CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cathú na Ríomhaireachta le Linn Saoire
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Thug Roseanne Smith a ríomhaire glúine léi ar saoire don chéad uair riamh i mbliana. Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?

Íomhá
Aeróga ar mhullach sléibhe i gConnachta
Íomhá
Viviane Reding
Íomhá
An gaireas Garmin
Íomhá
Iarthar na tíre (an t-údar a tharraing)

Táim i mo shuí i gcistin duine eile, i gcontae duine eile ag breathnú amach ar thírdhreach a bhíos uaireanta fliuch, uaireanta fiáin, uaireanta geal, uaireanta glas ach i gcónaí neamhaithnid. Is beag machnamh atá á dhéanamh agam ar chúrsaí teicneolaíochta, caithfidh mé admháil, ach mar chomhfhreagraí teicneolaíochta daoibh, déanfaidh mé mo dhícheall ar bhur son.

Táim ar mo laethanta saoire in iarthar na tíre. Ceann de na gnéithe is fearr liom faoi na laethanta saoire ná an deis an gnáthsaol laethúil agus ualach an tsaoil mhóir sin agus a ngabhann leis a fhágáil i mo dhiaidh. Téim ag campáil le m’fhear chéile is mo chlann sa Fhrainc de ghnáth, rud a ligeann dom gach aon uirlis cumarsáide a fhágáil i mo dhiaidh. Ach tuigim go bhfuil an AE ag obair i mo choinne. Ar ndóigh, is ar son gnó agus cumarsáide a éascú atá an reachtaíocht úr ag teacht i bhfeidhm, ach braithim dá bharr go gcaillfidh mé mo thearmann bliantúil ón teicneolaíocht san Eoraip.

Meánchostas isteach, Meathchostas amach

D’fhógair Viviane Reding, Coimisinéir Eorpach Cumarsáide, i bpreasráiteas ag tús mí Iúil dar teideal “End of ‘roaming rip-off’” go mbeadh uasmhéid 0.11c ar gach teachtaireacht téacs, praghas atá níos mó ná leath an mheánphraghais Eorpaigh de 0.28c roimhe seo. Níl cead níos mó ná 0.43c an nóiméad a ghearradh mar tháille fánaíochta ar scairt ghutháin in aon ceann de thíortha an AE. Chuir an AE tús leis an bpróiséas seo i 2007 nuair a laghdaíodh táillí fánaíochta 70%.

Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd. Ní bheidh aon srian anois ar mo chuid téacsála ná ar na scairteanna abhaile is mé thar lear ar saoire, rud nach ligfidh dom gach aon ní (agus go háirithe an fón!) a scaoileadh uaim mar a dhéanainn tráth.

Ach, buíochas le Viviane, bhí sí ag smaoineamh ar m’ainbhéas teicneolaíochta agus ar an ngá dom tréimhse éiteicneolaíochta a bheith agam anois is arís. De réir na rialachán nua seo, tá caidhp €1/MB ar tháillí eolais fánaíochta. Ciallaíonn sé seo, cuir i gcás, go bhféadfainn na hailt atá scríofa agam do Bheo le sé mhí anuas a sheoladh isteach ar thart fá €1.00 costais san iomlán. Ach le linn dom an t-alt seo a scríobh bheadh beagnach €10.00 caite agam ar taighde idirlín. Ní dóigh liom go mbeidh mé ag seicéail mo chuid r-phost ar an iPhone gan ghéarghá an chéad uair eile a bheidh mé ar an Mór-Roinn. Le mo phócaí folmha, ar ndóigh, ní bheidh mé ann róluath is dócha!

OED Digiteach

I ngeall ar chúrsaí teaghlaigh i mbliana, shocraíomar fanacht in Éirinn agus thug mé mo ríomhaire glúine ar saoire liom don chéad uair riamh. D’úsáideamar é chun ceol a sheinnt don chuid is mó (ó theacht an iPod ní bhacaimid le dlúthdioscanna a thuilleadh) agus bhaineamar feidhm as chun focail dhúshlánacha m’OED digiteach a fhéachaint le linn cluichí Scrabble. Thig leat gáire ach is cuimhin liom a bheith ar deireadh seachtaine fada geimhridh amháin is teachtaireacht téacs a chur chuig mo mháthair faoi fhocal conspóideach. Thuig mo mháthair an géarghá a bhí leis an eolas. Chaith mise tréimhse ag smaoineamh ar an easpa “excitement” i mo shaol...

Google Maps

Chomh maith leis sin, bhaineamar úsáid as an ríomhaire agus an dangal gan sreang a thug mé liom chun eolas a aimsiú faoi ionaid turasóireachta éagsúla timpeall an chontae, faoi chladaigh dhifriúla, don réamhaisnéis aimsire agus le teacht ar eolas faoi na taoidí. Bhaineamar úsáid as Google Maps chun ár dturasanna laethúla a réiteach roimh ré. Toisc go bhfuil iPhone agam freisin, is féidir liom leanúint le Google Maps a úsáid agus muid ar an mbóthar. Tá feabhas mór tágtha ar an uirlis seo ó éisiodh an córas oibriúcháin nua don iPhone an mhí seo caite.

Ach is beag nár fhág mé an ríomhaire sa bhaile ar fad. Ní raibh mé cinnte faoina fhiúntas sa chúinne seo den tír. Cá bhfios dom go n-oibreodh mo dhangal san áit iargúlta seo. Chuir mé ceist ar an idirlíon (céard eile!) agus d’aimsigh mé léarscáil ón soláthróir seirbhíse Idirlín gan sreang. Agus mé ag caint ar fhiúntas, níorbh fiú dom an trioblóid. Níor nocht an léarscáil mórán seachas nach bhfuil saineolas ag an gcomhlacht teileacumarsáide i leith léarscáiliú. Is ag dul sa seans a bhí mé nuair a shocraigh mé ar an ríomhaire a thabhairt liom. Ó tharla gur ag léamh an ailt seo anois atá tú, is léir gur éirigh liom!

Garmin

Rud eile a nochtaíodh liom ar an tsaoire seo freisin, ná giúirléid an-úsáideach eile: GPS. Thug m’athair Garmin mar bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire. Ach ní mar sin a bhí sé. Thug an giúirléid seo an mhuinín dúinn bóthar ar bith a ghlacadh agus a lánfhios againn go mbeimis dá mba ghá, lena chabhair sin, in ann teacht ar an mbóthar ceart arís.

Ós ag caint ar an mbóthar ceart mé, seo ar ais mé ar bhóithrín na smaointe is i mbun machnaimh ar an tírdhreach síorathraíoch, fiáin, stoirmiúil os mo chomhair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.