AR NA SAOLTA SEO
Bagairtna Cóiré Thuaidh
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.

Íomhá
Habeas Corpus san Iaráic
Íomhá
Habeas Corpus san Iaráic
Íomhá
eile i nGaza

The whole aim of practical politics is to keep the populace alarmed (and hence clamorous to be led to safety) by menacing it with an endless series of hobgoblins, all of them imaginary.”

mbeadh H.L. Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa inniu, is cinnte go mbainfeadh an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil ashobgoblinsar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach. Ach ar fhaitíos go gceapfadh éinne gur Arabaigh agus Ioslamaigh amháin a d’fhéadfadh a bheith inambagairtdo na Stáit Aontaithe, is maith an rud é go bhfuil leithéidí Kim Jong-Il, “Doctúir an Oilcé féin, ann. fhéadfadh aon bhaint a bheith agbagairtna Cóiré Thuaidh le hIosrael, an bhféadfadh?

Ar an 29 Eanair, 2002, thagair George W. Bush doAis an Oilcdon chéad uair. Luaigh an Iaráic, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh mar stáit a bhí ag tacú le sceimhlitheoireacht agus a bhí ag lorg airm ollscriosúla. Ach tháinig amach ina dhiaidh sin gurb é an duine a chum an téarma seafóideach gríosaitheach sin David Frum, scríbhneoir aithisc Bush.

Giúdach Ceanadach is ea Frum a chreideann gur le hIosrael an Bruach Thiar. Mhaígh Frum ina leabhar The Right Man: The Surprise Presidency of George W. Bush gur bhain feidhm as an bhfocalaismar cheap go raibh go leor cosúlachtaí idir Cumhachtaí na hAise -- an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin -- sa Dara Cogadh Domhanda agussceimhlitheoirían lae inniu, an Iaráin agus Hezbollah ina measc. Is cosúil gurb ionannsceimhlitheoiragus namhaid Iosrael in aigne Frum, agus is cosúil go bhfuil ag iarraidh namhaid Iosrael a chur i gcomórtas leis na Naitsithe.

Lean Frum leis an tagairt do na Naitsithe i leabhar a scríobh le Richard Perle i 2003 leis an teideal áiféiseach, An End to Evil: How to Win the War on Terror. “There is no middle way for Americans: It is victory or holocaust,” a deir an bheirt a bhfuil baint mhór acu leis an eite dheis Iosraelach. Dar leis an mbeirt nuachoimeádach, caithfidh SAM an tSiria, an Libia, an Iaráin agus tíortha eile nach iad sa Mheánoirthear a ionsaí, agus é a dhéanamh gan mhoill, beidh an le Osama bin Laden agus leis na sceimhlitheoirí Ioslamacha. Muna mbeadh an Chóiré Thuaidh luaite acu, bheadh an-deacair a shéanadh gur ar mhaithe le hIosrael atá Meiriceánaigh ag troidan cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.”

Tabhair an chluais bhodhar do chomhairle amadáin

Maidir leis an gCóiré Thuaidh, molann Frum agus Perle go dtabharfaidh SAM foláireamh deiridh dóibh. Muna mbíonn siad sásta deireadh a chur lena n-ionaid eithneacha agus diúracán, ba chóir do SAM iad a ionsaí. Ach tuigeann éinne a bhfuil cur amach aige ar an gCóiré Thuaidh nach ngéillfidh an rialtas sin do bhagairtí go deo. ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.

D’fhógair Bush Straitéis Náisiúnta um Shlándáil SAM i Meán Fomhair, 2002. Thug Charles Krauthammer, colúnaí nuachoimeádach, “dúnghaois Bushar an bpolasaí maidir le réamhionsaí a dhéanamh ar aon tír a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt do SAM ag an am amach anseo. Ach dar le Philip Shenon, iriseoir leis an New York Times, ba é Philip Zelikow, nuachoimeádach eile i rialtas Bush a bheadh i gceannas ar an gCoimisiún 9/11 níos déanaí, a scríobh an dúnghaois as ar tháinig an t-ionsaí mídhleathach ar an Iaráic.

Mar thoradh ar an gcur chuige coimhlinteach a thóg Washington le Pyongyang, go háirithe i ndiaidh ionsaí SAM ar an Iaráic i 2003, níorbh aon ionadh é gur thug na Cóiréigh faoi bhuama eithneach a fhorbairt arís. Scríobh Bruce Cumings, saineolaí ar an gCóiré Thuaidh, i 2004 n-éireodh leis an gCóiré Thuaidh an buama a fháil go bhféachfaí air marbuama Bush.” Ach b’fhéidir gur cruinnebuama na nuachoimeádacha thabhairt air.

Seachain an fear díolacháin

In agallamh ar theilifís Astrálach i Lúnasa, 2001, roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush marais an oilcbliain ina dhiaidh sin. Mar gheall ar an mbagairt seo, ba chóir do SAM córas cosanta ar dhiúracán a fhorbairt, dar le Perle, a bhfuil baint mhór aige leis an tionscal míleata i SAM agus san Iosrael.

Agus nuair a scaoil an Chóiré Thuaidh cúpla diúracán i Iúil, 2006, d’inis Bush d’iriseoirí, “the fact that a nontransparent society would be willing to tee up a rocket and fire it without identifying where it’s going or what was on it means we need a ballistic missile system.” Is cinnte gur thaitin focail Bush (ach móide gur chum féin iad) go mór le Perle agus a chairde sa tionscalcosanta’, mar a thugtar air. Thuig iriseoir amháin an leas a rinne Kim Jong-Il do leithéidí Boeing, Lockheed Martin, Raytheon agus Northrup Grumman leis an ngníomh gríosaitheach sin. Dar le Pierre Tristam: “North Korea can be a running advocacy campaign for Bush’s version of Star Warshismissile defense’ initiative currently devouring $10 billion a year.”

Is mór an leas a bhaineann Iosrael as géarchéim mar seo chomh maith. In Aibreán na bliana seo sheol an Chóiré Thuaidh diúracán in airde spéire a d’fhéadfadh Hawaii a shroicheadh. go leith ina dhiaidh sin, d’fhógair Pyongyang gur thástáil siad buama eithneach. Agus Tel Aviv ag iarraidh ar Washington brú a chur ar an Iaráin deireadh a chur lena clár eithneach, rinne na hIosraeligh agus a lucht tacaíochta i Meiriceá comhcheangal idirbagairtna Cóiré Thuaidh ar SAM agusbagairtna hIaráine ar Iosrael.

Sa saol dáiríre, áfach, is iad SAM -- leis na mílte diúracáin núicleacha atá aici -- agus Iosrael -- leis na céadta atá aici -- atá ag bagairt ar mhuintir na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine. Ach mar sin féin, is iomaí duine a chreideann inhobgoblins,” faraor.

Féach ar http://anfhirinneshearbh.wordpress.com/ le haghaidh nasc do na foinsí a úsáidtear san alt seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.