THALL IS ABHUS
Na Uígir, Muintir na Turcastáine Thoir
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Chaith Alan Desmond seal ag meá cheist mhuintir mhear na machairí in oirthear domhain, an dream daoine a dtugtar na Uígir orthu. Dream ar leith iad atá ag éileamh neamhspleáchais arís don Turcastáine Thoir.

Íomhá
Rabiya Kadeer (le Uyghur Congress.org)
Íomhá
Muintir na Ruaidhe ón 6-7ú aois i gceantar na bhUígireach (Vicipéid)
Íomhá
An Kökbayraq, Bratach na bhUígireach(Erkin2008 a tharraing)
Íomhá
Girseach Uígireach (Fact Needed a tharraing)

Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil. Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart. Bhí éigniú mná curtha i leith na beirte sin is bhí taifeadadh den bhás barbartha a imríodh orthu le feiceáil ar an idirlíon.

Ní fios fós, áfach, cén fáth go díreach ar phléasc foréigean as an agóid ar Chearnóg na nDaoine. rud ba chionsiocair leis, chuaigh na hagóideoirí Uígireacha le báiní. D’ionsaigh siad daoine Han, chuir siad busanna trí thine is scrios siad siopaí. Dhá lá ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Han ar thóir Uígireach chun díoltas a bhaint amach agus iad armtha le scoiltirí agus le maidí. Ba é toradh an fhoréigin seo go léir, de réir an eolais a d’eisigh údaráis na Síne, ná gur maraíodh 184 agus gortaíodh breis is 1500. Ar na mairbh tá 46 Uigireach agus tá 137 de bhunadh Han. Is iad muintir Han an bunadh eitneach is mó sa tSín ar 92% de dhaonra na tíre san iomlán.

Dar le dreamanna Uígireacha, gortaíodh an-chuid Uígireach go dona le linn na troda, ach tá sé seo séanta ag an tSín. Níorbh é seo an chéad uair a chonacthas foréigean eitneach sa réigiún seo ar ndóigh.

Xinjiang

Is in iarthar na Síne atá Réigiún Uathrialaitheach Xinjiang Uígireach, mar a thugtar air go hoifigiúil, agus is ionann an réigiún agus breis is 15% de thalamh na Síne. 20 milliún líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ann agus iad roinnte i 13 mórghrúpa eitneach.

Tá na Uígir ar na ngrúpa eitneach is mó i Xinjiang, mar a thuigfí ó ainm oifigiúil an réigiúin, agus tuairim is 9 milliún díobh ann. Is mionlach iad sa phríomhchathair Urumqi, áfach, áit a bhfuil na Han in uachtar. Is cainteoirí Tuirciceacha iad na Uígir, rud a chiallaíonn go labhraíonn siad teanga atá cosúil leis an Tuircis. (Féach http://en.wikipedia.org/wiki/Turkic_languages) Moslamaigh iad a bhformhór mór a bhfuil naisc chultúir acu leis an Áis Láir agus tá roinnt díobh den tuairim gur cos ar bolg é a d’fhág ina cuid den tSín é Xinjiang. Bhíodh seanteangacha a raibh cuma an iarthair orthu – an fhuaim ‘k’ in áit ‘s’ ar ‘cent’ agus ‘celt’, abair – i dtreis i bhfad fadó san áit sular tháinig an Tuircis ina neart ann.

neamhspleáchas á iarraidh ag na Uígir le fada an lá. Géaraíodh ar an iarratas sin sna nóchaidí nuair a cuireadh eagraíochtaí scarúna cosúil le Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir ar bun. Ba sa Tuirc a tháinig an Ghluaiseacht sin chun an tsaoil agus ba sa Ghearmáin a bunaíodh Comhdháil Uígireach an Domhain i 2004. (Féach http://www.uyghurcongress.org/En/home.asp) Ba é an freagra a thug údaráis na Síne air seo go léir ná inimirce na Han go Xinjiang a spreagadh is a thacú. Chomh maith leis sin, rinneadh naisc geilleagair idir Xinjiang is an chuid eile den tSín a threisiú. Rinne Béising iarracht, leis, féachaint chuige nach bhfaighfeadh na Uígir cabhair ó dhaoine sna tíortha atá teorantach le Xinjiang is a bhfuil naisc eitneacha is teanga acu leis na Uígir. Tá Xinjiang ar an teorainn leis an Mongóil, an Rúis, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Phacastáin agus tíortha nach iad. Ach ní hamháin gur réigiún tábhachtach é Xinjiang ó thaobh cúrsaí geopholaitíochta de, tá cúltacaí raidhsiúla ola ann chomh maith agus is é an áit is mó sa tSín a chuireann gás aiceanta ar fáil. Is sothuigthe mar sin go mba leasc leis an tSín neamhspleáchas a thabhairt go fánachgo fadálach don réigiún.

An Coilíniú agus an Teannas Eitneach

Ach tá taithí ag na Uígir ar an neamhspleáchas cheana. Ó thitim ríshliocht Qing i 1912, bhí dhá bhabhta ghairide neamhspleáchais acu. D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair. Fógraíodh Dara Poblacht na Turcastáine Thoir faoi choimirce an Aontais Sóivéadaigh i 1944, ach i 1949 rinne Páirtí Cumannach na Síne réigiún Síneach de arís. Ó 1955 i leith tagraítear do Xinjiang mar réigiún “uathrialaitheach,” díreach mar a thagraítear don Tibéid.

