aon leis an mBéarla, agus bunaíodh Te Taurawhiri i Te Reo Māori (coimisiún teanga na Maoirise).

Níl an Mhaoiris éigeantach, ach is teanga oifigiúil í agus ceadaítear a húsáid sna cúirteanna. Faoi láthair, tá cumas dátheangach ag ocht roinn rialtais, na póilíní san áireamh.

De réir an daonáirimh a rinneadh i 2006, tá Béarla ag 95.9% de na daoine sa tír, ach tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó ar féidir le daoine gnáthchomhrá a bheith acu inti (4.1%, nó 157,110 duine). As na daoine a chuir tic sa bhosca eitneach "Māori", tá líon na gcainteoirí níos airde san aoisghrúpa 65 bliain agus os a cheann ná mar atá in aon aoisghrúpa eile. Is féidir le timpeall 45% de na Maoraigh atá os cionn 65 bliain an teanga a labhairt, 22% idir 15 agus 64, agus níos lú ná 20% de na Maoraigh óga atá faoi bhun 15 bliana. Níl ilteangachas coitianta sa Nua -Shéalainn, ach amháin i measc na ndaoine a rugadh thar lear, a bhfuil níos mó ná teanga amháin ag 48.5% acu. Maidir leis na Nua-Shéalannaigh a rugadh sa tír, níl ach 10% san aoisghrúpa 15-64 a bhfuil sé ar a gcumas teanga eile a labhairt.

I mbliana, ceiliúradh Seachtain na Maoirise idir 23 agus 29 Iúil, agus Tāpoi (turasóireacht) mar théama aici. Tá acmhainní curtha ar fáil do ghnólachtaí - leabhrán frásaí, mar shampla, a bhfuil He Kōrero mō Aotearoa (On the Road with Te Reo) mar theideal air - agus cártaí a bhfuil kia ora (Dia duit) scríofa orthu do dheasca fáilte. Tá cártaí beaga eile ann a bhfuil nathanna cainte agus noda fógraíochta orthu. Tá neart suíomhanna gréasáin ar féidir leis an bhfoghlaimeoir cuairt a thabhairt orthu chomh maith.Sa saol Maorach, glactar leis go bhfuil an-tábhacht agus cumhacht ag baint le teanga. Tá seanfhocal ann, “Ko te reo te mauri o te mana Māori” (is í an teanga beatha an tsaoil).

Amhrán Náisiúnta na Nua-ShéalainneCé go smaoinítear ar an haka go príomha mar amhrán náisiúnta na tíre seo, tá dhá cheann oifigiúla acu, "God defend New Zealand" agus "God save the Queen". De ghnáth, baintear úsáid as an gcéad cheann, a chum duine as contae Mhuineacháin i dtosach mar dhán sa bhliain 1876. Rugadh Thomas Bracken i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin in 1843 (deir cúpla foinse gurbh as Cluain Aodha i gContae na Mí dó). Cailleadh a thuismitheoirí agus é óg, agus cuireadh chun na hAstráile é agus é dhá bhliain déag d’aois chun cónaithe lena uncail ansin. D’oibrigh sé mar aoire agus mar shiopadóir, agus bíodh sé ag cuardach óir. Bíodh sé ag scríobh faoin saol mórthimpeall air.

D’aistrigh sé go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht). D’éirigh go maith leis, agus in 1876 foilsíodh an dán "God Defend New Zealand". Sa bhliain 1940 glacadh leis mar iomann náisiúnta, agus mar amhrán náisiúnta i 1977. Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach. Deirtear go bhfuil tagairt do Te Kooti, ar thaoiseach tábhachtach as iarthar na tíre é, agus do na Maoraigh sa líne “guard Pacific’s triple star". Ach deir staraithe eile gur meafar é do thrí oileán na tíre.

D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maoiris don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite. B’ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin. Bhí raic ann, mar níor thuig go leor Nua-Shéalainneach brí na bhfocal. Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh. Tar éis do Te Taura Whiri (Coimisiún Teanga na Maoirise) bileoga eolais a eagrú, foghlaimíodh na focail. Anois, is é an nósrann amháin a chanadh i mBéarla agus an chéad rann eile i Maoiris.

http://www.koreromaori.com

http://www.nzhistory.net.nz/culture/tereo-100words

http://www.foma.co.nz/about_maori/index.htm

http://www.youtube.com/watch?v=BGClNJUIWL0

http://en.wikipedia.org/wiki/GodDefendNew_Zealand

http://www.teara.govt.nz/1966/B/BrackenThomas/BrackenThomas/en

Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.