CÚINNE NA nEALAÍON
Solas Ard na Gealaí
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is iomaí uair ó Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Coischéim Néill Labhradha (é féin a tharraing)
Íomhá
An Ghealach ó láimh Ghalileo as Sidereus Nuncius 1610
Íomhá
Madonna le Edvard Munch

Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh ag iarraidh an sliabh a dhreapadh. D’fhreagair , mar is eol dúinn, ‘Mar go bhfuil ann’.Bheul, an spás ansin thart timpeall orainn, agus muidinne ag dul a dhreapadh air agus an ghealach agus na pláinéid ansin chomh maith agus dóchas againn go n-aimseoidh muid eolas úr agus síocháin iontu.” - John F. Kennedy, Uachtarán na Stát Aontaithe a dúirt.

Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gurcéim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.

An tseachtain is fearr i stair an domhain ón chruthú an breithiúnas a thug Richard M. Nixon ar an éacht a bhí bainte amach acu - éacht nach raibh ach ina ábhar aislinge go dtí sin agus a mhaireann ina choincheap mhealltach go fóill a spreagann agus a thugann ábhar inspreagtha d’ealaíontóirí.

Gealach an Bhéaloidis

tagairt déanta don ghealach i mbéaloideas tíortha éagsúla chomh maith len í a bheith ina híomhá choitianta i saothar ealaíne. Anuas go dtí an Athbheochan, shíl an Eaglais go raibh an ghealach chomh mín agus chomh glan le criostal. Thaispeáin ealaíontóirí ar nós El Greco, Rubens agus Velázequez, Deastógáil na Maighdine go minic agus an ghealach dheirceach, an corrán gealaí, faoina cosa. Bhíodh an ghealach le feiceáil i bpictiúir faoi Chéasadh Íosa chomh maith agus an ghealach faoi urú curtha ar thaobh amháin den chrois agus an ghrian ar an taobh eile. Feictear an ghealach i scéalta a bhaineann leis an Chruthú agus le an Bhreithiúnais fosta. Nuair a d’fhoilsigh Galileo, Sidereus Nuncius i 1610, áfach, b’éigean don domhan athbhreithniú a dhéanamh ar an tslí a mbídís ag amharc ar an ghealach.

an ghealach ina comhartha láidir i scéalta béaloidis ar fud an domhain. Chreid an Inuit, cuirim i gcás, go raibh sealgaire darb ainm Tarqeq ina chónaí ar an ghealach agus gur choinnigh súil ghéar ar an chine dhaonna agus ar a gcuid míghníomhartha. Chreidtí sa tSín i Chang O, bandia na gealaí a chónaigh in áras ansin. Chreidtí go raibh nasc idir an ghealach agus an bás fosta agus go raibh contúirt bháis ceangailte le líonadh agus le lagan na gealaí nuair a ligfeadh madra uaill leis an ghealach lán.

Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn. Tchítear Chulainn in aghaidh Ghoill mhic Carbada, is é sin, carbadóir na leathsúile, dia na Gine. Le linn a riastartha, léimeadh alúan láith amach as a chloigeann agus thugadh aghaidh in airde spéire. Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.ch. (Irish Times, 9-9-2000).

Gealach an Ealaíontóra

Bhí baint ag an ghealach le cúrsaí grá agus seirce fosta, agus bhíodh go minic le feiceáil i saothar ealaíontóirí ón tréimhse rómánsach sna 1800í agus é ag lonrú ar bhean óg agus ar a leannán ag suirí.

Chuir an t-ealaíontóir Edvard Munch suntas sa ghealach agus an tionchar atá aici ar an aigne agus ar chorp an duine. seo le feiceáil i Faoi Sholas na Gealaí 1895 agus i Rince na Beatha 1899, áit a ndearna machnamh ar chúrsaí gnéis, báis agus gealtachta.

Bheadh rídheacair cuntas a thabhairt ar an mhéid ealaíontóirí agus óráidithe a bhain feidhm as an ghealach mar shamhail mar mhóitíf ina gcuid saothar. Dúirt Shakespeare gurarrant thief’ a bhí sa ghealach a sciob a solas báiteach ón ghrian. D’fhógair Mahatma Ghandí gur mhéadaigh a anam in ómós don Chruthaitheoir, nuair a mheabhraigh ar áilleacht luí na gréine na gealaí.

In ainneoin an tsaineolais atá againn faoi dhéantús na gealaí agus an dóigh a fheidhmíonn , draíocht ag baint léi go fóill, draíocht rúnda álainn a spreagann agus a mheallann an a amharcann uirthi.

Is geall le hardéirim í an áilleacht. níos airde an ardéirim fiú, an áilleacht a mhíniú. Is ceann de mhórfhírinní an tsaoil í ar nós solas na gréine, scáil an tsliogáin ghléghil sin ar a dtugaimid an ghealach, ar dhromchla dorcha an locha. - Oscar Wilde a dúirt.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.