Ní dhéanfar iontas de mar sin go mbraitheann roinnt Uígireach go bhfuil a n-áit dúchais coilínithe ag an tSín. Ba tuairim is 5% de dhaonra Xinjiang iad na Han sna 1940aidí. Is ionann agus 40% de dhaonra na háite faoin am seo iad.

Ní hionadh mar sin go bhfuil na Uígir agus Han in iomaíocht lena chéile i gcúrsaí fostaíochta. Ach anuas air sin, tá brú curtha ar acmhainní aiceanta, an talamh agus an t-uisce, cur i gcás, ag an méadú de dheasca inimirce an phobail Han. Dar le tuairiscí áirithe, bíonn sé níos deacra teacht anois ar uisce glan agus talamh shaibhir ná mar a bhíodh.

Ba leor é sin mar chionsiocair le teannas eitneach. Ach tá cúiseanna eile. Bíonn na Han níos gustalaí ar an meán ná na Uígir. Is fearr na deiseanna oibre atá acu chomh maith, de réir dealraimh. I 2006, cuir i gcás, chuaigh 800 as 840 post sa státseirbhís chuig na Han.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil brú faoi chois an chreidimh i gceist, leis. Tá rabhadh tugtha do mhic léinn is do státseirbhísigh gan an Ramadan a choimeád. Tá cosc ar oideachas creidimh a thabhairt do pháistí sna scoileanna. Tá toirmeasc ar thurais phríobháideacha go Mecca ó 2001 i leith. Caithfear an oilithreacht a dhéanamh mar chuid de thuras eagraithe amháin. Rinne rialtas áitiúil amháin iarracht cosc a chur ar chaitheamh cheannbhirt agus tá, mar mhacalla de stair na hÉireann, cosc ar chroiméal sa státseirbhís. Ina fhianaise sin go léir, ba dheacair gan glacadh leis go bhfuil ábhar casaoide ag na Uígir.

Leithscéal an Chreidimh

Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.

Ó tharla na hionsaithe ar na Stáit Aontaithe i Meán Fómhair 2001, tá Béising ag maíomh go bhfuil comhoibriú idir scarúnaithe Uígireacha agus Al Qaeda. Tá oiliúint faighte ag Uígir, dar leis an tSín, ó Al Qaeda san Afganastáin agus cé go bhfuil curtha in iúl ag eagraíochta cearta daonna gur beag seans go bhfuil a leithéid fíor, dealraíonn sé gur ghlac na Stáit leis an líomhain mar fhírinne. Carcraíodh breis is scór Uígireach i mBá Guantanamo ach níor cúisíodh iad in aon chion riamh agus tá roinnt díobh le hathlonnú in áiteanna timpeall an domhain.

Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.

Gríosóirí Iúil, Rebiya Kadeer?

D’fhéadfaí a thuar, mar sin, go maífeadh an tSín gurbh iad na scarúnaithe-sceimhlitheoirí a bhí ciontach leis na círéibeacha ag tús Iúil. Cuireadh an milleán ar Chomhdháil Uígireach an Domhain, go háirithe ar Rebiya Kadeer, uachtarán na Comhdhála. Ba bhean ghnó í Kadeer in Urumqi a bhí ar na daoine ba shaibhre sa tSín go dtí gur cuireadh i bpríosún í i 2000 mar gheall ar a gníomhaíocht ar son mhuintir Uígir. Chuaigh sí go dtí na Stáit Aontaithe i ndiaidh di teacht amach as an gcarchair agus tá sí ar deoraíocht ó shin.

Má tá an Dalai Lama ag na Tibéadaigh, tá Rebiya Kadeer ag na Uígir. Cé nach bhfuil Kadeer leath chomh mór i mbéal an phobail is a bhíonn an Dalai Lama, luaitear í mar ábhar buaiteora Nobel agus is léir go bhfeictear don tSín go bhfuil go leor tionchair is cumhachta aici círéibeacha a thógáil i Xinjiang agus í i Washington Mheiriceá. Is é is dóichí ná a mhalairt nach bhfuil sna líomhaintí sin ach iarracht chun a clú a cháibleáil os comhair an domhain mhóir. Pé teoiric atá ceart, is cinnte gur cúis imní ag na Sínigh í Kadeer.

Séanann Kadeer go raibh aon bhaint aici leis an bhforéigean a phléasc amach in Urumqi ag tús Iúil. Deir sí gur ar son na hagóide síochánta atá sí. Agus í sna Stáit anois tá saoirse aici ach, mar is léir ó dhearcadh is ó ghníomhartha na Síne i leith na Tibéide, gur fada go dtiocfaidh saoirse iomlán chuig Uígir Xinjiang.


Aguisín:

Ceaptar gur ‘mear’+’fhir’ is ciall don ainm seo ‘Uígir’ sa teanga acu féin. Sinne, caithfimid leagan Gaeilge a cheapadh do na Uígir [n? wi:??r] go fóill. Mar chonsan a caitheadh leis an ‘U-’san alt seo: na Uígir, agus ‘creideamh na bhUígireach’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.