CÚINNE NA nEALAÍON
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: ag ceiliúradh deich mbliana
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Bhí sé mar aidhm ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann nuair a d’oscail sé i 1991 faoi threoir an Stiúrthóra Declan McGonagle ardán a chur ar fáil do shaothar náisiúnta agus idirnaisiúnta agus nasc a chothú leis an phobal chomh maith trí chlár cuimsitheach oideachais a chur i bhfeidhm. Tá imeachtaí éagsúla ar siúl faoi láthair chun an chéad deich mbliana a cheiliúradh, taispeántais nua le Rebecca Horn agus Sol LeWitt ina measc. Is teist mhaith iad na taispeántais seo ar an fhís a bhí agus atá ag McGonagle agus ag a fhoireann.

Íomhá
Íomhá

Is é seo an chéad uair atá bailiúchán substaintiúil de shaothar an ealaíontóra ildánaigh Rebecca Horn le feiceáil sa tír seo. Is as an Ghearmáin di agus tá fréamhacha a saothair bunaithe in ealaín choincheapúil agus performance a thosaigh sí sna seachtóidí. Tá a saothar le feiceáil sna *New Galleries *a osclaíodh go speisialta chun é a thaispeáint. Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.

Tá go leor samplaí den mhodh oibre seo le feiceáil sa taispeántas: feananna déanta as cleití; bileoga ceoil a osclaíonn agus a dhruideann leo féin; uirlisí a scaoileann péint amach ar na ballaí nó ar an urlár; dordveidhil a dhéanann ceol aisteach taibhsiúil ... Is cinnte go bhfuil greann agus clisteacht ag baint lena saothar, ach taobh thiar de seo tá sruth tréan truamhéalach le brath chomh maith.

Saothar dar teideal ‘CREMASTER 5:her Giant’ (1997) le MatthewBarney, Buaiteoir Ghradam GlenDemplex 2001

Péintéireacht ar bhallaí

Is péintéireacht ar bhallaí níos mó ná líníocht atá i gceist i saothar an Mheiriceánaigh Sol LeWitt, in ainneoin gur New Wall Drawings an t-ainm atá ar a thaispeántas. Dearann sé píosaí péintéireachta atá geoiméadrach agus láidir ó thaobh dathanna de. Ní úsáideann sé páipéar ná canbhás níos mó agus is é a chúntóir a leanann a mhiontreoracha leis an saothar a chruthú ar bhallaí, cibé suíomh a bhíonn i gceist. Dar leis féin gurb é an coincheap féin an ghné is tábhachtaí den ealaín agus gur rud tánaisteach é an ealaín féin a chruthú.

Thosaigh an dánlann ag bronnadh Ghradam Glen Dimplex i 1994 agus tá iarrthóirí na bliana seo le feiceáil in oirthear na dánlainne. Ina measc tá beirt, Elizabeth Magill agus Susan Phillipsz, le cúlra Éireannach, agus Richard Billingham as Birmingham. Fógraíodh gur bhain an Meiriceánach Matthew Barney an duais £15,000 lena ghrianghraif osréalacha, a thóg sé as a shraith scannán dar teideal CREMASTER.

B’fhiú go mór tírdhreachanna uirbeacha Magill a fheiceáil fosta, mar aon leis na grianghraif thruamhéalacha, mhacánta, loma a thóg Billingham dá theaghlach. Baineann Susan Philipsz úsáid as fuaim den chuid is mó le mothúcháin a spreagadh i ndaoine nó cuimhní a athmhúscailt iontu. Cuirtear a saothar i suímh phoiblí de ghnáth agus mhothaigh mé gur cailleadh cumhacht a cuid píosaí de bharr go raibh siad lonnaithe i ndánlann.

Clár oideachais

Cuireadh clár oideachais i bhfeidhm nuair a thosaigh an dánlann i 1991 agus tá cuid den saothar a tháinig as an tionscadal seo le feiceáil faoi láthair fosta. Is ealaín a spreagann machnamh an saothar atá tagtha as an chaidreamh deich mbliana atá ag an dánlann leis an eastát áitiúil tithíochta, eastát Naomh Mícheál. Tá cláracha oibre eile curtha i bhfeidhm in áiteanna eile sa tír a thugann deis do gach réimse den phobal, óg agus sean, baint a bheith acu le cúrsaí ealaíne.

Ba chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun. Beidh sé i gcónaí aitheanta mar dhuine le taithí agus saineolas leathan, duine ar éirigh leis príomhinstitiúid ealaíne a bhunú ag am nuair nach raibh airgead ná áiseanna rófhlúirseach. Gan amhras ar bith, tá obair mhór déanta ag McGonagle agus neart fuinnimh caite aige leis an dánlann.

Caithfidh muid fanacht go dtí go bhfógrófar cé hé/hí an stiúrthóir nua le fáil amach cad é atá i ndán d’Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amach anseo, ach tá McGonagle ag fágáil dánlainne ina dhiaidh a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.