CÚINNE NA nEALAÍON
Scéalta greanta in adhmad agus i gcloch
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.

Íomhá
Séighann Ó Draoi taobh amuigh den Dánlann Dearg
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann
Íomhá
An Fheadóg
Íomhá
Naomh Pádraig
Íomhá
Aghaidh, déanta as gaineamhchloch

Braitheann tú súile ag stánadh ort agus tú ag siúl thart ar stiúideo an dealbhóra Séigheann Ó Draoi. Súile nach mbaineann leis an domhan seo, ach a amharcann ort go stuama agus iad lán scéalta agus críonnachta.

Cruthaíonn Séigheann dealbhóireacht adhmaid agus chloiche a bhíonn bunaithe ar an stair, ar an fhinscéalaíocht agus ar na logainmneacha. Déanann sé réidh a chuid adhmaid féin, próiseas fadálach go leor a thógann neart ama. Taobh amuigh den stiúideo tá cairn seiceamair agus feá le feiceáil ag triomú, ag fanacht leis an scéal rúnda atá iontu a bheith ligthe saor.

“Uaireanta, ní bhíonn barúil agam cad é le déanamh,” a deir Séigheann, “ach tosaím ag gearradh ar scor ar bith agus tógann an píosa a chruth féin. Is ar an dóigh seo a thagann cuid de na píosaí is fearr de mo shaothar.”

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Séigheann agus tá cuid mhór ama caite aige i nGaeltachtaí éagsúla sa tír.

“Bhí suim ag mo theaghlach sa Ghaeilge agus cuireadh chuig Gaelscoileanna muid agus muid ag fás aníos. Nuair a bhog mé síos go Ciarraí b’éigean dom an Ghaeilge a athfhoghlaim, chóir a bheith, mar go raibh blas Átha Cliath ar mo chuid cainte. Chaith mé trí bliana ansin agus bliain thuas i Maigh Eo. Nuair a bhog mé anseo go Gaoth Dobhair thug daoine *Conamara French *ar mo chanúint agus b’éigean dom toiseacht arís, agus luí isteach ar bhlas Thír Chonaill a fhoghlaim. Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, áfach, má tú ag iarraidh go nglacfaí leat sa phobal.”

Tá stiúideo Shéighinn suite sa Dánlann Dearg i nGaeltacht Ghaoth Dobhair in iarthuaisceart Thír Chonaill. D’oscail an dánlann, ar bhacús é i dtosach, seacht mbliana ó shin. Chomh maith le spás taispeántais a bheith ann d’ealaíontóirí, bíonn ranganna ealaíne don phobal ar siúl ansin chomh maith. Tógadh é le bheith mar áis luachmhar sa phobal agus, go deimhin, bhí taispeántas bríomhar de shaothar daoine áitiúla a d’fhreastail ar ranganna sa dánlann le feiceáil ann nuair a thug mé cuairt ar an áit. I measc na saothar bhí radharcanna éagsúla den Earagail, an timpeallacht áitiúil agus a háilleacht fhiáin, chomh maith le roinnt portráidí agus stáidéir neamhbheo.

clár spéisiúil imeachtaí leagtha amach acu idir seo agus mí an Mheithimh, ina measc taispeántais shaothar ealaíontóirí ó Shligeach agus Liatroim, chomh maith le taispeántas de roinnt de shaothar Shéighinn, a bheidh ar siúl le linn Fhéile An Earagail.

Is duine gnóthach é Séigheann a dhéanann a chuid ama a roinnt idir ranganna dealbhóireachta a theagasc sa dánlann agus i nDoire Cholm Cille chomh maith. Is ceoltóir é fosta agus, nuair nach mbíonn sé ag teagasc nó i mbun dealbhóireachta, seinneann sé ar na cnámha agus ar an bhodhrán.

Deir Séigheann go bhfuil dúil mhór aige a bheith ag cruthú píosaí don taobh amuigh.

“Bhí mé féin agus cara liom páirteach i gcoimisiún le píosa dealbhóireachta a chruthú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc atá idir Árainn Mhór agus Beaver Island sna Stáit Aontaithe. Is é an rud atá i gceist leis an phíosa a rinne muid ná dobharchú, iasc agus béabhar, déanta as cloch, agus iad suite i linn in aice leis an teach solais in Árainn Mhór.”

Le linn an Ghorta Mhóir chuaigh cuid mhór de mhuintir an oileáin anonn go dtí na Stáit Aontaithe agus shocraigh go leor acu ar Beaver Island. Tá an nasc seo idir an dá áit ann ó shin i leith.

Tá Séigheann ina bhall de chomhlacht darb ainm Gael Dealbh atá ag cruthú píosaí dealbhóireachta do na siúlóidí sin ar a dtugtar Bealach na Gaeltachta. Is éard atá iontu seo ná ceithre bhealach chiorclacha, idir 50 agus 70 ciliméadar an ceann, a théann thart timpeall Ghaeltachtaí Thír Chónaill. Tá roinnt de na radharcanna is áille sna ceantair éagsúla le feiceáil ar na bealaí seo.

“Tá saothar le feiceáil i gcúig áit go dtí seo agus tá muid ag cur leo an t-am ar fad,” a deir Séigheann.

Tuilleadh eolais: Séigheann Ó Draoi, Mín Doire Dhamh, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill. (074) 95-32710

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.