AR NA SAOLTA SEO
Dúil sna Leabhair
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. léitheoireacht go léamh leabhair, hionann an focal cló agus an focal scáileáin. sásamh go mothú an chlúdaigh barr feabhais go boladh an pháir.

Íomhá
Le Ladybird, seanleabhar do ghasúir
Íomhá
Seanleabhair, Réalta de'n Spéir 1915, Slíghe an Eólais ina measc
Íomhá
An sean (1915) is an nua (1997)

Amach ó leabharthaí scoile, is cuimhin liom an chéad leabhar a léigh : ‘How it Works: The Rocket. chun a bheith cruinn, an chéad leabhar ar amharc ann.

Leabhar beag faisnéise do pháistí ab ea é. Bhí thart ar bliana d’aois nuair a fuair an leabhairín úd toigh mo mháthar mhór. Sílim gur le huncail liom é, uncail a bhí ceithre bliana déag mar sin san am. Is cinnte go raibh an leabhar sin rópháistiúil aigesean faoin am sin, ach bhí an leabhar thart fan teach agus tháinig air. B’iontach liom é - bhí grianghraif de chodanna an roicéid ann, agus léaráidí ag cur in iúl an chaoi a gcuirtear na gáis le chéile chun an diúracán a thiomáint. Bhí clúdach crua ar an leabhar, é beagáinín smolchaite, agus cló mór ar gach leathanach. Is cuimhin liom go raibh fuarbholadh uaidh agus go raibh na dathanna á thréigean.

Níl a fhios agam ar chuir dúil sna leabhair de thairbhe an leabhar beag sin a fheiceáil, ach is cinnte gur imir tionchar mór orm. Ar aon chaoi, bainim aoibhneas as an léitheoireacht ó shin i leith. Is dóigh liom go bhfuil dúil sna leabhair go smior ionam agus go mbraithim féin go bhfuil leabharthaí mar chuid lárnach de mo shaol. fhéadfainn an saol a shamhlú gan iad. Buíochas mór do Dhia, níl aon chuma ar an scéal go gcuirfidh an teicneolaíocht nua deireadh leis an leabhar, faoi mar a chuirfidh deireadh leis an nuachtán. Ach mar sin féin, an leabhar agus a bhaineann leis - an fhoilsitheoireacht, an mhargaíocht, agus an léitheoireacht féin - ag athrú.

An t-ábhar a bhíodh ar fáil i leabharthaí amháin fadó, is féidir é a fháil ar fhiche bealach leictreonach anois. gach eolas a bhaineann leis an roicéad ar fáil ar wikipedia ar ndóigh! Ach cuid mhaith den tseanlitríocht ar an líon freisin, ón Aeinéid le Virgil go filíocht Fhearghail Óig Mhic an Bhaird. Agus anois ríomhleabhair ann, .i. leabhair i bhfoirm chomhaid leictreonacha ar féidir iad a léamh ar ghléasanna úra ar nós an "Kindle". Thig leat an leabhar a íosluchtú den idirlíon faoi mar a dhéantar le ceol.

Nílim in aghaidh na teicneolaíochta. Bainim an-úsáid as foinsí idirlín, idir bhlaganna agus shuíomhanna nuachta, agus sílim gur deacair linn a cén toradh a bheas ar an chaoi a bhfuil an t-idirlíon ag athrú scaipeadh an eolais ar fud an domhain. Ach is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghthleabhair a ghlacadh go sásúil.

Teagmháil an Duine leis an Leabhar

Is rud fisiciúil é leabhar. An ar spéis leis leabhair, tuigfidh go gcuireann tréithe inláimhsithe an leabhair go mór leis an taitneamh a bhaintear as. Nuair a fhaighim leabhar nua, leagaim mo mhéara air agus mothaím é, féacháil an bhfuil mín garbh, an bhfuil tánaí ramhar. Osclaím é go fánach anseo is ansiúd ag breathnú ar na leathanaigh is ag goideadh réamhfhéachána ar altanna. Scrúdaím an cineál cló atá ann agus an cur chuige atá ar na haltanna. Cuirim faoi mo shrón é lena bholadh a fháil. An bhfuil úr fuar tirim?

An bhfuil boladh na gceimiceán le mothú uaidh an bhfuil lorg an adhmaid le mothú uaidh go fóill? Osclaím arís ansin é agus féachaim an clár. mhéad caibidil atá ann? An bhfuil siad gearr fada? Léim an réamhrá. Fiú amháin bhím ag súil lena léamh, fágfaidh de leataobh é bhíonn leabhar eile idir lámha agam.

