Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #100 · LÚNASA 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Cóirigh an Carr agus Coigil an tAirgead

Cén chomhairle is fearr? Luafaidh tú le duine éigin go bhfuil an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) ag teannadh leat. Sinne a bhfuil an seancharbad linn i gcónaí, ocht nó deich mbliana de bhóithre na tíre siúlta aici, chualamar an chomhairle charad anois is arís. “Is mithid bronntanas de charr úr a cheannach duit féin”. An a mholfas duit an carr úr a cheannach, ní chuimhneoidh siad go brách gur féidir, más cuma leat do bheo nó más cuma leat do chúram i leith gach éinne eile ar bhóithre na tíre, leis an tseancharr 1.6 cc. deich mbliana d’aois, breis is 100 m.s.u. a dhéanamh, má thograíonn tú! Tuige a ndíolfá carr chomh téagartha léi?

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar. Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Chuaigh Pat Butler chuig an Antichrist, chonaic, agus chuir sé fainic anseo thíos ar gach éinne againn. Má théann tú ann, a deir sé, ar do cheann féin bíodh sé! B’fhéidir go dtiocfá ar dhearcadh saoil níos dearfaí i measc rogha na nDVDanna i ndeireadh an ailt.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Alan Desmond

Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Níorbh as an nGrassy Knoll a caitheadh an t-urchar cinniúnach i leith an Chinnéidigh a deir Brian Ó Broin. Bhuail sé féin le fear grinn atá ar an eolas ar fad faoin bhfeallmharú le linn a chuairte ar Dallas.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Alan Desmond

Chaith Alan Desmond seal ag meá cheist mhuintir mhear na machairí in oirthear domhain, an dream daoine a dtugtar na Uígir orthu. Dream ar leith iad atá ag éileamh neamhspleáchais arís don Turcastáine Thoir.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Thug Roseanne Smith a ríomhaire glúine léi ar saoire don chéad uair riamh i mbliana. Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Is iomaí uair ó Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. Tá cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh barr feabhais go boladh an pháir.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Tá a fhios againn cé dhúisigh sinn na blianta siar agus sinn i mBÁC nuair a b’fhéidir coirm cheoil eile U2 a bhlaiseadh beo beathach an t-am sin! Maíonn Colm Ó Snodaigh san alt seo go raibh sé faoi dhraíocht an uair sin, nuair a scaoil Bono agus a bhuíon le fiántas cruthaíochta an ama sin ón ardán. Cá’il an draíocht ó shin a deir sé?

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán de Gallaí

Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú. Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie go sea. Tá sé thar ré a dhéanamh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.