CÚINNE NA nEALAÍON
KINOan cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Chuaigh Pat Butler chuig an Antichrist, chonaic, agus chuir fainic anseo thíos ar gach éinne againn. théann ann, a deir , ar do cheann féin bíodh ! B’fhéidir go dtiocfá ar dhearcadh saoil níos dearfaí i measc rogha na nDVDanna i ndeireadh an ailt.

Íomhá
Dafoe i lár na coille in Antichrist
Íomhá
Antichrist.
Íomhá
An Camall ag Caoineadh

Antichrist’, le Lars Von Trier

himigh i ngiorracht scread asail doAntichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, cheapann nach bhfuil seans laghad, ‘ laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart reanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, siosúr maintín, fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball;

an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite. É gan mhothú fós, leanann uirthi ansin ag imirt glacaireacht láimhe air ina dtagann, ar deireadh, síol, ach sead fola. Agus níl ansin ach a leath.

Sea a chairde, fáilte chuig tromluí breoite an phornagrafadóra Lars Von Trier, chuig fís scanrúil ealaíne an auteur cineamúil Lars Von Trier. Cioca? an bhféadfadh go mbeadh an léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne áit a theaspeántarAntichrist’. b’fhéidir gurb í seo an cheistan ealaíon phornagrafach é an scannánAntichrist’, pornagrafaíocht ealaíonta? De réir mar a thuigim, taispeánfar in Éirinn é le teastas os cionn an ocht déag. a rogha féin déanta ag John Kelleher, is cosúil.

Scéal na Lánúna

Teiripeoir is ea an fear chéilescríbhneoir seasc is ea a bhean. I mbrollach an scannáin feictear an bheirt acu, i ndubh agus bán niamhrach rómánsúil, ins an lonnú lionsa is moille bhfaca riamh, i mbun suirí réalaíoch ar urlár an . fhágtar mórán fán tsamhlaíocht i léiriú na collaíochta céanna. Seo Lars Von Trier Bergman. Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana. Gearrtha le rithim an tsúnáis, teannas idir na háilleachta físiúla agus tuar dorcha na tubaiste ina dhiaidh sin.

maicín óg thart ar dhá bhliain d’aois ag an mbeirt a thagann orthu i mbun ghnímh. Tapaíonn deis a gcúram drúisiuil. In airde leis ar an mbord, osclaíonn fuinneog ach titeann bhás sa tsneachta lasmuigh. an díshondas idir an tragóid féin agus áilleacht a inste iomlán máistriúil. rud eile faoi Lars Von Trier, haon charlatan é, ach fear scannáin cruthanta - fiú más provocateur dúrúnda chomh maith é an fear céanna.

Cad chuige mire na mná (Charlotte Gainsborough), i gcomparáid le brisréasúnta’ a fear chéile (Willem Dafoe)? Tarlaíonn go bhfaca an leanbh ag breathnú orthu ag bualadh craicinn. Chonaic an leanbh ag dreapadh in airde ar an mbord. Ach bhí chomh suaite sin lena sult féin gur lean uirthi buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint. Caitheann réim cheimice san otharlann tar éis na sochraide, go dtí go dtógann a teirpeoir chéile fána sciathán féin mar othar í. Is léir go bhfuil an-bhreoite - seisean chun í a thabhairt i bhfianaise raon iomlán a cuid sceimhle, d’fhonn téarnamh agus leigheas d’fháil di. Cuireann coillte sceoin uirthi, agus isteach iontu a théid chun na deamhain a cheannsú, áit ina dtiteann an lug ar an lag ar fad orthu.

An Fo-Chomhfhios

Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir uirthi féin is ar a fear istigh sa choill. leor an féinmhilleadh haithrí, ar a fear fulaingt léi de bharr a ról siúd ina neamairt. Cuirim an cheist orm féin, an ábhar dleathach scannáin é mire leithéid? Bhfuil de cheart ag scannánóir a leithéid a fhiosrú? Níl ach freagra amháin ar sin.

Ach an a bheith chomh grafach ina thaispeáint is atá Lar Von Trier? Is fearr liom féin an nod an bharraíocht. Agus maidir le freagra na dúcheiste a d’ardaigh ar dtús pornagrafaíocht ealaíonta éAntichrist’ mar go bhfuil dleathach mire leithéd, féinghortú leithéid, síocóis leithéid a scrúdú. Nílím iomlán cinnte, áfach, gur ealaíon phornagrafach ach oiread é. Ta an iúré inmhéanach scoilte ionam ar an gceist sin.

Breithiúnasan rachainn chun é d’fheiscint arís? rachainnnocht gach rún sa chéad taispeáint. An gceannóinn an DVD ar ball? cheannóinn. Arbh fhiú dom an t-ábhar a fhulaingt? B’fhiú. Trí réalt, ar a mhéid. imíonn chuige, bíodh ar do cheann féin. gach réamhfholáireamh tugtha agam duit.

Rogha na nDVDanna

boscra, bosca foirne, amuigh ag DENDY, World Movie Collection, a mholaim gan chuntar laghad d’éinne atá ar titim i ngrá leis an gcineama domhanda mar bhronntanas d’éinne atá ina afficionado cheana féin. Cúig scannán – ‘Before Night Falls’/Cúba-SAM, ‘In This World’/An Afganastáin - An Ríocht Aontaithe, ‘Look at Me’/ An Fhrainc, ‘The Son’s Room’ / An Iodáil, agusThe Weeping Camel’/ An Mhongóil - An Ghearmáin.

Ar an lipéad DENDY DBX12276 Forleathan san Astráil, agus ar-líne leis. Mar eolas breise ar an sárscannán deiridh sin: http://www.nationalgeographic.com/weepingcamel/Pat.Butler@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.