CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Chomhairle Cheart

Cóirigh an Carr agus Coigil an tAirgead

Cén chomhairle is fearr? Luafaidh le duine éigin go bhfuil an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) ag teannadh leat. Sinne a bhfuil an seancharbad linn i gcónaí, ocht deich mbliana de bhóithre na tíre siúlta aici, chualamar an chomhairle charad anois is arís. “Is mithid bronntanas de charr úr a cheannach duit féin”. An a mholfas duit an carr úr a cheannach, chuimhneoidh siad go brách gur féidir, más cuma leat do bheo más cuma leat do chúram i leith gach éinne eile ar bhóithre na tíre, leis an tseancharr 1.6 cc. deich mbliana d’aois, breis is 100 m.s.u. a dhéanamh, thograíonn ! Tuige a ndíolfá carr chomh téagartha léi?

Íomhá
Gan bonn, gan beatha (Christopher Ziemnowicz a tharraing)
Íomhá
Crosaire Dhálaigh, Co. Luimnigh

An Chomhairle Cheart

  1. igh chuig an gharáiste, chuig an mhórdhíoltóir cairr go háirithe, roimh an TNG. Sábhálfaidh €80 gan dul ann. Íoctar a leithéid ar scrúdú i ngaráiste, gan aon bhall den charr a chóiriú ar chor ar bith chor ar bith! Coinnigh an t-airgead sin in do phóca.

  2. Téigh faoin scrúdú TNG agus teip más teip atá tuillte ag an charr. Níl caillte agat ach €50 agus an tuairisc is fearr ar lochtanna do chairr anois agat.

  3. Cóipeáil an tuairisc sin, TNG, agus sín chuig garáiste beag ionraic a bhfuil aithne agus meas agat orthu agus a bhfuil taithí ar obair an TNG acu. Fiafraigh díobh chomh maith faoin dóigh a bhfuil na boinn. Más , tiomáin thart chuig chomhlacht a dhíolas boinn. Ceannaigh a bhfuil de dhíth.

  4. do charr in innimh dul faoin athscrúdú anois. bheidh le híoc agat ar a mhéid ach €28.

  5. Tríd an mhórdhíoltóir a sheachaint, ag uimhreacha 1 agus 3, roinnt céadtauro sábháilte agat agus níos tábhachtaí fós, contúirt do charr a thuilleadh duit féin do dhuine ar bith, go ceann tamaill eile.

Agus Comhairle Lúnasa:

  1. Coimhéad thú féin ar an bhealach más ag casadh ar dheis a bheas féin an duine eile. Achan tír ar domhan a bhfuil tiomáint taobh ciotach an bhealaigh ina dhlí, is ceann de na fáthanna taismí báis is coitianta é sin. (A mhalairt atá fíor sna tíortha a bhfuil tiomáint ar thaobh na deasóige ina dhlí. Maraítear an-mhórán daoine sna tíortha sin nuair a bhíonn duine ag casadh ar chlé!)

  2. Más ag scoitheadh a bheas féin an duine eile, iontach faicheallach. Is ceann de fáthanna móra eile a scuabtar daoine de dhroim an tsaoil é sin. Is é mo mheas nach dtuigeann daoine a dhonacht mar thiománaí atá an duine eile.

  3. An a scríobh an píosa seo, bhí in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.s.u. Ag fanacht agus ag comharthú le casadh ar dheis a bhí , gan aon bhosca tearmaplaisteach a bheith marcáilte ar an bhóthar. Bhí go léir le feiceáil sa scathán agam agus é trí charr siar uaim, go hard os a gcionn. fhaca iad ag scinneadh isteach, do mo scoitheadh ar an taobh chlé. Anois níl aon charr idir agus an jíp ollmhór is é ag lascadh chugam ag 60 m.s.u. hamháin go maróidh mise, ach sraith carranna ar mullach a chéile anoir im’ éadan atá ag déanamh 60 m.s.u. Is é sin, 60+60 = 120 m.s.u., rud a chiallaíonn go marófar tuairim is deichniúr duine mar sin, breis. fheiceann fear bean páiste in aon cheann de na carranna anoir a bhfuil ag titim amach anseo agus ar bás a fháil brúite go fuilteach ar m’inneall féin!

Scaoilfidh an coscán láimhe le caolsheans éigin a theacht slán! Níor thug éinne eile faoi deara a raibh ar tarlú dóibh féin, ach beirt. An scríbhneoir seo agus an duine gustalach 30 rud éigin 40 bliana d’aois a bhí beagnach istigh ar mo chúl sular theilg uaidh an guthán agus dúirt lena chroí is lena anamF.......!” Scinn tharam istigh agus chreath ruball a jíb ó thaobh go taobh ar an lána bhuí achar leathchéad slat sular smachtaigh arís í. Fós féin, níor chuir éinne eile faoi bhealach suntas ann.

Níor dúradh ar an nuacht Bhéarla an oíche sin, “Now for the good news. Fifteen people from five different families weren’t killed in a tragic pile-up at Dalys’ Cross this afternoon when everyone was returning home after the weekend. Only two of them saw it coming.”

Imigh in am, glac go réidh é agus go deas tuisceanach le gach éinne eile. Go soirbhí Dia daoibh agus ór don mhuintir a fuair bás ag an chrosaire sin. .

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.