AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Fionnachtana seandálaíochta Lìte
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. Chuaigh Liz Curtis ar thuras faoi threoir ansin le gairid.

Íomhá
Chuaigh Liz ar shiúlóid faoi threoir thart ar LìteGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Tá Commercial Street suite in aice leis an chósta sa lá atá inniu ann
Íomhá
Lamb's House, teach mór ceannaithe a tógadh sa 17ú haoisGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Foirgnimh athchóirithe LiteGrianghraf: Liz Curtis

I mí Mheán Fómhair gach bliain, bíonn ócáid ar a dtugtar Scottish Archaeology Month ar siúl in Albain. Fud fad na tíre, ó Inse Orc go Gall-Ghaidhealaibh, bíonn imeachtaí ar siúl - siúlóidí agus cainteanna, comhdhálacha agus imeachtaí speisialta do pháistí ina measc, agus iad uilig saor in aisce.

I mbliana, rinne mé siúlóid faoi threoir thart ar Lìte a bhí an-suimiúil. Port Dhún Éideann is ea é Lìte. Sa seanam bhí spás eatarthu, ach anois tá siad nasctha lena chéile. Téann Leith Walk, ar sráid mhór lán tráchta agus siopaí athláimhe í, ansin ó lár na cathrach, nó is féidir siúlóid dheas shuaimhneach, ar a dtugtar Water of Leith, a dhéanamh cois abhann.

Is féidir cuairt a thabhairt ar réimse mór áiteanna mar liagchorcail, brugha Pioctacha, caisleáin agus uaimheanna. Déanann an Council for Scottish Archaeology an clár a chomhordú, agus eagraíonn grúpaí deonacha cuid mhaith de na himeachtaí. Turas faoi threoirBhí turas s’againne dírithe ar luath-stair Lìte. Thosaigh muid in aice le dhá dhealbh; macasamhail na Banríona Victoria agus spíce déanta as miotal gorm a raibh an chuma air go ndearnadh sna seascaidí é. Ansin chuaigh muid isteach in ionad siopadóireachta a tógadh sa tréimhse chéanna.

Dúirt an treoraí, Stephen Carter, nach bhfuil mórán ón seanam le feiceáil os cionn an talaimh, ach go bhfuil neart faoin talamh. Is gá an tsamhlaíocht a úsáid. Is seandálaí gairmiúil é Stephen, agus tá a chomhlacht lonnaithe i Lìte. Ó na nóchaidí ar aghaidh, bhí a lán oibre acu sa cheantar. Tharla dhá rud ag an am sin. Ar an chéad dul síos, bhí a lán trádstóras folamh agus tréigthe sa cheantar agus cuireadh tús leis an obair athfhorbartha le hiad a atógáil mar árasáin agus oifigí. Ag an am chéanna, cuireadh dlí nua i bhfeidhm a d’ordaigh go gcaithfí tochailt seandálaíochta a dhéanamh idir treascairt agus atógáil. Mar gheall air sin, bhí roinnt mhaith deiseanna ann le foghlaim faoi luathstair na háite.Bhíodh Lìte ar an taobh thuaidh den abhainn, ag an áit a dtéadh sí isteach san fharraige. D’athraigh líne an chósta níos moille – sa lá atá inniu ann tá Commercial Street le cois an chósta. Rinneadh tochailt thábhachtach thart ar Sandport Street. Fuair na seandálaithe rianta d’fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.Dúirt Stephen nach raibh i Lìte ach baile beag iascaireachta ag an am sin. B’áit chiallmhar é le cónaí ann, mar go raibh sé ag béal na habhann, agus bhí neart éisc i Linn Giùdain. B’éigean dóibh a gcuid bád a tharraingt suas ar an trá.Tharla athrú sa 12ú haois: thug an Rí David I Lìte don mhainistir in Holyrood. D’atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, agus thosaigh sí ag gearradh cíosa ar dhaoine.Fionnachtana seandálaíochta

Fuair na seandálaithe amach gur cruthaíodh stráicí caola talaimh, ar tógadh tithe agus gairdíní orthu. Dúirt Stephen go raibh daoine, ainmhithe agus glasraí ansin agus go raibh sé theaghlach déag ann. Mar sin, d’fhéadfaí go raibh idir 100 agus 200 duine ina gcónaí ansin.Le linn na gcéadta ina dhiaidh sin, d’éirigh Lìte tábhachtach mar phort. Bhí an-trádáil ar siúl le calafoirt Bhaltacha agus calafoirt na dTíortha faoi Thoinn. Onnmhairíodh bunábhair mar olann agus seithí ainmhithe agus allmhairíodh éadach agus só-earraí. In áit na lonnaíochta bige iascaireachta, bhí ceardlanna ann anois inar deisíodh agus inar tógadh báid. Ar an taobh eile den abhainn, thóg na ceannaithe stórais mhóra a raibh lóistín dóibh féin taobh istigh díobh.Tá teach mór ceannaithe ón 17ú haois ann go fóill, darb ainm Lamb’s House. Tá fuinneoga suimiúla ann atá déanta as gloine agus as adhmad. Mar gheall ar nach bhféadfaí an chuid atá déanta as gloine a oscailt, ba ghá an chuid adhmaid a oscailt le haer a ligean isteach nó le bruscar a chaitheamh amach.

Ag tús an fichiú haois, bhí a lán tionscal i Lìte - tógáil bád, déantús rópaí, trádáil fíona agus adhmaid ina measc. Tá siad uilig imithe anois, agus tá Inbhir Greinnde, atá níos faide soir ag tús Linn Giùdain, ar an phort coimeádán is mó in Albain.Tá cuma nua ar an éadan le huisce in Lìte anois. Tá ceap mór oifigí nua-aimseartha ag Rialtas na hAlban ansin. Tá ionad siopadóireachta ollmhór darb ainm Ocean Terminal ann freisin a bhfuil leaba ancaire don iar-bhád ríoga Britannia in aice leis. Tá beáir fíona agus bialanna ann freisin, agus árasáin chostasacha, ach tá neart daoine bochta sa cheantar go fóill.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.