COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Lúnasa
Íomhá
Oideas Gael, 25 Bhiain faoi Bhláth

Ag ócáid cheiliúrtha i bhForas Cultúir Uladh ar 26 Iúil sheol an Tánaiste, Máire Ní Chochláin Oideas Gael 25 Bliain faoi Bhláth, leabhar ag comóradh na mblianta ó d’oscail an eagraíocht a doirse an chéad lá i nGleann Cholm Cille le freastal ar fhoghlaimeoirí fásta. Is é atá in 107 lch an leabhair: ailt, teachtaireachtaí agus grianghraif ag cur síos ar stair agus forbairt an eagrais ó thosach ama. Ag labhairt dó ar an ócáid, ghlac an t-eagarthóir, an tOllamh Seosamh Watson, cathaoirleach Oideas Gael, buíochas thar ceann na heagraíochta le gach duine a thug cuidiú thar an cheathrú céid, go háirithe le pobal Ghleann Cholm Cille agus Ghleann Fhinne. Is féidir Oideas Gael 25 Bliain faoi Bhláth, foilseachán lán-daite d’ardcháilíocht ina bhfuil mórán grianghraf álainn, stairiúil a fháil ar €10 (+postas idirnáisiúnta, más ann dó) ach dul i dteagmháil le hoifig na heagraíochta: teil. 074-9730248 nó r-phost oideasgael@eircom.net

Ceist: Tá príomh ionad Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille. Cá bhfuil an ionad eile.

Tá an freagra le fáil ag www.oideas-gael.com

Seol do fhreagra le ainm agus seoladh chuig eolas@beo.ie

Duais: Cóip den leabhar do gach buaiteoir. (10)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.