AR NA SAOLTA SEO
Facebook
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “ go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, caithfidh amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.

Íomhá
Grianghraf an údair ar Facebook
Íomhá
Alan Desmond, BEO, ar Facebook
Íomhá
Diabhal eile as BEO a sáinníodh ar Facebook

Thart bliain go leith ó shin chuir deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh suas le Facebook ( féachAghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí). Bhí cuid mhaith de mo chuid cairde ar Bhebo, Myspace agus ar a leithéid le tamall, agus bhí brú dochreidthe orm próifíl a chur suas ar cheann acu. Bhítí ag nach raibh a dhath cosúil leis, ag maíomh go dtiocfaí scríobh ag daoine ionas gur ghnáthshuíomh ríomhphoist a bhí ann agus go dtiocfaí pictiúirí a chur suas sa dóigh is go raibh siad le feiceáil ag cách. An buaicphointe mór eile a deirtí go dtiocfaí próifílí daoine eile a fheiceáil, ábhar s’acu a léamh agus a gcuid pictiúirí a fheiceáil.

Chuir seo uilig iontas an domhain orm féin. Ar an gcéad dul síos, nach b’é ag seoladh teachtaireachtaí ag daoine fríd an idirlíon an rud céanna le bheith ag seoladh ríomhphostanna acu?!, ach amháin bhaineann úsáid as Hotmail Gmail, eolas do bhealaigh agat thart ar an láithreán, achan ainm agus seoladh atá de dhíth ort agat ansin breá sásta agus áisiúil, agus chaithfidh cúpla a chaitheamh ar strae agus caillte ar láithreán eile. Mar sin caidé anbig deal’ dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin?

Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin. Níl ábalta ciall ar bith a bhaint as ca’ tuige a mbeadh ’nduine ag iarraidh súil a choinneáil ar na rudaí seo.

Léadh sinn achan ghné de leadrán saoil a chéile?!

na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh shonraí gan mhaith laethúilcairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoinei bhfad, bhfad barraíocht, nuair gurdaoine aitheantais atá iontu i ndáiríre, agus daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann machnamh ar an leibhéal cairdis muintearais caidrimh idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist. Cén dóigh in ainm an dtiocfadh leat trí chéad cara a bheith agat nuair a deirtear gur chóir a bheith ábalta an líon cairde atá agat a chuntas ar láimh amháin?

I dtaca le pictiúirí deseo an rud is a chuir iontas orm. fhaighim mo chuid pictiúirí féin priontáilte, agus le bheith fírinneach níl ceamara gur fiú labhairt dtaobh de agam. bhíonn ócáid iontach annbainis i Ríocht na Téalainne rud inteacht andúchasach/coimhthíoch mar sin, ceannaím ceann de na cineálacha ceamaraaon uairesin. Agus is é an toradh a bhíonn ag sin go ndéantar cúis magaidh domh ansin go sona ag tarraingt liom ar phictiúiríagus freastalaí na bainise i racht sciotíola gach uair a chloiseann siad an dineasár seo de cheamara obscura ag scríobadaigh agus ag bogadh an scannáin go dtí an chéad chlaonchló eile. Ansin fanann na pictiúirí mar chlaonchló ar feadh na mblianta.

dtabharfadh cara carn grianghraf domh le hamharc orthu, is é an rud a bheadh ag dul fríd mo chloigeann “ ... scaoil anois cuir urchar idir mo dhá shúil, tarraing an truiceardéan gasta é agus cuir deireadh leis an bore-fest a bhfuil á chéasadh leis anseo.”Ach bheireann seo ar ais chuig an Facebook agus an pointe gur mhaolaigh agus rinne ball domh féin den rud, agus ag ’ul do anois le bliain go leith. Nuair a shíníonn duine suas ar dtús, cuardaíonn an láithreán Gréasáin daoine ó do leabhar seoltaí (gmail mar shampla) atá ar Facebook cheana féin agus cuireann siad teachtaireacht acu sin ag tabhairt cuireadh daofu a bheith ina gcairde leat. Seo a rud a tharla domhsa. hamháin go raibh na daoine a bhí ag feiceáil go laethúil ag cur brú orm dul leis, bhí ag fáil cuirí ó ghach chearn den chruinne chomh maith. Tháinig cúpla ceann isteach ó dhaoine nach bhfaca le fada, ar chaill teagmháil leo, agus a raibh ag iarraidh teagmháil rialta a bheith agam leofa arís. Le seo, bhris síos agus chuir suas leathanach de mo chuid féin.

Bore-Fest Strainséirí

Anois trí chéad cara agam; céad fiche ’s cúigiarratas’ cairdis; agus trí déag moladh cairdis! flat-out ag léamh ghluaiseachtaí agus ghníomhaíochtaí dhaoine, ag cur teachtaireachtaí neamhfhoirmiúla agus ... fan leis ... ag amharc ar ghrianghraif daoine ... nach féidir cur síos a dhéanamh orthu ach amháin leis an téarma ... strainséirí.

Facebook iontach maith le do chuid gnó neamhfhoirmeálta a dhéanamh, agus is uirlis iontach é le tacaíocht a fháil a ghiniúint; scéal a fháil amach; eolas a chruinniú, srl., srl. bhíonn ríomhphost measartha dáiríre le seoladh agam, bainim úsáid as na gnáthláithreáin ghréasáinHotmail, Gmail, Yahoo. scéal le spréadhFacebook an boc.Fothoradh iontach suimiúil. Nach muid atá mídhílis? Prionsabal daingean in aghaidh rud éigin bomaite amháin, i do thaidhleoir fána choinne an chéad bhomaite eile!

Mar sin féin, níl ábalta éirí cleachta leis na dearcaí dearfacha seo a thagann trasna ionas go bhfuil siad prozac-bhreoslaithe. Status update a thugann siad orthu. chloisim glór an duine iontu nuair atá a léamh. “ X ag brionglóidí rudaí áille ... ” Níl i nádúr an Éireannaigh labhairt mar seo dtaobh de féin, ach céad agat ar Facebook!

Níl neart againn airis cuma chomh cinnte atá bheith in aghaidh rud éigintéann i bhfeidhm ort i ngan fhios duit cibé, agus nach bhfuil barúil agam cad é ’rud an twittereáil seo, beidh ag ’ul do roimhe ’bhfad chomh maith!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.