De bharr gur rud fisiciúil é, saol ag an leabhar, agus bíonn stair réir ag leabhar. Is annamh a scríobhaim féin ar leabhar ach nuair a fhaighim leabhar áthláimhe cuireann ag meabhrú fheicim rud éigin scríofa air, ainm duine seoladh, nóta beag b’fhéidir. Bhí ag cur eagair ar mo stór leabhar cúpla ó shin agus tháinig ar leabhar réalteolaíochta a bhí agam nuair a bhí i mo dhéagóir. Chuir an-spéis sna réalta nuair a bhí óg. Thosaigh ag iompú na nduilleog ann go dtáinig ar roinnt nótaí a rinne oíche éigin agus ag amharc ar na réalta le mo ghloiní páirce. Is cosúil gur éirigh liom gealach de chuid Iúpatair a fheiceáil don chéad uair agus bhí iontach sásta leis. Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta , oícheanta fuara geimhridh ar chúl an leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.

An Siopa Leabhair

hionann a bheith ag spléachadh ar Amazon.com agus a bheith ag iniúchadh na seilfeanna i siopa maith leabhair. Nuair nach bhfuil ach leabhair timpeall ort, téann draíocht an fhocail scríofa i bhfeidhm ort. Bíonn a fhios agat i gcúl do chinn go bhfuil an scríbhneoireacht i measc na rudaí is tábhachtaí agus is intliúla a chum an cine daonna. Ar bhealach, seoladh an tsibhialtacht chugainn ar abhainn dhúigh. Mothóidh sa tsiopa leabhair go bhfuil eolas ag an duine air féin agus ar an tsaol agus gur féidir linn dul chun cinn, fiú amháin más go mall féin a dhéantar an turas.

Ach faitíos orm go bhfuil an leabhar agus an siopa leabhair, mar a bhfuil aithne againn orthu, i mbaol. an siopa leabhair imithe as aithne cheana féin. Tugaim faoi deara gur druideadh roinnt mhaith de na siopaí leabhair is fearr raibh againn, mar shampla, siopa Mhic Cionnaith i nGaillimh agus Greens i mBaile Átha Cliath. Is fíor go ndíolann siad seo tríd an idirlíon fós, ach mar a luaigh thuas, hionann é sin agus an fíórshiopa. Eisceacht is ea siopa Charlie Byrne i nGaillimh anois agus roinnt bheag eile timpeall na tíre. na siopaí móra ag athrú freisin. Le blianta beaga anuas, cultúr an iomráiteachais ag cur isteach go mór ar na siopaí leabhair seo. De réir a chéile laghdaíodh ar an spás a thugtar d’aon rud as an ghnáth, cuir i gcás, seanleabhair leabhair chlaisaiceacha leabhair i nGaeilge. Ina n-áit, fheictear ach beathaisnéisí daoine cáiliúla agus leabhair chócaireachta le daoine cáiliúla agus irisí ar an stíl mhaireachtála.

An toradh atá ar sin go mbíonn deacair tada spéisúil a fháil gan dul i muinín an idirlín. fios cén chuma a bheidh ar an leabhar ar an tsiopa leabhair i gceann fiche bliain ach glúin ag fás aníos faoi láthair ar nádúrtha leo an teicneolaíocht leictreonach. Is féidir go dtabharfaidh siadsan tosaíocht don ríomhleabhar thar an ghnáthleabhar. Is beag an difríocht a bheas idir siopa leabhair agus siopa nuachtáin feasta. Nuacht leabhair bheidh ag ceachtar acu: bheidh á ndíol acu ach irisí agus milseáin.

Scríofar úrscéalta, beathaisnéisí agus stair san am atá amach romhainnach bheidh leabhair ar bith le fáil. Beidh na bailiúcháin eolais seo á scaipeadh mar chomhaid leictreonacha. bheidh cruth tadhall boladh i gceist, agus caillfear, dar liom féin, nasc éigin, ar deacair cur síos air, idir an t-ealaíontóir agus an léitheoir.

Mar a tharlaíonn , níl an leabhairín sin faoi na roicéid i mo sheilbh agam fós, ach feicim ón idirlíon gur foilsíodh é sa bhliain 1967 ag Ladybird, agus m’anam, nach bhfuil roinnt cóipeanna le fáil fós ar ebay.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.